Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Deoraidheacht (ar athláimh)

Pádraic Ó Conaire. Comhlucht Oideachais na hÉireann. Clúdach crua. Riocht an-mhaith. Marc ar an gclúdach. Níl forchlúdach leis.

Scéal na hÉireann don Aos Óg – Cuid a Dó (ar athláimh)

Clúdach crua. An tAthair Pádraig Ua Duinnín. Brún agus Ó Nualláin, Teor. Riocht an-mhaith. Ainm an iar-úinéara leis.

Leabhar Urnaithe (ar athláimh)

Faoi Choimirce na Maighdine Ró-Ghlóirmhaire Muire. Comhlucht na Fírinne Catoilice in Éirinn, 1963. Leabhrán bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach, ainm an iar-úinéara taobh istigh. Meirg ar na stáplaí. Bloc téacs an-ghlan.

The Earliest Irish Coinage (ar athláimh)

William O’Sullivan. National Museum of Ireland. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Cúpla marc ar an chlúdach. Dorchú ar na leathaanigh ach iad an-ghlan.

Coillte an Cheoil (ar athláimh)

Séamus Ó Céilleachair. An chéad chló 1955. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais. Clúdach leathchrua le forchlúdach nach féidir baint. Dath an chlúdaigh ídithe. Na leathanaigh an-glan.

Ian Paisley agus Tuaisceart Éireann (ar athláimh)

Risteárd Ó Glaisne. Cló Morainn, An Chéad Chló, 1971. Clúdach bog, i riocht cuibheasach maith. Dorchú ar an gclúdach agus ar na leathanaigh. Smál in áiteanna. Síniú an iar-úinéara agus gearrthóg laistigh

Cogadh ‘gus Cathú (ar athláimh)

Colm Mac Confhaola. Coiscéim, 2002. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Partition and the Limits of Irish Nationalism (ar athláimh)

An Ideology Under Stress. Clare O’Halloran. Gill & Macmillan, 1987. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Henry Flood (ar athláimh)

Aiste eolais ar a shaol is a shaothar le Séamus Puirséil. Clóhanna Teoranta 1973. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Leabhrán.

Sean-Eoin (le forchlúdach) (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis. Máirín Ní Chriagáin a scríobh, Tomás Ó Faoláin a d’aistrigh. Oifig an tSoláthair 1938, eagrán nua 1974. Jack B. Yeats a rinne na pictiúir. Cóip iar-leabharlainne, rian de leathanach leabharlainne a baineadh amach chun tosaigh, stampaí leabharlainne air.

Mé féin is mo shaothar (3 siopaí agus 15 cearda) (ar athláimh)

Leabhrán, clúdach bog. Meirg ar na stáplaí. Na leathanaigh an-glan.

Úll i mBarr an Ghéagáin (ar athláimh)

Risteard de Paor. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1959. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht cuibheasach maith. Dorchú ar an chlúdach agus droim, smál agus deannach air. Bloc téacs an-ghlan.

Mar Mhaireas É II 1917-1919 (ar athláimh)

Gray, Jenkins, Dale. 1970. Oifig an tSoláthair. Micheál Ó hOdhráin a d’aistrigh agus a chuir in oiriúint. Clúdach crua, riocht maith, spotaí ar an imeall.

Irish Folk Stories and Fairy Tales (ar athláimh)

Curtha in eagar ag William Butler Yeats. Grosset & Dunlap, Grosset’s Universal Library. Clúdach bog, le forchlúdach lámhdhéanta leathair cabhartha. Dath an droma ar an bhforchlúdach ídithe agus an dath ag ídiú beagáinín ar am imeall. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

Buneolas ar Léamh Léarscáileanna (ar athláimh)

R.A. Butlin, aistrithe ag M. Ó Geallabháin. Oifig an tSoláthair, 1977. Clúdach bog, riocht maith. Beagáinín caite ar an imeall. Cúpla smál beag air. Léarscáil ar chúl.

Lá agus Oidhche (ar athláimh)

Mícheál Mac Liammhóir. Muinntir C.S. Ó Fallamhain, Teo., 1929. Clúdach crua le forchlúdach, riocht cuibheasach. Neart smál ar an bhforchlúdach, atá stróicthe beagáinín ar an imeall. Cúinní caite agus spotaí ar an taobh. Píosa páipéir greamaithe taobh istigh. Bloc téacs an-ghlan.

Dónall Ó Conaill (ar athláimh)

An tAthair Antaine Ó Duibhir. Oifig an tSoláthair, 1967. Clúdach crua le forchlúdach, i riocht cuibheasach maith. Forchlúdach stróicthe ar barr. Cnag ar an bhforchlúdach agus é caite ar an imeall. Smál ar na leathanaigh ceangail.

Dormitio Virginis (ar athláimh)

Paolo Marletta a scríobh. Arna aistriú ag Máire Nic Mhaoláin. Coiscéim, 1985. Clúdach bog, riocht an-mhaith

The Developing World Geography Two – A New Man (ar athláimh)

S. Crawford. Longman, 1970. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla smál ar an chlúdach. Na leathanaigh an-ghlan.

An Dealbh Spáinneach (ar athláimh)

Deasún Breatnach. Foilseacháin Náisiúnta Teo. An chéad chló, 1960. Clúdach leath-chrua, riocht maith go leor. Clúdach beagáinín caite ar na cúinní, smál air. Spotaí ar an taobh agus na leathanaigh cheangail, bloc téacs an-ghlan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil