Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Henry Flood (ar athláimh)

Aiste eolais ar a shaol is a shaothar le Séamus Puirséil. Clóhanna Teoranta 1973. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Leabhrán.

Éigse an Cheoil (ar athláimh)

An Roinn OIdeachais, An Chéad Chló 1975. Clúdach bog, i riocht cuibheasach. Smál agus ruachan ar chuid desna leathanaigh. Meirg ar na stáplaí.

An Geall a Briseadh (ar athláimh)

Tomás Bairéad. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais, 1940. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht cuibheasach. Smál ar an chlúdach, atá caite ar an imeall agus ar bhun an droma. Smál dúigh ar chúl. Ainm na hiar-úinéaraí taobh isitgh, agus scríobhneoireacht ar roinnt leathanaigh. Ruachan ar roinnt leathanaigh chomh maith.

Féar Suaithinseach (ar athláimh)

Nuala Ní Dhomhnaill. An Sagart a d’fhoilsigh. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Cliodhna Cussen a dhear an clúdach. Marc taobh istigh den chlúdach tosaigh, an chuma air gur baineadh greamán de.

Gairdín an Anama – Leabhar Urnaithe an Phobail [bog, 1977] (ar athláimh)

Clúdach bog. Riocht an-mhaith. Ruachan ar an leathanach ceangail. Ainm an iar-úinéir scríofa le peann luaidhe. Pádraig Ó Fiannachta, An Sagart 1977. 145 lth De réir comhaontú leis an té a thug na leabhair seo dúinn, tá an praghas díolta ar an leabhar seo á choinneáil chomh híseal agus is féidir linn le costais próiseála…

Sweet’s Anglo-Saxon Primer (ar athláimh)

Norman Davis. Oxford University, 1953. 9ú eagrán. Leabhar crua le forchlúdach páipéir. Riocht maith. Forchlúdach caite, stróicthe ar an droim ar bun. Dáth ídithe agus dorchú ar na leathanaigh agus ar an bhforchlúdach. Ainm an iar-úinéara scríofa ar an leathanach ceangal. Greamán ar an bhforchlúdach tosaigh.

Malton’s Dublin 1799 (ar athláimh)

James Malton. Reproduced from the edition of 1799, with an introduction by The Knight of Glin. The Dolmen Press, 1980. Clúdach bog, riocht maith.Smál ar an chlúdach, dorchú ar an taobh. Ainm an iar-úinéara taobh istigh. Spotaí ar imill na leathanach.

Cumhacht na Cinneamhna (ar athláimh)

Tomás Bairéad. Clúdach crua le forchlúdach. Beagáinín caite ar imeall an fhorchlúdaigh agus ar imeall an chlúdaigh chrua. An tríomhadh heagar 1940. Oifig an tSoláthair. Spotaí ruachain ar dhornán leathanach, nótaí scríofa le peann luaidhe ar bheagán leathanach.

Géarchéim in Éirinn (ar athláimh)

Dick Walsh. Foillseacháin Náisiúnta Teoranta, 1970. Clúdach bog, riocht maith. Sínithe ag an údar. Imeall beagáinín caite, smál ar an chlúdach.

Sealgaireacht an Iarthair (ar athláimh)

W.H. Maxwell. Wild Sports of the West. Seán Ó Ruadháin a d’aistrigh go Gaeilge. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais. 1933. An Chéad Chló. Clúdach crua gan fhorchlúdach. Marcanna ar an gclúdach. Spotaí dúiche ar an gclúdach. Nótaí scríofa isteach le peann luaidhe den chuid is mó, peann gorm in áiteanna. An droim brúite.

Aistí Dána (ar athláimh)

Art Ó Maolfabhail. Clúach crua. Smál beag air. 1964. Preas Dhún Dealgan. An bloc téacs an-glan.

An Mhaighdean Ghlórmhar (ar athláimh)

An tAthair Conn Ó Mongáin. M. H. Mac Goill & a Mhac, Teor., 1936. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith go leor. Smál ar an chlúdach agus na cúinní brúite. Spotaí ar an taobh agus dorchú ar na leathanaigh. Bloc téacs an-ghlan.

Conarthaí ag Bunú na gComhphobal Eorpach 1987 (ar athláimh)

Clúdach crua. Spotaí péinte ar an gclúdach. Stampa an iar-úinéara leis. Riocht an-mhaith san iomlán, smál air in áiteanna.

An tAmhrán Éireannach (i gCuimhne Bobby Sands) (ar athláimh)

Guiseppe Conte. Leagan Gaeilge le Pádraig Ó Snodaigh. Coiscéim, 1991. Leabhrán bog, i riocht cuibheasach maith. Smál beag in áiteanna ar an gclúdach.

Aiséirí an Icearais (ar athláimh)

Anraí Mac an Ultaigh. Coiscéim, 2004. Clúdach bog, riocht iontach.

Bun an Dá Abhann (ar athláimh)

Seán Ó Ciarghusa. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais, 1933. Sínithe ag an údar don iar-úinéir. Clúdach crua, gan forchlúdach, riocht maith. Dath ídithe ar an chlúdach agus smál air, agus spotaí/dorchú ar an taobh.

Krauts (ar athláimh)

Máirtín Ó Muilleoir. Coiscéim, An Chéad Chló 1992. Clúdach bog, i riocht maith.

The Book of Dublinman Jokes (ar athláimh)

Y.M. Hughes. The Mercier Press, 1990. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Beagáinín deannaigh ar an chlúdach. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

Comhad Comhairleora (ar athláimh)

Ag Scaoileadh Sceoil (ar athláimh)

Seosamh Ó Duibhginn. An Clóchomhar Tta., 1962. Clúdach leathchrua, i riocht cuibheasach maith. Na cúinní brúite ar an gclúdach, smál ar an gclúdach cúil. Dorchú ar na leathanaigh. Síniú an iar-úinéara laistigh

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil