Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Comhad Comhairleora (ar athláimh)

Foras Feasa ar Theagasc na h-Eaglaise (ar athláimh)

An t-Athair Pádraig Mac Giolla Cheara do scríobh. Foillsigheadh de’n chéad uair, 1937. Dorchú ar na leathanaigh. Clúdach crua gan fhorchlúdach, i riocht maith. Ruachan ar na leathanaigh. Síniú an iar-úinéara laistigh.

An tAithríoch Ríoga (ar athláimh)

Don Antonio, Príoir Chrato a chum. Pádraig Ó Súilleabháin, OFM a chuir in eagar. Cill Iníon Léinín, Fáisceán na gCeithre Máistrí, 1952. Clúdach bog, i riocht cuibheasach maith. Dorchú agus smál dí ar an gclúdach, agus é rocach ar an imeall. Stróíceanna bheaga ar an droim. Dorchú ar na leathanaigh laistigh, cuid dóibh rocach ar…

The Field Day Anthology of Irish Writing – Volume I–III (ar athláimh)

The Field Day Anthology of Irish Writing – Volume I–III Volume I – Curtha in eagar ag Seamus Deane. Field Day Publications, 1991. Clúdach crua, riocht an-mhaith. Cúpla marc ar an chlúdach. Smál ar an droim áit ina raibh greamán. Dath beagáinín ídithe ar an taobh. An-ghlan taobh istigh. Volume II – Curtha in eagar…

Foundations in English (ar athláimh)

DJ Murphy. Mercier Educational. Clúdach bog, riocht maith. Dath an droma ídithe, dath an chlúdaigh ídithe beagáinín chomh maith. Cúpla marc an-bheag air. Bloc téacs an-ghlan.

Saoirse gan Só (ar athláimh)

Seán De Fréine, Foilseacháin Náisiúnta Teoranta. An Chéad Chló, 1960. Clúdach crua le smáil. Riocht maith go leor. Bloc téacs glan.

Daidí na Nodlag – Dráma do Pháistí (ar athláimh)

Tomás Luibhéid, Brún agus Ó Nualláin Teoranta. Leabhrán beag bídeach, smál ar an gclúdach. Meirg ar an stápla. Stampaí taobh istigh.

Codladh an Ghaiscígh (ar athláimh)

Máire mhac an tSaoi. Sáirséal agus Dill 1973, an chéad chló. Clúdach crua, forchlúdach plaisteach leis. Riocht an-mhaith. Smál beag ar an imeall, ar an bhforchlúdach plaisteach.

Lios an Óir – dráma dhá mhír do pháistí (ar athláimh)

Leabhrán bídeach tanaí 11.5 x 8.5cm. Ruachan ar an imeall, meirg ar na stáplaí. Clúdaithe le páipéar donn.

In Praise of Poteen (ar athláimh)

John McGuffin. Appletree Press, 1978. Clúdach bog, riocht maith. Roinnt smáil beaga ar an chlúdach, deannach ar an taobh. Bloc téacs glan.

Emmet (ar athláimh)

Leon Ó Broin. Sáirséal agus Dill, An Chéad Chló 1954. Clúdach bog le forchlúdach, i riocht cuibheasach maith. Droim stróicthe ar an bhforchlúdach. Dorchú ar na leathanaigh. Síniú an iar-úinéara laistigh.

The Irish Review – November 1913 (ar athláimh)

A Monthly Magazine of Irish Literature, Art & Science. The Irish Review Publishing Company. Clúdach bog, riocht caite. Clúdach éalaithe, bloc téacs scaoilte. Dorchú agus smáil ar an chlúdach, caite ar an imeall. Smáil agus dorchú ar na leathanaigh.

Translittérature – Hiver 2013 (ar athláimh)

Côte à côte: Les métamorphoses de Kafka. Ils traduisent, ils écrivent: Entretien avec Diane Meur. Geimhreadh 2013, Uimh. 44. Leabhrán bog, riocht an-mhaith.

Uaigneas an Ghleanna / Chun na Farraige Síos (ar athláimh)

J.M. Synge. Aistrithe ag Tomás Ó Flaithearta. Sáirséal Ó Marcaigh, 1985. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla marc agus smál ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Quiz Time (ar athláimh)

Peter Murphy, Kincora Books. 1977. Clúdach bog le smáil. Dath an droma ídithe. Riocht maith. Bloc téacs glan.

Cuimhne an tSeanpháiste (ar athláimh)

Micheál Breathnach. Oifig an tSoláthair, 1966. Clúdach crua, le forchlúdach. Forchlúdach caite ar an imeall agus smál air. Spotaí ar an taobh. Riocht maith.

Imtheachta an Oireachtais 1900 – Leabhar II – Trí Sgéalta do fuair an chéad duais (ar athláimh)

Leabhrán, foilsithe i 1907. Meirg ar na stáplaí. An cúigiú cló, an Craoibhín Aoibhinn do chuir i n-eagar. Smál ar na leathanaigh.

Irish Agricultural Production: The Historical Background (ar athláimh)

Raymond D. Crotty. University of Chicago, 1975. Leabhrán bog, riocht maith. Dath ídithe ar an chlúdach. Meirg ar na stáplaí.

An Fhiannuidheacht (ar athláimh)

Clúdach crua dearg, dath an chlúdaigh ídithe agus é stróicthe ar an droim. Smál ar an gclúdach. Stampaí iar-leabharlainne air. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais. Nótaí ar chuid de na leathanaigh

Eireaball Spideoige [1979] (ar athláimh)

Seán Ó Ríordáin. Sáirséal agus Dill, 1979. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Smál ar an bhforchlúdach. Na leathanaigh an-ghlan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil