Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

An Braon Broghach (ar athláimh)

Máirtín Ó Direáin. Oifig an tSoláthair, 1968. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Riocht an-mhaith. Spotaí ar an taobh, ainm an iar-úinéara taobh istigh.

Iris Teoin 1950 Wolfe Tone Annual (ar athláimh)

1916 Before and After. Historical episodes of 42 years together with 107 songs and ballads and the soldier’s story of Easter Week. O’Higgins, 1950. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Dorchú agus ruachan ar an chlúdach. Meirg ar na stáplaí. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

Dúbhglas de h-Íde (1860-1949) (ar athláimh)

Náisiúnach Neamhspleách 1910-1949. Risteárd Ó Glaisne. Conradh na Gaeilge, 1993. Clúdach bog, riocht maith. Dath an droim ídithe, marcanna ar an chlúdach.

A Reply to Mr. Gladstone’s Expostulation [1874] (ar athláimh)

Leabhrán beag. Riocht cuibheasach maith. Smál ar an gclúdach, téip ar an droim ar barr.

Shiàna (ar athláimh)

Peadur Ó Laeri. Muintir na Leour Galuingi/The Irish Book Company 1914. Clúdach bog, riocht cuibheasach caite. Cuid den droim imithe, clúdach stróicthe ar bhun. Smál ar an chlúdach agus dath ídithe. Dorchú ar na leathanaigh.

Dánta Éagsamhla (ar athláimh)

Gaeilge agus Béarla curtha ortha. Dubhghlas de hÍde. Clúdach bog, riocht cuibheasach caite. Poll an bealach ar fad tríd. Dorchú ar an imeall, spotaí ar an taobh agus ar na leathanaigh. Ainm an iar-úinéara scríofa taobh istigh.

Síoda ar Shíoda – Rogha Dánta ó 700-2000 (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Clíodhna Cussen agus Mícheál Ó Ruairc. Coiscéim, 2008. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Cúpla smál beag ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Disillusioned Decades – Ireland 1966-87 (ar athláimh)

Tim Pat Coogan. Gill & Macmillan, 1987. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Dath ídithe ar an droim agus smál ar chúl. Dorchú ar na leathanaigh.

There Are No Evil Men …. (ar athláimh)

A fresh look at the Irish question and a suggested way forward. A viewpoint from within the New Ireland Movement. Andy Conway, 1972. Leabhrán bog, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna. Dorchú ar na leathanaigh.

An tAmhrán Macarónach (ar athláimh)

Diarmaid Ó Muirithe. An Clóchomhar Tta, 1980. Clúdach bog, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe, smál air agus roic ar an droim. Spotaí ar an taobh.

Rathfarnham Roads (ar athláimh)

Patrick Healy. South Dublin Libraries, 2005. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Gleann ar Ghleann (ar athláimh)

Michael Davitt. Sáirséal Ó Marcaigh, 1981. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith. Cúpla marc an-bheag ar an chlúdach. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Megalithic Art in Ireland (ar athláimh)

Dr Muiris O’Sullivan. Country House, 1993. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Leathanaigh an-ghlan.

Charles Stewart Parnell (ar athláimh)

Katharine O’Shea. Cassell & Conpany Ltd., 1983. Clúdach crua le forchlúdach, riocht cuibheasach maith. Smál ar an bhforchlúdach. Spotaí ar an taobh agus taobh istigh. Leabhar crua i riocht an-mhaith agus an bloc téacs glan.

An Piarsach Óg agus Conradh na Gaeilge (ar athláimh)

Frank O’Brien. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Smál ar an chlúdach agus meirg ar na stáplaí. Bloc téacs an-ghlan.

Electoral Politics in Ireland – Party and Parish Pump (ar athláimh)

R.K. Carty. Brandon Book Publishers, 1983. Clúdach bog, riocht maith. Dorchú ar an imeall agus spotaí taobh istigh. Marcanna beaga ar an chlúdach.

An Apology for Roses (ar athláimh)

John Broderick. Pan Books Ltd., 1974. Riocht maith. Droim rocach agus dorchú ar an imeall.

Sgéalta Aniar [stampa air] (ar athláimh)

Pádraic Ó Conaire, Comhlucht Oideachais na hÉireann. Gan dáta. Clúdach bog le dath an droma ídithe. Stampa agus scríbhneoireacht taobh istigh den chlúdach. Riocht maith go leor. Bloc téacs glan.

Cuaicín Draoidheachta (ar athláimh)

Tomás Ó Rathaille. Clúdach bog. 1928. Dánta nua i gcóir scoileanna agus coláistí. Clúdach caite, stróicthe beagáinín.

Sweeney (ar athláimh)

Dónal Mac Amhlaigh. Clúdach crua le forchlúdach. Dath ídithe ar an bhforchlúdach agus stróicthe.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil