Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Slán le Luimneach (ar athláimh)

Ciarán Ó Coigligh. Coiscéim, 1998. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Sean-Eoin (le forchlúdach) (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis. Máirín Ní Chriagáin a scríobh, Tomás Ó Faoláin a d’aistrigh. Oifig an tSoláthair 1938, eagrán nua 1974. Jack B. Yeats a rinne na pictiúir. Cóip iar-leabharlainne, rian de leathanach leabharlainne a baineadh amach chun tosaigh, stampaí leabharlainne air.

Corpus Iuris Hibernici Vol.II (ar athláimh)

Ad Fidem Codicum Manusciptorum Recognovit. D. A. Binchy. Tomus Secundus. Intitiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1978. Clúdach crua, riocht iontach. Cúpla marc beag ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Caoin Tú Féin [1967] (ar athláimh)

Diarmaid Ó Súilleabháin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1967. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Dorchú ar an chlúdach in áiteanna. Cúpla smál an-bheag air. Bloc téacs an-ghlan.

Féar Suaithinseach [1984] (ar athláimh)

Nuala Ní Dhomhnaill. An Sagart a d’fhoilsigh. Clúdach crua, forchlúdach leis, riocht maith. Cliodhna Cussen a dhear an clúdach.

Buíon Éireannach in Albain (ar athláimh)

Annraoi Ó Liatháin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1975. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach, riocht maith. Roic agus cúpla smál beag ar an bhforchlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Cliamhain Isteach agus An Seanphoncán Saibhir (ar athláimh)

Gearrdhrámaí Trí Radharc. Pádraig Ó Coileáin. Sáirséal agus Dill, 1975. Clúdach bog, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe, smál beag air. Dorchú ar na leathanaigh.

Géarchéim in Éirinn (ar athláimh)

Dick Walsh. Foillseacháin Náisiúnta Teoranta, 1970. Clúdach bog, riocht maith. Sínithe ag an údar. Imeall beagáinín caite, smál ar an chlúdach.

The Irish Minstrel Part I (ar athláimh)

A Collection of Songs for Use in Irish Schools. Selected and Arranged by P. Goodman. M. H. Gill & Son, Ltd. Clúdach bog le forchlúdach lámhdhéanta páipéir, riocht cuibheasach. Droim leochaileach taobh istigh, ag éalú ón mbloc téacs. Meirg ar na stáplaí. Smál ar imill na leathanach agus na leathanaigh cheangail ach iad ar fad…

Féar Suaithinseach (ar athláimh)

Nuala Ní Dhomhnaill. An Sagart, 1984. Sínithe. Leabhar bog, riocht maith. Cúpla marc air.

Gerald Goldberg: A Tribute (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Dermot Keogh agus Diarmuid Whelan. Mercier Press, 2008. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Riobárd Emmet (ar athláimh)

Leabhar bog, dath an chlúdaigh ídithe. Meirg ar na stáplaí. Dráma don aos óg. Tá na leathanaigh an-ghlan. 70 leathanach.

Oireachtas na Gaeilge 1897-1997 (ar athláimh)

Proinsias Mac Aonghusa. Conradh na Gaeilge, 1997. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Smál beag ar an chlúdach.

Ciarán Fitzgerald agus Foireann Rugbaí na hÉireann (ar athláimh)

Breandán Ó hEithir. Coiscéim, 1985. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach, bloc téacs an-ghlan.

Sport in Ireland (ar athláimh)

Aspects of Ireland/Gnéithe dár nDúchas 6. Noel Carroll. Department of Foreign Affairs, 1979. Clúdach bog, riocht maith go leor. Roic agus smáil ar an chlúdach, atá beagáinín lúbtha. Bloc téacs an-ghlan.

Tír na Deó [an chéad chló, 1938] (ar athláimh)

Tá formhór na bpictiúr ildaite imithe nó damáistithe. Tá an-chuid breacphictiúr déanta ag iar-shealbhóirí an leabhair seo, rudaí daite isteach, ainmneacha scríofa ar na leathanaigh, agus araile. Cóip léitheoireachta. Clúdach crua. Níl forchlúdach leis. An chéad chló, 1938.

Tír an Óir [riocht an-mhaith] (ar athláimh)

Riocht an-mhaith. Smál ar an droim, scríbhneoireacht agus stampa ar an gclúdach. Máiréad Ní Ghráda. Brún agus Ó Nualláin Tta. 128 lth.

Corpus Iuris Hibernici Vol.V (ar athláimh)

Ad Fidem Codicum Manusciptorum Recognovit. D. A. Binchy. Tomus Quintis. Intitiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1978. Clúdach crua, riocht iontach. Cúpla marc beag ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Na Géacha Fiadhaine [1935] (ar athláimh)

Clúdach crua. Stanley J. Weyman a scríobh, ‘The Wild Geese’. Seán Óg Mac Maoláin a d’aistrigh go Gaeilge. Oifig Díolta Foillseacháín Rialtais. 518lth. Nótaí istigh le peann luaidhe in áiteanna, go háirithe chun tosaigh agus ar cúl.

An Leacht Nár Tógadh (ar athláimh)

Séamas Ó Conghaile. Coiscéim, 1982. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach, dath ídithe. Dorchú ar an taobh.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil