Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Beart is Briathar 2 – Leabhar Saothair (ar athláimh)

Leabhar bog. Smál ar an gclúdach. Leabhar gramadaí don dalta meánscoile, leabhar oibre. Níl aon mharcanna ar na leathanaigh ná níl aon fhreagraí scríofa isteach ann.

An Geall a Briseadh (ar athláimh)

Clúdach crua, níl forchlúdach leis. Dath ar imeall an chlúdaigh ídithe; clúdach ar bharr an droma beagáinín stróicthe. 4ú eagrán, athchló 1969.

Irish Monasticism (ar athláimh)

Rev. John Ryan. Clúdach crua, gan fhorchlúdach. Spotaí móra ruachain ar an imeall fada. Talbot Press 1931. Na leathanaigh nach mór saor ó mharcanna. De réir comhaontú leis an té a thug na leabhair seo dúinn, tá an praghas díolta ar an leabhar seo á choinneáil chomh híseal agus is féidir linn le costais próiseála…

Saine Uladh 1 (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Mícheál Ó Máirtín. Coiste Éigse Loch an Iúir, 1981. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith go leor. Forchlúdach sách caite, dath an droma ídithe, smál air. Spotaí ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Irish Without Worry – for use in Schools, Colleges and Language Classes (bog) (ar athláimh)

Clúdach bog. Cluaisíní cait ar chuid de na leathanaigh, e.g. lch 18 agus 19. I riocht maith.

Tearmann na gColúr (ar athláimh)

Aodh Ó Canainn. Cló Iar-Chonnachta, 1998. Clúdach bog, riocht maith. Smál beag ar an gclúdach.

Basic Irish for Shopping / BunGhaeilge don Siopa (ar athláimh)

Leabhrán stór focal, riocht an-mhaith, cúpla cóip againn. D’fhéadfadh smál a bheith ar na stáplaí/ar an gclúdach.

Cuimhní Cinn (ar athláimh)

Liam Ó Briain. Clúdach crua, forchlúdach leis. An chéad chló, 1951. Ainm an iar-úinéara ar an leathanach ceangail. Forchlúdach caite ar an imeall.

Scríbhneoirí na Nua-Ré 1 – Ceannródaithe (ar athláimh)

Tuairisc iriseora. Ristéard Ó Glaisne. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta, An Chéad Chló 1974. Clúdach crua le forchlúdach, i riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe beagáinín. Nóta scríofa i bpeann ar leathanach amháin, siniú an iar-úinéara laistigh.

Dublin Historical Record Vol.XX (ar athláimh)

No.3/4. June/Sept. 1965. Published Quarterly by the Old Dublin Society. Leabhrán bog, riocht maith. Dorchú ar an droim agus smáil ar an chlúdach. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

Simple Lessons in Irish Cuid a hAon (ar athláimh)

Eugene O’Growney. Cuid 1, Gaelic League Series, 1929. Simple Lessons in Irish Giving the Pronunciation of Each Word. Leabhrán bog i riocht cuibheasach. Smál ar an gclúdach. Meirg ar na stáplaí. Na leathanaigh an-ghlan.

Fiúntas Nua – Seaneagrán – Téacsleabhar aonair – Le cód rleabhair (ar athláimh) (clúdaithe)

Cóip athláimhe den téacsleabhar Fiúntas Nua, cúrsa iomlán le haghaidh na hArdteistiméíreachta. Níl an leabhar saothair leis. Tá an cód don ríomhleabhar fós ann.

William Molyneux of Dublin (ar athláimh)

A Life of the Seventeenth-Century Political Writer & Scientist. J.G. Simms. Irish Academic Press, 1982. Clúdach bog, smál beag air agus dath ídithe ar an droim. Riocht maith.

Seosamh Mac Grianna / Clár Saothair (ar athláimh)

Nollaig Mac Congáil. Coiscéim, 1990. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Dath an droim ídithe, smál beag ar chúl. Dorchú ar na leathanaigh.

Stairsheanchas Mhicil Chonraí (ar athláimh)

Clúach crua, forchlúdach leis, riocht maith.

Spíonáin is Róiseanna (ar athláimh)

Guth Ealaíontóra Imleabhar a 3. Nuala Ní Dhomhnaill. Cló Iar-Chonnachta, 1993. Clúdach bog, riocht maith. Dath ídithe ar an chlúdach, dorchú ar na leathanaigh.

Ireland and Early Europe (ar athláimh)

Essays and Occasional Writings on Art and Culture. Liam de Paor. Four Courts Press, 1997. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach

Ár i gCor Chomrua (ar athláimh)

Ré Ó Laighléis. Móinín, 2007. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Smál beag ar an chlúdach.

Field and Fair (ar athláimh)

Pádraic Ó Conaire, aistrithe ag Cormac Breathnach, The Mercier Press. 1966. Clúdach bog le smáil taobh istigh. Riocht maith. Bloc téacs glan.

Bethu Phátraic (ar athláimh)

The Tripartite Life of Patrick. Edited with translations and indexes by Kathleen Mulchrone. Royal Irish Academy, 1939. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Roinnt smál beaga ar an chlúdach. Na leathanaigh gearrtha go garbh ach iad an-ghlan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil