Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Déirc an Díomhaointis (ar athláimh)

Pádhraic Óg Ó Conaire. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1972. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach, riocht maith. Beagáinín deannaigh ar an bhforchlúdach agus roinnt smál beaga. Bloc téacs an-ghlan.

Leabhar Leictreachais do Bhuachaillí (ar athláimh)

Pádraig Ó Moghráin. Oifig an tSoláthair, 1944. Sínithe ag an údar don iar-úinéir. Clúdach crua, gan forchlúdach, riocht maith. Marcanna/smál ar an chlúdach agus an dath ídithe ar an droim agus an imeall. Spotaí ar an taobh agus dorchú ar na leathanaigh.

Ó Fhás Go hAois (ar athláimh)

Críostóir Ó Floinn. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1969. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach, riocht maith. Beagáinín deannaigh agus cúpla smál ar an bhforchlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Scríobh 2 (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Seán Ó Mórdha. An Clóchomhar Tta, 1975. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach agus dath ídithe ar an imeall. Spotaí ar an taobh.

Ireland and the First World War [bog, 1986] (ar athláimh)

Trinity History Workshop, 1986. Riocht an-mhaith.

Scáthán Véarsaí (ar athláimh)

Seán Ó Ríordáin, Sáirséal agus Dill. An Chéad Chló 1980. Clúdach crua le smáil gan fhorchlúdach. Riocht maith. Bloc téacs glan.

Sean-Eoin (le forchlúdach) (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis. Máirín Ní Chriagáin a scríobh, Tomás Ó Faoláin a d’aistrigh. Oifig an tSoláthair 1938, eagrán nua 1974. Jack B. Yeats a rinne na pictiúir. Cóip iar-leabharlainne, rian de leathanach leabharlainne a baineadh amach chun tosaigh, stampaí leabharlainne air.

Listen and Learn the Welsh Language – For Use with Special Gramophone Records (ar athláimh)

Leabhar. Níl na vínil leis. An dara eagrán. Clúdach bog, dath an chlúdaigh ídithe. Nótaí scríofa isteach le peann gorm agus dubh in áiteanna (chun tosaigh, den chuid is mó).

The Irish Question Book 2/6 (ar athláimh)

The Earlsfort Press Ltd. Clúdach bog, riocht maith go leor. Dath an chlúdaigh idithe, cúpla smál air. Píosa scríbhneoireachta ar leathanach amháin i bpeann luaidhe. Cluaisín cait ar leathanach chomh maith. Na leathanaigh dorcha ach glan seachas sin.

Faill ar an bhFeart (ar athláimh)

Dráma trí ghníomh. Séamus Ó Néill. Sáirséal agus Dill, An Chéad Chló 1967. Clúdach crua, i riocht an-mhaith. Forchlúdach plaisteach air. Na leathanaigh an-ghlan.

Views of Dublin – Dublin Delineated (ar athláimh)

Réamhrá ag Maurice Craig. S.R Publishers, 1971. Clúdach crua le forchlúdach i riocht maith. Ruachan bheag laistigh den bhforchlúdach agus ar an leathanach ceangal. Na pictiúir agus an bloc téacs a bhaineann leo an-ghlan gan ruachan ar bith. Ruachan ar imeall na leathanach. Gearrthóga laistigh le pictiúir d’EIreann. Síniú an iar-úinéara laistigh.

Oghma 6 (ar athláimh)

Foilseacháin Oghma, 1994. Eagarthóirí: Seosamh Ó Murchú, Micheál Ó Cearúil, Antain Mag Shamhráin. Clúdach bog, riocht an-mhaith

Ceithre dhráma do Leanaí [bog, 1979] (ar athláimh)

Seán A. Ó Briain, Pádraig Ó Siochrú. Léaráidí le Kathy Moore. Leabhar bog

Leo – Saol agus Saothar an Fhile (ar athláimh)

Riocht an-mhaith, níl forchlúdach leis.

The Quiet Revolution (ar athláimh)

The Electrification of Rural Ireland. Michael Shiel. The O’Brien Press, 1984. Clúdach crua, le forchlúdach. Riocht maith, roic ar an droim agus smál ar chúl. Spotaí ar an taobh.

Cuimhní Cinn (ar athláimh)

Liam Ó Briain. Clúdach crua, forchlúdach leis. An chéad chló, 1951. Ainm an iar-úinéara ar an leathanach ceangail. Forchlúdach caite ar an imeall.

Turas Éireann (ar athláimh)

Lorcán Ó Treasaigh. An Clóchomhar Tta., 1997. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Sínithe ag an údar. Roc agus marc ar an chlúdach.

Foundations in English (ar athláimh)

DJ Murphy. Mercier Educational. Clúdach bog, riocht maith. Dath an droma ídithe, dath an chlúdaigh ídithe beagáinín chomh maith. Cúpla marc an-bheag air. Bloc téacs an-ghlan.

Aimsir Óg 3 – Cúrsaí Reatha (ar athláimh)

Eagarthóir: Micheál Ó Cearúil. Coiscéim, 2002. Clúdach bog, riocht an-mhaith

School Climate Improvement – A Challenge to the School Administrator (ar athláimh)

Phi Delta Kappa. CFK Ltd. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Clúdach lúbtha, deannach agus smál air. Dath ídithe ar an imeall chomh maith. Ainm an iar-úinéara taobh istigh. Bloc téacs an-ghlan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil