Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Úll i mBarr an Ghéagáin (ar athláimh)

Imeall caite, smál ar roinnt mhaith leathanach agus ar imeall na leathanach. I riocht cuibheasach maith seachas sin. Clúdach bog.

Leicseanáir I (ar athláimh)

Cuid I. An Aidbhint agus An Nollaig. An Sagart, 1970. Clúdach bog, riocht maith. Deannach ar an chlúdach agus cúpla smál beag air. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna, dath an droma ídithe. Na himill beagáinín caite. Na leathanaigh an-ghlan.

Cois Siúire (ar athláimh)

Annraoi Ó Liatháin. An Clóchomhar Tta., An Chéad Chló, 1982. Clúdach bog i riocht maith. Ruachan ar an taobh amuigh agus an taobh istigh den gclúdach ach saor ó smál seachas sin. Cúpla marc in áiteanna. Síniú an iar-úinéara laistigh

Peig [Bryan Mac Mahon, [1973] (ar athláimh)

Aistriúchán Béarla ar dhírbheathaisnei Pheig Sayers. An chéad chló, 1973. Clúdach crua, gan fhorchlúdach. Smál beag ar an gclúdach. Léaráidí le Catriona O’Connor. Talbot Press. Riocht an-mhaith.

Féar Suaithinseach (ar athláimh)

Nuala Ní Dhomhnaill. An Sagart, 1984. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar chúl agus ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

The Wild Geese – The Irish Soldier in Exile (ar athláimh)

Maurice N. Hennessy. The Devin-Adair Company, 1973. Clúdach crua le forchlúdach, riocht an-mhaith. Cúpla smál ar an bhforchlúdach. Na leathanaigh an-ghlan.

Maighistri san Fhilidheacht (ar athláimh)

T. Ó Raithbheartaigh. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais, 1939. Clúdach crua, gan forchlúdach. Riocht maith, dath ídithe ar an droim agus marcanna ar an chlúdach. Dorchú agus spotaí ar an taobh. Dorchú ar na leathanaigh cheangail.

Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach [1978] (ar athláimh)

Clúdach crua, riocht an-mhaith. Foilsithe ag Na Comhphobail Eorpacha.

Offprint from The Irish Ecclesiastical Record January 1964 (ar athláimh)

Leabhrán bog, riocht maith. Dorchú agus smál ar an chlúdach, bloc téacs an-ghlan. Ainm an iar-úinéara scríofa ar an chlúdach.

Craobh den Chonradh – Dún Dealgan 1899-1976 (ar athláimh)

Clúdach crua, riocht an-mhaith. Séamas Céitinn. Coiste Mhuirtheimhne. 1980.

An Cheallúnach (ar athláimh)

Brian Ó Maoileoin. Coiscéim, 1995. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Na hAird Ó Thuaidh (ar athláimh)

Pádraig Ua Maoileoin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1960. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna, roinnt smál air. Cúinní beagáinín brúite. Bloc téacs an-ghlan.

Fear an Tae (ar athláimh)

Liam Ó Muirthile. Cois Life, 1999. Clúdach bog, riocht iontach. Cúpla smál beag ar an chlúdach.

Tine Chnámh (ar athláimh)

Liam Ó Muirthile. Sáirséal Ó Marcaigh, 1984. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach agus roic air. Dath an droma ídithe. Nóta greamaithe ar an leathanach cheangal.

The Zeal of the Convert (ar athláimh)

The Life of Erskine Childers. Burke Wilkinson. Robert B. Luce Co., Inc. 1976. Leabhar crua le forchlúdach, rioch maith. Smál agus dath ídithe ar an bhforchlúdach, an leabhar crua féin i riocht an-mhaith.

The Corgi Quiz Book (ar athláimh)

Dan Sitter. Transworld, 1964. Clúdach bog, riocht cuibheasach. Dath an chlúdaigh ídithe agus smáil air. Droim rocach. Spotaí ar an taobh. Na leathanaigh dorcha ach glan.

An tOilithreach Gaelach – Treoir don leabhar ‘Mo Scéal Féin’ le Peadar Ó laoghaire (ar athláimh)

Cyril Ó Céirín. Oideas Mercier, 1973. Clúdach bog, riocht maith go leor. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna, dorchú ar na leathanaigh. Bloc téacs an-ghlan.

Dúmhál (ar athláimh)

Eoghan Ó Grádaigh. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1968. Clúdach bog, riocht maith go leor. Dorchú agus smál ar an chlúdach. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

Trompa na Flaitheas (ar athláimh)

Crua, 1955. Cecile O’Rahilly, Dublin Institute for Advanced Studies. 426 lth. Riocht an-mhaith. Dath ídithe ón droim agus dorchú ar na leathanaigh cheangail.

Fáinne an Lae agus an Athbheochan (1898 – 1900) (ar athláimh)

Lúb ar Phár 2. Caoilfhinn Nic Pháidín. Cois Life, 1998. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach agus marcanna ar an taobh.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil