Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Óige an Dearthár .i. Myles na gCopaleen (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis, dath an fhorchlúdaigh ídithe. Droim brúite. Cóip iar-leabharlainne. Céad chló, 1973. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta. Ciarán Ó Nualláin.

Téarmaí Tráchtála (ar athláimh)

Oifig an tSoláthair, 1935. Clúdach bog, riocht maith. Dorchú ar an gclúdach agus ar leathanaigh. Smál ar an gclúdach agus ruachan air. Na leathanaigh glan, síniú an iar-úinéara laistigh.

Inlaws and Outlaws (ar athláimh)

John B. Keane. Mercier Press, 1995. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Cúpla smál an-bheag ar an chlúdach agus taobh.

Tadhg Gaelach (ar athláimh)

Risteárd Ó Foghlú. Clúdach crua, 1929, C.S. Ó Fallamhain/Oifig an tSoláthair. Spotaí ar an imeall. Greamán ar an gclúdach tosaigh. Bloc téacs saor ó mharcanna. Stampa iar-leabharlainne ar an leathanach ceangail tosaigh.

Línte Liombó (ar athláimh)

Seán Ó Ríordáin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló, 1971. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Riocht maith. Smál ar an bhforchlúdach plaisteach. Na leathanaigh an-ghlan.

The 1916 Poets (ar athláimh)

An Chomhairle Ealaíon series of Irish Authors Number Five. Curtha in eagar ag Desmond Ryan. Greenwood Press, 1979. Clúdach crua, gan forchlúdach, riocht maith. Smál ar chúl, spotaí ar an taobh.

Seacht mBua an Éirí Amach (ar athláimh)

Pádraic Ó Conaire. Sáirséal agus Dill. An Chéad Cló, 1967. Clúdach crua gan forchlúdach, riocht maith. Caite/dath ídithe ar an imeall agus smál ar an chlúdach. Spotaí ar an taobh, ainm an iar-úinéara scríofa taobh istigh.

An tIolar Dubh agus Long na Marbh [1958] (ar athláimh)

Críostóir Ó Floinn. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1958. Clúdach leathchrua, riocht maith go leor. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna, roinnt smál air. Smál taobh istigh. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Seán Ó Ruadháin – Saol agus Saothar (ar athláimh)

Leabhair Thaighde. An 68ú hImleabhar. Máirtín Mac Niocláis. An Clóchomhar Tta., An Chéad Chló 1991. Clúdach crua le forchlúdach. Dath an fhorchlúdaigh ídithe.

Dord Deataigh – Dánta ón tSaimbia (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis. Liam Ó hÁinle. Riocht an-mhaith.

Cluan Chiarain – The City of Ciaran (ar athláimh)

John Corkery, 1979. Clúdach bog, riocht maith go leor. Dath an chlúdaigh ídithe, smáil air. Na leathanaigh dorcha ach glan.

Féile Zozimus – Volume 1 (ar athláimh)

18th/19th Century Dublin. Gael-Linn 1992. Riocht an-mhaith. Dath an droma ídithe.

Belfast – Approach to Crisis (ar athláimh)

A Study of Belfast Politics, 1613-1970. Ian Budge & Cornelius O’Leary. Macmillan, 1973. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith. Forchlúdach beagáinín caite agus smál air. Na leathanaigh an-ghlan.

Fenians and Fenianism (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Maurice Harmon, Scepter Books. 1970. Clúdach bog. Droim leochaileach. Smáil ar an gclúdach.

Comhlucht na Maide Mianach (ar athláimh)

Freeman Wills Crofts. Seán Mac Maoláin a d’aistrigh. Oifig Díolta Foilseacháin Rialtais, 1933. Clúdach crua, gan forchlúdach. Imill caite, dath ídithe agus smál ar an chlúdach. Dorchú agus spotaí ar an taobh.

Irish Sculpture from 1600 to the present day (ar athláimh)

Aspects of Ireland/Gnéithe dár nDúchas 9. Anne O Crookshank. Department of Foreign Affairs, 1984. Clúdach bog, riocht maith. Dath an droma ídithe, roic air. Smáil ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Mo Bhealach Féin (ar athláimh)

Seosamh Mac Grianna. Eagrán 1965. Hely Thom Tta., a rinne is a chlóbhuail. Clúdach crua gan fhorchlúdach. Riocht maith. Téacs ar an droim agus ar an gclúdach ídithe go maith. Na leathanaigh an-ghlan ar fad. Ruachan ar imill na leathanach agus dorchú orthu chomh maith. Nótaí scríofa taobh istigh den gclúdach i bpeann dearg.

Nua-Dhuanaire – Cuid I (ar athláimh)

Clúdach crua, gan fhorchlúdach. Neart nótaí ar chuid de na dánta amhail is gur leabhar é a d’úsáid neach léinn. Riocht cuibheasach maith.

Sheridan LeFanu and Victorian Ireland (ar athláimh)

W.J. McCormack. The Lilliput Press, 1991. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Dánta Meánteastais 1972-73 (ar athláimh)

Aindrias Ó Muimhneacháin. An Comhlacht Oideachais. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Smál agus deannach ar an chlúdach. Roic air chomh maith. Bloc téacs an-ghlan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil