Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Sáirséal agus Dill 1947-1972 (ar athláimh)

i gCuimhne ar Sheán Sáirséal Ó hÉigeartaigh. Clúdach leathchrua, riocht maith. Smál agus dorchú ar an chlúdach. Na leathanaigh an-ghlan.

An Bheatha Chríostaidhe (ar athláimh)

An t-Athair Conn Ó Mongáin. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais, 1948. Clúdach crua, riocht cuibheasach maith. Smál ar an chlúdach, droim leochaileach taobh istigh, clúdach éalaithe ón droim féin ach nasctha leis na leathanaigh fós. Bloc téacs an-ghlan.

Strafford in Ireland 1633-41 (ar athláimh)

A Study in Absolutism. Hugh Kearney. Cambridge University Press, 1989. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Athchló ar Irish Geography 1934-1984 (ar athláimh)

Leabhrán bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Bianconi – King of the Irish Roads (ar athláimh)

M. O’C Bianconi agus S.J. Watson. Allen Figgis, 1962. Clúdach crua, le forchlúdach. Forchlúdach caite, dath ídithe agus smál air. Leabhar crua féin i riocht maith.

De Valera: Long Fellow, Long Shadow (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis. Smál beag ar an bhforchlúdach. Riocht an-mhaith. Tim Pat Coogan.

Fallaing Aonghusa – Saol Amharclainne (ar athláimh)

Tomás Mac Anna. An Clóchomar Tta, 2000. Clúdach crua le forchlúdach air. Riocht an-mhaith. 293 lch

Gaeltacht Mhaigh Eo (ar athláimh)

Nollaig Ó Gadhra. Clódhanna Teo. Leabhrán bog, riocht an-mhaith. Smál ar chúl. Meirg ar na stáplaí.

An Díthreabhach agus scéalta eile as ‘Comhar’ (ar athláimh)

Eoghan Ó Anluain a roghnaigh. Mercier Press. 1977. Ainm an iar-úinéara taobh istigh den chlúdach. Riocht maith.

Cois Máighe na gCaor (ar athláimh)

Mainchín Seoighe. FNT, 1965. Clúdach crua, forchlúdach leis. Fórchlúdach caite. Ainm an iar-úinéir scríofa taobh istigh. 203 lch.

Gargantua (leagan Gaeilge) (ar athláimh)

François Rabelais. Aistrithe ag Breandán Ó Doibhlin. Coiscéim, 2004. Clúdach bog, riocht iontach. Sínithe ag an aistritheoir. Cúpla spota ar an taobh.

Films in Irish (ar athláimh)

An English version of the Memorandum submitted by Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge to the Government, July, 1950. Leabhrán bog, riocht cuibheasach. Smál ar an chlúdach, atá stróicthe in áiteanna agus codanna de imithe. Na leathanaigh an-ghlan.

Scéalaíocht na Ríthe [crua, 1956] (ar athláimh)

Tomás Ó Floinn agus Proinsias Mac Cana a chuir in eagar. Micheál Mac Liammóir a mhaisigh. Sáirséál agus Dill. An Chéad Chló, 1956. Riocht maith. Smál ar an chlúdach agus tippex ar an droim. Dorchú ar imeall na leathanaigh.

Araicis ’87 (ar athláimh)

In eagar ag Liam Ó Dochartaigh, 1988. Leabhrán a ghabh le comhdháil na hiarbhunscolaíochta – Imeachtaí – Luimneach 4ú agus 5ú Nollaig 1987

Ó Thuaidh! [X] (ar athláimh)

Pádraig Ua Maoileoin. Sáirséal Ó Marcaigh, 1983. Clúdach bog. Riocht maith go leor. X scríofa ar an chlúdach, cúpla smál air. Bloc téacs an-ghlan seachas uimhreacha scríofa ar barr roinnt leathanaigh. Cóip an eagarthóra.

Ár Ré Dhearóil (ar athláimh)

Dánta le Máirtín Ó Direáin. An Clóchomhar Tta, 1962. An Chéad Cló. Clúdach crua gan forchlúdach, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe áit ina raibh leabhar eile ar barr. Cúpla smál beag air. Ainm an iar-úinéara taobh istigh.

Verse for You Book Three (ar athláimh)

J.G. Brown. Longmans, 1966. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith go leor. Smáil ar an chlúdach, cúinní fíorbheagáinín brúite. Smáil ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Eireaball Spideoige [1952] (ar athláimh)

Seán Ó Ríordáin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1952. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach, riocht maith. Smál ar an bhforchlúdach agus leathanach cheangal. Ainm an iar-úinéara scríofa taobh istigh. Bloc téacs an-ghlan.

Cruithneacht agus Ceannabháin (ar athláimh)

Tomás Bairéad. Comhlucht Oideachais na hÉireann Teor. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht cuibheasach. Clúdach caite, droim stróicthe. Smál ar an chlúdach. Scríbhneoireacht ar na leathanaigh i bpeann luaidhe agus peann.

Lux Aeterna (ar athláimh)

Eoghan Ó Tuairisc. Allen Figgis agus a Chuid, Tta., 1964. Clúdach crua le forchlúdach, i riocht cuibheasach maith. Forchlúdach stróicthe ar barr. Dorchú ar na leathanaigh. Ruachan ar imeall na leathanach. Síniú an iar-úinéara laistigh.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil