Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Dlí na Feirme (ar athláimh)

Dráma nua-staire. Micheál Ó hAodha. Sairséal agus Dill, An Chéad Chló 1965. Clúdach crua, riocht cuibheasach maith. Dorchú ar an gclúdach, na leathanaigh laistigh an-ghlan.

Margadh na Saoire (ar athláimh)

Máire Mhac an tSaoi. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1956. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith go leor. Smál ar an chlúdach agus dath ídithe in áiteanna. Ainm an iar-úinéara scríofa taobh istigh. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

Iris Teoin 1951 Wolfe Tone Annual (ar athláimh)

Tells the Thrilling Story of the Great National Rising of 1641. O’Higgins, 1951. Leabhrán bog, riocht maith. Dorchú agus ruachan ar an chlúdach. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

Nua-Fhilí 2 (1953-1963) (ar athláimh)

Séamus Ó Céilleachair a chnuasaigh. Oifig an tSoláthair, An Chéad Chló, 1968. Clúdach crua le forchlúdach, i riocht maith. Dath ídithe agus dorchú ar an bhforchlúdach, atá caite. An clúdach féin an-ghlan seachas ruachan in áit amháin. Ruachan fíorbheag le feiceáil ar imeall na leathanach. Nóta scríofa ón iar-úinéir ar an leathanach teidil, a bhfuil…

Tine Chnámh (ar athláimh)

Liam Ó Muirthile. Sáirséal Ó Marcaigh, 1984. Clúdach bog, riocht maith. Na cúinní beagáinín caite agus smál ar an chlúdach.

Ireland and Early Europe (ar athláimh)

Essays and Occasional Writings on Art and Culture. Liam de Paor. Four Courts Press, 1997. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach

High Sacrifice (ar athláimh)

John F. Deane. The Dolmen Press, 1981. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Droim rocach agus cúpla smál an-bheag air.

Ollscoil Shaor Ghaelach – Tús Leighis ar Easpa Bhásmhar (ar athláimh)

Pádraig Mac Giolla Ruaidh. Aiste in ómós don Athair Mícheál Ó hÍcí (1860-1916). An Dara Cló, 1992. Leabhrán le clúdach bog, i riocht an-mhaith.

Irish Churches and Monastic Buildings – Volume Three (ar athláimh)

Harold G. Leask. Dundalgan Press, 1971. Clúdach crua le forchlúdach. Riocht maith. Deannach agus smál ar an bhforchlúdach, atá caite beagáinín ar an imealll. Smál ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

An Tarbh – Bealtaine 1998 (ar athláimh)

Eagrán speisialta Cuimhneacháin Oscailt Clubtheach CLG Chluain Tarbh. Irisleabhar A5, clúdach bog, riocht cuibheasach.

Strafford in Ireland 1633-41 (ar athláimh)

A Study in Absolutism. Hugh Kearney. Cambridge University Press, 1989. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

An Dá Thrá (ar athláimh)

Smál ar an bhforchlúdach, é lag. Dath níos fearr leis sa bhfíorshaol – níl sé iomlán chomh ídithe ag an solas is a thaispeántar.

Ón bhFuacht go dtí an Teas (ar athláimh)

Pádraig Ó Fiannachta. An Sagart, 1982. Clúdach bog, riocht maith. Dath ídithe agus smál ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Cois Caolaire (ar athláimh)

Máirtín Ó Cadhain. Sáirséal gus Dill. An Chéad Cló, 1953. Clúdach crua gan forchlúdach, riocht an-mhaith. Dorchú ar na leathanaigh agus ainm an iar-úinéir taobh istigh.

Watch Your Language (ar athláimh)

An Bata Scóir, The Insidious Silencer. RTÉ. Leabhrán bog, riocht cuibheasach. Fillte i leath, smál air agus cúpla smál taobh istigh. Na leathanaigh glan seachas sin.

Cúlú na Rianach (ar athláimh)

Seán Ó Mulláin. Cló U´Mheára, 1960. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach. Dorchú ar na leathanaigh.

Eibhlín a Ghleanna (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis, stróicthe ar bun agus ar an droim (an-caite). Liam Ó Catháin, Oifig an tSoláthair, 1954. Úrscéal faoi Chogadh na Saoirse. Marcanna ar an gclúdach crua, imeall an chlúdaigh chrua caite.

Comhcheilg na Mainistreach Móire (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach plaisteach leis. Sáirséal agus Dill. An tAthair Colmcille OCSO. Riocht an-mhaith. Ainm an iar-úinéara scríofa ar an leathanach leath-teidil.

Bilingualism Today (ar athláimh)

Jac. L. Williams. Comhdáil Náisiúnta na Gaeilge. Leabhrán bog, riocht cuibheasach. Smál ar an chlúdach, stróicthe beagáinín ar bhun. Spotaí ar an taobh.

Top of the Form (ar athláimh)

Questions compiled from the BBC Feature Programme. Tom Williams. Johnson Publications Ltd., 1963. Clúdach bog, riocht maith. Dorchú agus smáil ar an chlúdach. Na cúinní beagáinín lúbtha. Cúpla smál taobh istigh. Meirg ar na stáplaí.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil