Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Cogarnach Ár gCósta (ar athláimh)

Ger Ó Cíobháin. Maisithe ag Tom Roche. Cló Dhuibhne, an chéad chló 1979. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Cúinní fíorbheagáinín caite. Bloc téacs an-ghlan.

De Valera I (ar athláimh)

Tomás Ó Néill, Pádraig Ó Fiannachta. Cló Morainn, 1968. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith. Dorchú agus smál ar an bhforchlúdach, atá beagáinín caite. Dath ídithe ar an leabhar crua, cúpla spota ar an taobh.

Cúrsaí Thomáis [1927] (ar athláimh)

Clúdach crua, dath iomlán imithe uaidh agus an téacs air doléite. An chuid eile den leabhar i riocht cuibheasach maith. Hodges 7 Figgis 1927.

Lúcás – Soiscéal Naofa Íosa Críost De Réir Lúcáis [1964] (ar athláimh)

Clúdach bog. Riocht an-maith. Ruachan ar chlúdach an leabhair. Easpaig na hÉireann, Mac an Ghioll agus a Mhac 1964. 108 lth De réir comhaontú leis an té a thug na leabhair seo dúinn, tá an praghas díolta ar an leabhar seo á choinneáil chomh híseal agus is féidir linn le costais próiseála a chlúdach, le…

The First Book of the Irish Language (ar athláimh)

Cathal Ó Gallchóir. Cumann Litríocht Éireann an tSeapáin. Clúdach bog, le forchlúdach plaisteach. Riocht an-mhaith. Smál ar an bhforchlúdach. Bloc téacs an-ghlan. Sínithe ag Atsúcó Mitsúhasí.

Táblaí matamaitice / Mathematics Tables (ar athláimh)

Gan dáta. Ainm an iar-úinéara ar an leathanach teidil. Clúdach bog, smál ar an gclúdach, breacphictiúr ar an gclúdach cúil.

An Piarsach Óg agus Conradh na Gaeilge (ar athláimh)

Frank O’Brien. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Smál ar an chlúdach agus meirg ar na stáplaí. Bloc téacs an-ghlan.

Ór-Ghrádh (ar athláimh)

Sovereign Love. T. C. Murray. Aistrithe ag Nioclás Tóibín. Oifig an tSoláthair, an chéad chló 1943. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Meirg ar na stáplaí. Dorchú agus smál ar an chlúdach. Ruachan taobh istigh.

Foras Feasa ar Theagasc na hEaglaise (ar athláimh)

An tAthair Pádraig Mac Giolla Cheara. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais. Clúdach crua. Cuid den bhfúáil briste. Riocht maith.

Ár Ré Dhearóil (ar athláimh)

Dánta le Máirtín Ó Direáin. An Clóchomhar Tta., an chéad chló 1962. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith. Cúpla smál an-bheag ar an chlúdach.

The Stylized City (ar athláimh)

New and Selected Poems by John F. Deane. Dedalus, 1991. Clúdach bog, riocht iontach.

Stair Éirghe-Amach na n-Éireannach i 1798 [glas] (ar athláimh)

Séarlas Hamilton Taoiling. Aistrithe ag Tadhg Ó Rabhartaigh. Oifig an tSoláthair. An Chéad Chló, 1942. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith. Roinnt smál ar an chlúdach agus na himill caite. Spotaí ar an taobh agus dath ídithe in áiteanna. Píosa scríbhneoireachta ar roinnt leathanaigh i bpeann ach na leathanaigh glan seachas sin.

Gaeltacht Mhaigh Eo (ar athláimh)

Nollaig Ó Gadhra. Clódhanna Teo. Leabhrán bog, riocht an-mhaith. Smál ar chúl. Meirg ar na stáplaí.

Listen and Learn – New Series No. 1 (ar athláimh)

Radio Éireann. Aindrias Ó Muimhneacháin. Clúdach bog. Dorchú ar an imeall, ainm an iar-úinéir ar an chlúdach. Cúpla nóta scríofa i bpeann luaidhe taobh istigh.

De Valera – I (ar athláimh)

Clúdach crua, an chéad chló 1968. Riocht maith. Tomás Ó Néill, Pádraig Ó Fiannachta.

Wolfe Tone – Prophet of Irish Independence (ar athláimh)

Marianne Elliott. Yale University Press, 1989. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Roc ar an droim agus cúinní lúbtha beagáinín.

Aistí Dána (ar athláimh)

Art Ó Mhaolfabhail. Preas Dhún Dealgan, 1964. Clúdach crua gan fhorchlúdach. Riocht an-mhaith, cuid fíorbheag ruachain ann ar imill na leathanach. Bloc téacs an-ghlan.Síniú an iar-úinéara scríofa laistigh.

The Irish War of Independence (ar athláimh)

Michael Hopkinson. Gill & Macmillan, 2004. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Imeall an chlúdaigh fíorbheagáinín caite.

Dún Laoghaire agus Ceanntair Mágcuairt (ar athláimh)

Clúdach bog, 1936. Dath an chlúdaigh beagáinín ídithe, nóta amháin scríofa ar cúl le peann.

Marx Engels – Ireland and the Irish Question (ar athláimh)

Karl Marx and Frederick Engels. Progress Publishers, Moscow. Forchlúdach stróicthe agus ídithe, clúdach crua féin ídithe. Riocht maith. Spotaí ar barr.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil