Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Cuimhní Cinn (ar athláimh)

Liam Ó Briain. Clúdach crua, forchlúdach leis. Forchlúdach caite ar an imeall. Ruachan ar na leathanaigh ceangail agus ar an imeall.

Biggles Flies to Work (ar athláimh)

Capt. W. E. Johns. Dean & Sons, 1963. Clúdach crua, i riocht cuibheasach caite. An clúdach féin lúbtha, agus smál air. Dorchú ar na leathanaigh. Dath an droma ídithe go mór.

Cicero Pro Lege Manilia (ar athláimh)

An tAth. Seán Mac Cárthaigh. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1958. Clúdach leath-chrua, riocht maith go leor. Dath an chlúdaigh ídithe, smál ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Máirtín Ó Cadhain: Kirkegårdsjord (ar athláimh)

Máirtín Ó Cadhain: Cré na Cille. Arna aistriú go hIoruais Bokmal ag Rekdal, J. E. Oslo: Gyldendal Norsk. Husets Forlag, 2000. Clúdach bog, i riocht an-mhaith.

Ó Gheamhar go Cruithneacht (ar athláimh)

An tSiúr Áine Ní Chumhaill. Beatha Mhaighréad Aighleart. Foilseacháin Ábhair Spioradálta, 1990. Clúdach bog, i riocht maith. Cúinní brúite, dorchú ar na leathanaigh, agus ruachan ar na leathanaigh cheangail.

Kevin Barry (ar athláimh)

Seán Cronin. Cló Saoirse, 2001. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Dorchú agus smál ar an chlúdach.

Irish Made Easy – Second Edition (ar athláimh)

The Eirish Society. Browne & Nolan. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Dorchú agus smál ar an chlúdach, imeall amháin lúbtha beagáinín. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

Milis an Teanga (ar athláimh)

Pádraig Ó Fiannachta, Mercier. 1974. Clúdach bog le smáil. Riocht maith. Bloc téacs glan. Greamán ar cúl.

Basic Irish for Shopping / BunGhaeilge don Siopa (ar athláimh)

Leabhrán stór focal, riocht an-mhaith, cúpla cóip againn. D’fhéadfadh smál a bheith ar na stáplaí/ar an gclúdach.

Éanlaith Fhra Angelico (A) (ar athláimh)

Antonio Tabucchi. Máire NIc Mhaoláin a chuir i nGaeilge. Coiscéim, 1987. Clúdach bog i riocht maith. Dorchú ar na leathanaigh agus ruachan ar an leathanach teidil.

Man of No Property (ar athláimh)

An Autobiography: Volume 2. C.S. Andrews. The Mercier Press. 1982. Clúdach bog. Riocht maith.

Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí (ar athláimh)

M. H. Mac an Ghoill agus a Mhac, TTA. Clóchuallacht Chathail TTA a chlóbhuail.1960. Clúdach crua i riocht maith. Smál ar an gclúdach. Ainm an iar-úinéara scríofa ar an leathanach ceangal. Stampaí agus peannaireacht ar an leathanach teidil.

Seal ag Ródaíocht (ar athláimh)

Proinsias Mac Maghnuis, Sáirséal agus Dill. 1960. Clúdach crua. Riocht an-mhaith. Bloc téacs an-ghlan

Seans Eile (ar athláimh)

Pádraig Uiséir. Sáirséal agus Dill, 1963. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Dorchú ar an droim agus clúdach, smál agus breacphictiúir ar an chlúdach chomh maith. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

Leon an Iarthair – Aistí ar Sheán Mac Héil (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Áine Ní Cheannain. An Cló Chomhar Tta., 1983. Clúdach bog, riocht maith. Dath an droma ídithe agus smál ar an chlúdach. Ainm an iar-úinéara taobh istigh.

The Celts (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Joseph Raftery. Thomas Davis Lecture Series. Mercier Press, 1985. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla smál ar an chlúdach, agus deannach air. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

Sceallóga (ar athláimh)

Deaglán de Bréadún. Comhar, 1990. Clúdach bog, riocht maith. Smál beag ar taobh, dath ídithe ar an droim.

Adios (ar athláimh)

Tarlach Ó hUid. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta. An Chéad Chló 1975. Clúdach crua le forchlúdach atá caite. Stróiceanna ar droim an fhorchlúdaigh. Na himill caite agus an dath ídithe. An bloc téacs an-ghlan. Síniú an iar-úinéara laistigh.

Everybody’s Pocket Companion (ar athláimh)

Compiled by A. Mercer. Clúdach bog, riocht cuibheasach. Dorchú agus smáil ar an chlúdach. Clúdach caite. Meirg ar na stáplaí. Na leathanaigh dorcha ach glan.

Maidhc sa Danmhairg [crua] (ar athláimh)

P. D. Linín. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1968. Clúdach crua, riocht an-mhaith. Dorchú ar an droim, cúpla smál beag ar an chlúdach. Cúinní beagán brúite. Bloc téacs an-ghlan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil