Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

The Irish Sketch Book 1842 (ar athláimh)

William Makepeace Thackeray. The Blackstaff Press, 1985. Clúdach crua, le forchlúdach. Riocht an-mhaith.

Sean-Fhocla Chonnacht – Imleabhar II (ar athláimh)

Tomás S. Ó Máille. Oifig an tSoláthair. An Chéad Cló, 1952. Clúdach crua, gan forchlúdach. Riocht an-mhaith. Cúpla marc an-bheag ar an chlúdach. Spotaí ar an taobh.

Ó Gheamhar go Cruithneacht (ar athláimh)

An tSiúr Áine Ní Chumhaill. Beatha Mhaighréad Aighleart. Foilseacháin Ábhair Spioradálta, 1990. Clúdach bog, i riocht maith. Cúinní brúite, dorchú ar na leathanaigh, agus ruachan ar na leathanaigh cheangail.

Dr Jekyll agus Mr Hyde [1929, crua] (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis. Spotaí ar an imeall agus ruachan istigh. Stampa iar-leabharlainne air. An forchlúdach beagán caite.

An Tost a Scagadh (ar athláimh)

Michael Davitt. Coiscéim. An Chéad Cló, 1993. Sínithe ag an údar. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Dorchú ar an taobh agus imill na leathanaigh.

Lá Fhéile Bríde (ar athláimh)

Seán C. Ó Súilleabháin. Clódhanna Teoranta, an chéad chló 1977. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Dath an chlúdaigh ídithe agus smáil air. Na leathanaigh an-ghlan.

History of Bray (ar athláimh)

Arthur Flynn. Mercier Press, 1986. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Deannach ar an chlúdach, fíorbheagáinín caite ar an imeall. Na leathanaigh an-ghlan.

Ag Cruinniú Meala (ar athláimh)

Anthony Raymond (1675-1726), ministéir Protastúnach, agus léann na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Alan Harrison. An Clóchomhar Tta., 1988. Clúdach crua le forchlúdach. Riocht maith. Smál beag ar an bhforchlúdach, atá beagáinín caite ar an imeall.

Aspects of RTÉ Television Broadcasting (ar athláimh)

Citizens for better broadcasting. Leabhrán bog, riocht maith. Dorchú ar an chlúdach agus na leathanaigh. Ainm an iar-úinéara ar an chlúdach.

Buíon Éireannach in Albain (ar athláimh)

Annraoi Ó Liatháin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1975. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Smál ar an bhforchlúdach, na leathanaigh an-ghlan.

An Crann Géagach (ar athláimh)

Aistí agus Mion-Scéalta. Pádraic Ó Conaire. Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teoranta. Clúdach crua le smáil. Riocht maith. Bloc téacs glan.

The King’s War 1641-1647 (ar athláimh)

The Great Rebellion. C.V. Wedgwood. Collins The Fontana Library, 1958. Clúdach bog, riocht maith.

Colour Matching for Paper Makers (ar athláimh)

Imperial Chemical Industries Limited. Paimfléad bog, riocht maith. Roinnt smál air.

An Cultúr agus an Duine (ar athláimh)

Diarmuid Ó Gráinne a thúsaigh agus Dáithí Ó hÓgáin a chuir in eagar. Coiscéim, 1993. Clúdach bog, riocht iontach. Smál beag ar chúl.

Eolaí an Phoist / Post Office Guide 1969 (ar athláimh)

Clúdach bog, smál beag air agus dath an chlúdaigh ídithe. Smál ar an imeall.

Seacht mBua an Éirí Amach [1970] (ar athláimh)

In eagar ag Tomás de Bhaldraithe, athchló 1970. Clúdach crua, forchlúdach plaisteach trédhearcach leis. Smál ar an gclúdach plaisteach. Spotaí ar an imeall. Nótaí scríofa isteach le peann in áiteanna.

Milis an Teanga (ar athláimh)

Pádraig Ó Fiannachta, Mercier. 1974. Clúdach bog le smáil. Riocht maith. Bloc téacs glan. Greamán ar cúl.

Measgra Dánta II (Miscellaneous Irish Poems) (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Thomas F. O’Rahilly. Cork University Press, 1927. Téaxaí Gaeilge as LSS – II., Cuid 2. Clúdach bog, i riocht cuibheasach caite. Clúdach éalaithe ón droim, smál agus dorchú ar an gclúdach agus ar chuid desna leathanaigh. Nótaí breactha ar na leathanaigh laistigh, ainm an iar-úinéara ar an leathanach teidil.

Guardians of the Peace [1974] (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis. Forchlúdach beagáinín caite ar barr, ruachan taobh istigh den bhforchlúdach. Leabhar iomlán i riocht maith. Céad chló. Gill & MacMillan, 1974.

For a Celtic Future – A tribute to Alan Heusaff (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Cathal Ó Luain. The Celtic League. Clúdach bog, riocht maith. Marcanna/smál ar an chlúdach agus an dath ídithe.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil