Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

El Corderito (ar athláimh)

Saothair Alfonsais Uí Luain (Alfie Lambe) Toscaire Léigiúnach i Meiriceá Theas 1953-1959. Séamas S. de Vál. Foilseacháin Ábhair Spioradálta, 2011. Clúdach bog, richt an-mhaith.

The Hitch Hiker’s Guide to the Galaxy (ar athláimh)

A Trilogy in Four Parts. Douglas Adams. Heinemann, 1993. Clúdach crua, le forchlúdach. Riocht an-mhaith. Dorchú ar na leathanaigh.

Spíonáin is Róiseanna (ar athláimh)

Guth Ealaíontóra Imleabhar a 3. Nuala Ní Dhomhnaill. Cló Iar-Chonnachta, 1993. Clúdach bog, riocht maith. Dath ídithe ar an chlúdach, dorchú ar na leathanaigh.

An Páipéar Bán um Athbheochan na Gaeilge – Tuarascáil don Tréimhse dar chríoch 31 Márta 1966 (ar athláimh)

Leabhrán, clúdach bog. Dath an chlúdaigh ídithe agus smál ar an gclúdach. Meirg bheag ar na stáplaí, na leathanaigh an-ghlan agus i riocht an-mhaith.

The Letters of Saint Oliver Plunkett 1625-1681 (ar athláimh)

Edited and Translated with an introduction by Monsignor John Hanly, 1979. The Dolmen Press. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith. Dorchú agus smáil ar an bhforchlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Ó Ros Muc go Rostov (ar athláimh)

Críostóir Mac Aonghusa, An Clóchomhar Tta, 1972. 188 lth. Clúdach crua, le forchlúdach. Dath ídithe ar an bhforclúdach, smál ar taobh na leathanaigh. Riocht an-mhaith.

Belfast – Approach to Crisis (ar athláimh)

A Study of Belfast Politics, 1613-1970. Ian Budge & Cornelius O’Leary. Macmillan, 1973. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith. Forchlúdach beagáinín caite agus smál air. Na leathanaigh an-ghlan.

Cúrsaí Thomáis – shíos seal a’s shuas seal (ar athláimh)

Mac Giolla Iasachta, 1927. Hodges Figgis, 420 lth. Crua, riocht maith go leor.

Guth an Phobail (ar athláimh)

Chéad Dáil Éireann. Nollaig Ó Gadhra. Foilseacháin Náisiúnta Teo., 1984. Clúdach crua, le forchlúdach. Riocht maith. Smál ar an bhforchlúdach, caite beagáinín sa chúinne. Spotaí ar an taobh.

Ór na h-Aitinne (ar athláimh)

Tomás Bairéad. Faoi Chomhartha na dTrí gCoinneal. An Chéad Cló, 1949. Clúdach bog, le forchlúdach páipéir. Riocht maith go leor. Forchlúdach caite agus smál air. Smál ar na leathanaigh cheangail. Bloc téacs an-ghlan.

Beart is Briathar 2 – Leabhar Saothair (ar athláimh)

Leabhar bog. Smál ar an gclúdach. Leabhar gramadaí don dalta meánscoile, leabhar oibre. Níl aon mharcanna ar na leathanaigh ná níl aon fhreagraí scríofa isteach ann.

An leaba a d’imigh HÚIS agus a Chaill Féasóg (ar athláimh)

Clúdach crua. Níl forchlúdach leis. An-smál ar an gclúdach. Bernard Share, William Bolger. Foilsithe ag Allen Figgis, 1965.

Fleurs-Du-Lit (ar athláimh)

Tom MacIntyre. Dedalus, 1990. Clúdach bog, riocht iontach.

Tomás Ruiséil (ar athláimh)

S.N. Mac Giolla Easpaig. Cló Mórainn, 1957. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith go leor. Forchlúdach caite go maith, cúinne imithe, stróicthe ar bun agus barr an droma. Smál ar an bhforchlúdach, spotaí ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Tadhg Gaelach (ar athláimh)

Risteárd Ó Foghlú. Clúdach crua, 1929, C.S. Ó Fallamhain/Oifig an tSoláthair. Spotaí ar an imeall. Greamán ar an gclúdach tosaigh. Bloc téacs saor ó mharcanna. Stampa iar-leabharlainne ar an leathanach ceangail tosaigh.

Do You Know? Leabhair 1–12 (ar athláimh)

12 leabhráin. A Quiz Book to Accompany Black’s Children’s Encyclopaedia. Curtha in eagar ag W. Worthy agus R.J. Unstead. Riocht maith orthu. Dorchú ar chlúdach an chéad leabhar. Dath ídithe beagáinín ar na cinn eile. Cúpla smáil orthu. Píosa páipéir timpeall orthu.

Armed Struggle (ar athláimh)

A History of the IRA. Richard English. Macmillan, 2003. Clúdach crua, le forchlúdach. Riocht an-mhaith.

Dialann Oilithrigh (ar athláimh)

Donchadh Ó Céileachair. Sáirséal agus Dill, 1963. Clúdach leathchrua, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna agus roinnt marcanna air. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Trialacha Gaeilge (ar athláimh)

C. Ó Broin. Ó Fallúin. Leabhrán bog, riocht cuibheasach maith. Clúdach beagáinín caite, smál agus dorchú air. Scríbhneoireacht taobh istigh.

Eachtraidheacht (ar athláimh)

Riocht an-mhaith. Ainm an iar-úinéara istigh ar an leathanach ceangail. Nótaí breactha le peann luaidhe ar chuid de na leathanaigh.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil