Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Báthadh an Ghrosvenor (ar athláimh)

Seosamh Mac Grianna a d’aistrigh. Oifig an tSoláthair, An Chéad Chló, 1955. Clúdach crua gan fhorchlúdach, i riocht maith. Rocach ar an droim. Dorchú agus ruachan ar na leathanaigh. Sa tSeanchló.

Dieci Secoli di Pittura Italiana – Il Secolo XIV (ar athláimh)

Testo di A.M. Francini Ciarnfi. Edizioni d’Arte Amilcare Pizzi, Milano, 1953. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach, riocht maith. Roic agus smál ar an bhforchlúdach, atá stróicthe beagáinín ar an droim. Cúinní caite agus spotaí ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Dúmhál (ar athláimh)

Eoghan Ó Grádaigh. Sairséal agus Dill, an chéad chló 1968. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Riocht maith go leor. Smál, deannach, agus greamán ar an bhforchlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Cuaicín Draoidheachta (ar athláimh)

Tomás Ó Rathaille. Clúdach bog. 1928. Dánta nua i gcóir scoileanna agus coláistí. Clúdach caite, stróicthe beagáinín.

Codladh an Ghaiscígh (ar athláimh)

Máire Mhac an tSaoi. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1973. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach, riocht an-mhaith. Beagáinín deannaigh ar an bhforchlúdach.

Crathadh an Phocáin (ar athláimh)

Seaghán Mhac Meanman. Oifig an tSoláthair. An Chéad Chló, 1955. Clúdach crua gan forchlúdach, riocht an-mhaith. Cúpla smál an-bheag ar an chlúdach. Dorchú ar na leathanaigh.

Aimsir Óg 3 – Cúrsaí Reatha (ar athláimh)

Eagarthóir: Micheál Ó Cearúil. Coiscéim, 2002. Clúdach bog, riocht an-mhaith

Dál gCais (ar athláimh)

Clare: its people and culture. Clúdach bog, riocht cuibheasach. Dorchú agus smál ar an chlúdach, caite ar na himill. Droim stróicthe beagáinín. Píosa téip ar chúl nach gá a bheith ann. Roc ar chúl. Píosa scríbhneoireachta ar chúl agus ar an leathanach teidil chomh maith. ach bloc téacs an-ghlan.

The Celts (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Joseph Raftery. Thomas Davis Lecture Series. Mercier Press, 1985. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla smál ar an chlúdach, agus deannach air. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

Parnell – the Politics of Power (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Donal McCartney. Wolfhound Press, 1991. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Sionnach ar mo Dhuán (ar athláimh)

Breandán Ó hEithir. Sáirséal-Ó Marcaigh Tta., An Chéad Chló 1988. Clúdach crua le forchlúdach, i riocht an-mhaith.

Sgéalta Mhuintir Luinigh (ar athláimh)

Éamonn Ó Tuathail. Irish Folklore Institute, 1933. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht cuibheasach. Smál ar an chlúdach, atá caite ar an imeall. Droim leochaileach, ag éalú. Na leathanaigh gearrtha go garbh agus smál ar an taobh. Ruachan ar roinnt leathanaigh ach iad ar fad inléite.

Buaidh na Treise – Cogadh Gaedhael re Gallaibh (ar athláimh)

Clúdach crua, smál leis chun tosaigh agus smál níos mó ar cúl. Na leathanaigh i riocht maith. 1933 nó timpeall air.

Seal ag Ródaíocht (ar athláimh)

Proinsias Mac Maghnuis. Sáirséal agus Dill, 1972. Clúdach leath-chrua, riocht maith. Cúpla smál beag ar an chlúdach. Roic ar an droim. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Cinneamhna Dé agus Sgéalta Eile (ar athláimh)

Seán Ó Ciarghusa. Oifig an tSoláthair 1953 Clúdach crua, gan fhorchlúdach. Cúpla marc beag ar an gclúdach. Bloc téacs an-glan.

Caesar de Bello Gallico IV (ar athláimh)

An tAth. Pádraic Ó Laoi. Sáirséal agus Dill, 1963. Clúdach crua gan fhorchlúdach. Dath an droma ídithe. Na leathanaigh an-ghlan.

Cisteog (ar athláimh)

Liam Ó Donnabháin. Comhlucht Oideachais na hÉireann. Clúdach bog. Clúdach lúbtha agus smál air. Dorchú ar an imeall. Bloc téacs an-ghlan.

Ár Ré Dhearóil (ar athláimh)

Dánta le Máirtín Ó Direáin. An Clóchomhar Tta, 1962. An Chéad Cló. Clúdach crua gan forchlúdach, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe áit ina raibh leabhar eile ar barr. Cúpla smál beag air. Ainm an iar-úinéara taobh istigh.

Mapping Ireland – from Kingdoms to Counties (ar athláimh)

Seán Connors. Mercier Press, 2001. Clúdach bog, riocht maith. Cúinní fíorbheagáinín lúbtha, smál beag ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

The Damnable Question (ar athláimh)

A study in Anglo-Irish relations. George Dangerfield. Constable London, 1977. Clúdach crua, le forchlúdach. Riocht maith. Dath an fhorchlúdaigh agud dath an droma ídíthe. Spotaí ar barr. Smál beag ar an gcéad chúpla leathanach. 400 lch.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil