Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Na hAird ó Thuaidh (ar athláimh)

Pádraig Ua Maoileoin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1960. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Riocht maith go leor. Smál ar an bhforchlúdach, atá stróicthe in áiteanna, go háirithe ar chúl. Smál mór ar chúl chomh maith. Bloc téacs an-ghlan.

Scríbhinní Pádraig Mac Piarais – Gaelic Writings (ar athláimh)

Crua, Maunsel agus Roberts Teo. Riocht maith go leor. Smál ar an chlúdach, poll sa droim agus an droim stróicthe ar bun. Dath ídithe in áiteanna. Píosa ruachain ar na leathanaigh, agus na leathanaigh gearrtha go garbh.

Triúr Againn (ar athláimh)

Siobhán Ní Shúilleabháin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1955. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith. Dorchú ar an chlúdach agus smáil air. Na cúinní beagáinín caite. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Mapping Ireland – from Kingdoms to Counties (ar athláimh)

Seán Connors. Mercier Press, 2001. Clúdach bog, riocht maith. Cúinní fíorbheagáinín lúbtha, smál beag ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Pray for the Wanderer (ar athláimh)

Kate O’Brien. Penguin Books, 1951. Riocht an-mhaith. Smál ar an chlúdach agus dorchú ar an imeall.

Beart is Briathar 1 – Leabhar Saothair (ar athláimh)

Leabhar bog. Smál ar an gclúdach. Leabhar gramadaí don dalta meánscoile, leabhar oibre. Níl aon mharcanna ar na leathanaigh ná níl aon fhreagraí scríofa isteach ann.

Smionagar i dteannta an fhíona (ar athláimh)

Riocht maith go ginearálta. Píosa beag damáiste ar an gclúdach ar an imeall.

Leabhar Iomann le Ceol (ar athláimh)

Dá Chur Amach ag Cumann Gaelach na hEaglaise. Eaglais na hÉireann. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith go leor. Marcanna ar an chlúdach, cúinní beagáinín caite agus greamán ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

The Irish World Wide Volume Five (ar athláimh)

Religion and Identity. Edited by Patrick O’Sullivan, 2000. Paperback, very good condition.

Iósaf – Céile na Maighdine (ar athláimh)

Seán de hÍde. FÁS, an chéad chló 1958. Clúdach bog, riocht maith go leor. Smál ar an chlúdach, imeall beagáinín caite. Bloc téacs an-ghlan.

Solas – a Tale in Three Parts (ar athláimh)

Thomas Campbell. Ogham Press, 1987. Clúdach bog, riocht maith. Smáil agus deannach ar an chlúdach, roic air chomh maith. Na leathanaigh dorcha ach glan.

On the Art of Writing (ar athláimh)

Sir Arthur Quiller-Coach ‘Q’. Guild Books, 1950. Clúdach bog, smál ar an chlúdach. Riocht maith.

Ó Donnabháin Rosa II (ar athláimh)

Seán Ó Lúing. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1979. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Imeall an chlúdaigh beagáinín caite, cúpla smál beag air. Bloc téacs an-ghlan.

Bóthar an Óir [clúdach stríocach, C] (ar athláimh)

Riocht an-mhaith. smál ar an gclúach, dorchú ar chúl, dath ídithe ar an droim. Spotaí ar an taobh ar barr. Meirg ar na stáplaí. Máiréad Ní Ghráda. Brún agus Ó Nualláin Tta. 40 lth.

An Geall a Briseadh (ar athláimh)

Tomás Bairéad. Oifig Díolt Foillseacháin Rialtais, 1946. Clúdach crua, gan forchlúdach. Riocht maith. Cúinní caite, smál ar an chlúdach. Leathanach cheangal gearrtha ón leabhar. Dorchú ar na leathanaigh.

Díolaim Iriseora [sínithe, 1970] (ar athláimh)

Cúdach crua, forchlúdach leis. Dath an fhorchlúdaigh ídithe. Clúdach crua agus bloc téacs i riocht an-mhaith. Sínithe ag an údar le dúch dubh. FNT. 1970.

Neutral Ireland and the Third Reich (ar athláimh)

John P. Duggan. The Lilliput Press, 1989. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Ár ré Dhearóil agus dánta eile [1962] (ar athláimh)

Clúdach crua, le forchlúdach. An chéad chló. Smál ar an bhforchlúdach. Sínithe ag duine a thug mar bhronntanas é. Riocht an-mhaith.

Iníon an Iarthair (gan chlúdach) (ar athláimh)

Cathal Ó Sándair, an chéad chló 1952. Gan chlúdach. Ruachan ar an leathanach teidil.

Lucht Ceoil (ar athláimh)

Barra Ó Caochlaigh. Oifig an tSoláthair, 1942. Clúdach crua, gan forchlúdach. Riocht maith. Dath an droma ídithe beagáinín, dorchú ar na leathanaigh agus spotaí ar an taobh.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil