Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Féar Suaithinseach [1984] (ar athláimh)

Nuala Ní Dhomhnaill. An Sagart a d’fhoilsigh. Clúdach crua, forchlúdach leis, riocht maith. Cliodhna Cussen a dhear an clúdach.

Green Tears for Hecuba (ar athláimh)

P.J. Twohig. Gaelic Press Ltd., 1979. Clúdach bog, riocht maith go leor. Dath an chlúdaigh ídithe, smáil air. Smáil taobh istigh, bloc téacs an-ghlan.

Rógaire Easpaig (ar athláimh)

Odhrán Ó Duáin, O.F.M. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta, An Chéad Chló 1975. Clúdach crua le forchlúdach, i riocht maith. Forchlúdach beagáinín caite agus smál air. Síniú an iar-úinéara laistigh.

Comhad Comhairleora (ar athláimh)

Shell Guide to Reading the Irish Landscape (ar athláimh)

(Incorporating the Irish landscape). Frank Mitchell. Countryhouse. 1990. Clúdach bog. Riocht maith, Smál ar an chludach. Dorchú ar an clúdach. Bloc téacs an-glan.

Amaidí (ar athláimh)

Ciarán Ó Nualláin. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta, an chéad chló 1983. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith. Forchlúdach rocach, beagáinín caite ar na himill. Cúpla smál air. Bloc téacs an-ghlan.

Stones of Aran – Pilgrimage (ar athláimh)

Tim Robinson. Penguin Books, 1986. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Droim rocach, imeall beagáinín caite. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

Foclóir Bia agus Dí (ar athláimh)

An Irish Dictionary for the Food and Beverage Industry. Bord na Gaeilge, 1994. Riocht an-mhaith.

Dánta Meán-teastais 1964-1965 (ar athláimh)

Leabhar bog, meirg ar na stáplaí, clúdaithe le páipéar donn. Cluaisíní cait ar chuid de na leathanaigh.

Literature in Irish – Gnéithe dár nDúchas / Aspects of Ireland 8 (ar athláimh)

Clúdach bog, riocht maith, na leathanaigh an-glan. An clúdach beagáinín caite. Published by the Department of Foreign Affairs, 1980.

Sean-Eoin (le forchlúdach) (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis. Máirín Ní Chriagáin a scríobh, Tomás Ó Faoláin a d’aistrigh. Oifig an tSoláthair 1938, eagrán nua 1974. Jack B. Yeats a rinne na pictiúir. Cóip iar-leabharlainne, rian de leathanach leabharlainne a baineadh amach chun tosaigh, stampaí leabharlainne air.

An Cnota Glas [1941] (ar athláimh)

M.T. Pender. Aistrithe ag Pádraig Mac Seághain. Oifig an tSoláthair, an chéad chló 1941. Clúdach crua, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna, smáil air agus na himill beagáinín brúite. Spotaí ar an taobh. Ruachan ar na leathanaigh.

Cois Máighe na gCaor (ar athláimh)

Mainchín Seoighe. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta, An Chéad Chló, 1965. Clúdach crua le forchlúdach, i riocht cuibheasach maith. Forchlúdach caite ar na himill, smál air. Ruachan agus smál ar na leathanaigh ceangail. Dorchú ar na leathanaigh. Síniú an iar-úinéara laistigh.

Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach [1978] (ar athláimh)

Clúdach crua, riocht an-mhaith. Foilsithe ag Na Comhphobail Eorpacha.

An Stáca ar an gCarraigín (ar athláimh)

Conchubhar Ó Ruairc. Cló Uí Mheára, an chéad chló, 1962. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith go leor. Smál ar an chlúdach, agus an dath ídithe in áiteanna. Ruachan ar na leathanaigh cheangail agus an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Idir croí is anam (De toute son âme) (ar athláimh)

Pádraig Ua Buachalla a d’aistrigh. René Bazin. An chéad chló 1957. Oifig an tSoláthair. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith.

Mo Bhealach Féin (ar athláimh)

Seosamh Mac Grianna. Eagrán 1965. Hely Thom Tta., a rinne is a chlóbhuail. Clúdach crua gan fhorchlúdach. Riocht maith. Téacs ar an droim agus ar an gclúdach ídithe go maith. Na leathanaigh an-ghlan ar fad. Ruachan ar imill na leathanach agus dorchú orthu chomh maith. Nótaí scríofa taobh istigh den gclúdach i bpeann dearg.

The Wild Geese – The Irish Soldier in Exile (ar athláimh)

Maurice N. Hennessy. The Devin-Adair Company, 1973. Clúdach crua le forchlúdach, riocht an-mhaith. Cúpla smál ar an bhforchlúdach. Na leathanaigh an-ghlan.

Cosa Buidhe Árda – An Dara Cuid (ar athláimh)

Finghin na Leamhna a chuir in eagar. Brún agus Ó Nóláin, Teor., 1924. Leabhrán bog, riocht maith. Smáil ar an chlúdach, meirg ar na stáplaí. Bloc téacs an-ghlan.

Oileáin Árann – Stair na n-Oileán anuas go dtí 1922 (ar athláimh)

Antoine Powell, Wolfhound Press. Gan dáta. Clúdach crua le smáil ar an bhforchlúdach. Riocht an-mhaith. Bloc téacs an-ghlan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil