Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Dublin Historical Record March 1938 (ar athláimh)

Leabhrán bog, riocht cuibheasach caite. Bloc téacs nach mór éalaithe ón chlúdach. Smál ar an chlúdach chomh maith. Bloc téacs an-ghlan.

Ó Thuaidh! [crua] (ar athláimh)

Pádraig Ua Maoileoin. Sáirséal Ó Marcaigh, 1983. Clúdach crua le forchlúdach. Riocht an-mhaith. Cúpla smál ar an bhforchlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Luaithreach an Bhua (ar athláimh)

Annraoi Ó Liatháin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1969. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach, riocht an-mhaith. Deannach ar an chlúdach. Smál ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

The Resurrection of Hungary (ar athláimh)

A parallel for Ireland. Arthur Griffith. Whelan and Son. 3ú Eagrán. Clúdach crua. Riocht maith. Dath an chlúdaigh beagáinín ídithe.

To Katanga and Back (ar athláimh)

The inside story of the unfinished drama in the Congo. Conor Cruise O’Brien. Four Square, 1965. Clúdach bog, riocht cuibheasach. Dorchú agus smál ar an chlúdach. Cuid den téacs éalaithe taobh istigh. Dorchú ar na leathanaigh ach iad glan.

Gort an Óir [C] (ar athláimh)

Riocht an-mhaith. Dorchú ar na himill. Smál ar chúl. Spotaí ar an taobh ar bun. Meirg ar na stáplaí. Máiréad Ní Ghráda. Brún agus Ó Nualláin Tta. 72 lth.

Stones of Aran – Labyrinth (ar athláimh)

Tim Robinson. Penguin Books, 1995. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Cúpla smál ar chúl. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Fenians and Fenianism (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Maurice Harmon, Scepter Books. 1970. Clúdach bog. Droim leochaileach. Smáil ar an gclúdach.

Línte Liombó [1980, gan fhorchlúdach] (ar athláimh)

Seán Ó Ríordáin. Sáirséal agus Dill, 1980. Clúdach crua gan fhorchlúdach. Smál ar an chlúdach, na cúinní beagáinín brúite. Na leathanaigh an-ghlan.

Proceedings of the Royal Irish Academy Volume Volume 61, Section C, No. 1. 1960 (ar athláimh)

Leabhrán, riocht an-mhaith. Brian Ó Cuív – A contemporary account in Irish of a nineteenth century tithe affray.

Rí na nUile (ar athláimh)

liricí diaga a cumadh idir an 9ú agus an 12ú céad. Seán S. Ó Conghaile, Seán Ó Ríordáin. Sáirséal agus Dill an tríú cló 1971.

Sgéalta Mhuintir Luinigh (ar athláimh)

Éamonn Ó Tuathail. Irish Folklore Institute, 1933. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht cuibheasach. Smál ar an chlúdach, atá caite ar an imeall. Droim leochaileach, ag éalú. Na leathanaigh gearrtha go garbh agus smál ar an taobh. Ruachan ar roinnt leathanaigh ach iad ar fad inléite.

Scéalaíocht na Ríthe [crua, 1956] (ar athláimh)

Tomás Ó Floinn agus Proinsias Mac Cana a chuir in eagar. Micheál Mac Liammóir a mhaisigh. Sáirséál agus Dill. An Chéad Chló, 1956. Riocht maith. Smál ar an chlúdach agus tippex ar an droim. Dorchú ar imeall na leathanaigh.

An Chaora Ghlas agus Scéalta Eile as Seanadh Farracháin (ar athláimh)

Ailbhe Nic Giolla Chomhaill. Leabhar Breac, 2016. Clúdach bog, riocht iontach. Smál dúigh ar an taobh ar barr.

An Geall a Briseadh (ar athláimh)

Tomás Bairéad. Clúdach crua, gan fhorchlúdach. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais. Dath an droma ídithe. Dath an chlúdaigh ídithe ar an imeall. Athcló den dara eagrán, 1957.

Seán T – Scéal a Bheatha á insint ag Seán T. Ó Ceallaigh (ar athláimh)

arna chur in eagar ag Proinnsias Ó Conluain. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta, 1963. Clúdach bog, smál ar an gclúdach, ainm an iar-úinéara ar an leathanach teidil.

An Ghrian agus An Ghealach (ar athláimh)

Tús na Suime 9. C. S. Ó Fallúin, Teo., 1971. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Smál air agus ar na leathanaigh, spotaí ar cuid dóibh chomh maith. Dath ídithe.

An tSraith ar Lár (ar athláimh)

Máirtín Ó Cadhain. Sáirséal Ó Marcaigh, 1986. Clúdach leath-chrua, riocht an-mhaith. Roinnt smál ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Ancient Irish Poetry (ar athláimh)

Aistrithe ag Kuno Meyer. Constable & Co., 1994. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Dorchú ar an taobh.

Lug – Eagrán 1 Earrach 1972 (ar athláimh)

Iris liteartha. Clúdach bog. Ruachan ar na leathanaigh. Spotaí ar an gclúdach, meirg ar na stáplaí.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil