Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

An Grá agus An Ghruaim (ar athláimh)

Seosamh Mac Grianna. Curtha in eagar ag Niall Ó Dónaill. Longman Brún agus Ó Nualláin Tta. Clúdach bog, riocht maith. Greamán ar chúl, cúpla smál beag ar an chlúdach. Dath an droma ídithe beagáinín. Na leathanaigh an-ghlan.

Féar Suaithinseach (ar athláimh)

Nuala Ní Dhomhnaill. An Sagart a d’fhoilsigh. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Cliodhna Cussen a dhear an clúdach. Marc taobh istigh den chlúdach tosaigh, an chuma air gur baineadh greamán de.

Féile Zozimus – Volume 3 (ar athláimh)

Two Dubliners – Seán O’Casey, Donn S. Piatt. Gael-Linn 1994. Clúdach bog, riocht iontach.

Beyond Nationalism (ar athláimh)

The Struggle against Provinciality in the Modern World. Desmond Fennell. Ward River Press, 1985. Clúdach bog, riocht maith. Clúdach beagáinín dorcha agus smál air. Cúpla spota ar an taobh.

Sgéalta Aniar [glan] (ar athláimh)

Pádraic Ó Conaire, Comhlucht Oideachais na hÉireann. Gan dáta. Clúdach bog le dath an droma ídithe. Riocht maith go leor. Bloc téacs glan.

Seosamh Ó hÉanaí (ar athláimh)

Nár fhágha mé bás choíche. Liam Mac Con Iomaire. Cló Iar-Chonnachta 2007. Clúdach crua le forchlúdach, riocht an-mhaith. Deannach ar an bhforchlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

An Dá Thrá (ar athláimh)

Smál ar an bhforchlúdach, é lag. Dath níos fearr leis sa bhfíorshaol – níl sé iomlán chomh ídithe ag an solas is a thaispeántar.

An Braon Broghach (ar athláimh)

Máirtín Ó Cadhain, Oifig an tSoláthair, gan dáta. Clúdach crua le smáil. Riocht maith. Scríbhneoireacht ar chúl an leabhar. Bloc téacs glan.

Feardorcha Truaillidhe (ar athláimh)

Fardorougha the Miser. William Carleton. Aistrithe ag Seán Mac Maoláin. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais, 1933. Clúdach crua, le forchlúdach,. Riocht cuibheasach maith. An forchlúdach caite ar an imeall agus smál air. Stróicthe ar chúl. Dorchú agus spotaí ar an taobh. Na leathanaigh glan.

Ó Kingstown go Dún Laoghaire (ar athláimh)

Dónal Ó Súilleabháin. Clúdach crua, forchlúdach leis. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta 1976. Riocht an-mhaith.

The Christian Brothers’ History of the Institute Volume One (ar athláimh)

Bray Printing Co. Ltd. Clúdach bog, riocht cuibheasach caite. Droim leochaileach agus stróicthe, fuáil le feiceáil air. Dath an droma ídithe. Clúdach rocach. Na leathanaigh an-ghlan. Teideal an leabhair scríofa ar an droim.

Man Alive – A Comedy in Three Acts [1962] (ar athláimh)

Leabhar crua, forchlúdach leis – beagáinín caite ar an imeall. Spotaí ar bharr. Clúdach crua dearg i riocht an-mhaith. Foilsithe ag Allen Figgis 1962.

Tusa a Mhaicín (ar athláimh)

Clúdach crua. Fionn Mac Cumhaill. Comhlucht Oideachais na hÉireann. Riocht an-mhaith, marcanna déanta le peann luaidhe ar chuid de na leathanaigh.

Disillusioned Decades – Ireland 1966-87 (ar athláimh)

Tim Pat Coogan. Gill & Macmillan, 1987. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Dath ídithe ar an droim agus smál ar chúl. Dorchú ar na leathanaigh.

Eolaí Pictiúrtha do Fhondúireachtaí na bhFroinsiasach Éireannach den Chéad Ord / A Pictorial Guide to the Irish Franciscan First Order Foundations (ar athláimh)

Frederic Mac Donncha, O. F. M. a thiomsaigh. Foilsithei gCill Iníon Léinín, Baile Átha Cliath. Clúdach bog, riocht maith. Roic ar an chlúdach agus smál ar chúl. Cluaisíní beaga cait air. 159 lth.

Maamtrasna – The Murders And The Mystery (ar athláimh)

Jarlath Waldron. Edmund Burke Publisher, 1992. Clúdach crua, le forchlúdach. Riocht an-mhaith.

Ó Mórna agus Dánta Eile (ar athláimh)

Máirtín Ó Direáin. Cló Mórainn, 1957. Clúdach bog, riocht maith. Na himill beagáinín caite agus smál ar an chlúdach. Na leathanaigh i riocht an-mhaith.

Dos Amhrán do na Bunranganna (ar athláimh)

le ‘Criomhthann.” Comhlucht Oideachais na hÉireann, 1966. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Dath ídithe agus dorchú in áiteanna ar an chlúdach. Ainm an iar-úinéara scríofa ar an chlúdach chomh maith. Cúpla marc ar na leathanaigh ach iad ar fad inléite.

Línte Liombó (ar athláimh)

Seán Ó Ríordáin. Sáirséal agus Dill. An Chéad Chló, 1971. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Riocht an-mhaith. Ainm an iar-úinéara scríofa ar an leathanach ceangal.

Aiséirí an Icearais (ar athláimh)

Anraí Mac an Ultaigh. Coiscéim, 2004. Clúdach bog, riocht iontach.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil