Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Seal ag Ródaíocht (ar athláimh)

Proinsias Mac Maghnuis. Sáirséal agus Dill, 1972. Clúdach leath-chrua, riocht maith. Cúpla smál beag ar an chlúdach. Roic ar an droim. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Féar Suaithinseach (ar athláimh)

Nuala Ní Dhomhnaill. An Sagart, 1984. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar chúl agus ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

An Chéad Chloch (ar athláimh)

Pádraic Ó Conaire, Cló Mercier Teoranta. 1978. Clúdach bog, riocht maith. Roinnt smál ar an gclúdach. Bloc téacs an-ghlan.

The EEC – Ireland and the Making of a Superpower (ar athláimh)

Anthony Coughlan. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna, cúpla smál air. Bloc téacs an-ghlan.

Daidí na Nodlag – Dráma do Pháistí (ar athláimh)

Tomás Luibhéid, Brún agus Ó Nualláin Teoranta. Leabhrán beag bídeach, smál ar an gclúdach. Meirg ar an stápla. Stampaí taobh istigh.

The Master Plan – Himmler’s Scholars and the Holocaust (ar athláimh)

Heather Pringle. Harper Perennial, 2006. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Dorchú ar an imeall.

Wales-Ireland A TV Contrast (ar athláimh)

Harri Pritchard Jones. Leabhrán bog, riocht cuibheasach. Ruachan ar an chlúdach agus taobh istigh.

The Wheaton Fixed Price Plan (ar athláimh)

Keep on the right track and coast into 1977 with the Wheaton Fixed Price Plan. A. Wheaton & Company. Clúdach crua le forchlúdach, riocht an-mhaith. Cúpla marc ar an bhforchlúdach, dath ídithe in áit agus ar an droim. Bloc téacs an-ghlan.

Géograif don Ghaedheal Óg – Cuid a hAon (ar athláimh)

Éire. Liam Ó Briain a d’aistrigh. Comhlucht Oideachais na hÉireann, 1930. Clúdach crua gan fhorchlúdach. Riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe, na himill beagáinín caite agus smál air. Dorchú agus spotaí ar an taobh. Ainmneacha na n-iar-úinéirí taobh istigh. Léarscáil fillte greamaithe isteach ar cúl an leabhair, ruachan uirthi sin.

Dialann Oilithrigh (ar athláimh)

Donchadh Ó Céileachair. Sáirséal agus Dill, 1972. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach, riocht an-mhaith. Smáil bheag ar an bhforchlúdach. Na leathanaigh an-ghlan.

An Aifric Theas (ar athláimh)

Éamonn Mac Giolla Iasachta. Oifig an tSoláthair. An Chéad chló, 1947. Clúdach crua gan forchlúdach, riocht maith. Dorchú ar an chlúdach agus smál air. Na cúinní beagáinín brúite. Spotaí ar an taobh agus imeall na leathanach.

Eireaball Spideoige (ar athláimh)

Seán Ó Ríordáin. Sáirséal agus Dill, 1970. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Cúpla smál beag ar an chlúdach, dath an droma ídithe. Na cúinní fíorbheagáinín caite. Bloc téacs an-ghlan.

Seoda an tSeabhaic (ar athláimh)

Jimín agus An Baile Seo Againne. Clódhanna Teo., an chéad chló 1974. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Imeall an chlúdaigh beagáinín caite. Ainm an iar-úinéara taobh istigh. Bloc téacs an-ghlan.

In Ardchathair na hEorpa (ar athláimh)

Seán Ó Lúing. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1976. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach, riocht an-mhaith. Dorchú ar an taobh.

Measgra Dánta II (ar athláimh)

Miscellaneous Irish Poems. Cuid a dó. Curtha in eagar ag Thomas F. O’Rahilly. Cló Ollscoile Chorcaí 1977. Clúdach bog, riocht maith. Greamán agus marc ó chupán tae ar chúl. Na leathanaigh an-ghlan.

Chasing Progress in the Irish Republic (ar athláimh)

Ideology, democracy and dependent development. John Kurt Jacobsen. Cambridge University Press, 1994. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Smál beag ar chúl.

Comhcheilg na Mainistreach Móire (ar athláimh)

An tAth. Colmcille. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1968. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Riocht maith. Forchlúdach beagáinín rocach agus smál beaga air. Na leathanaigh an-ghlan.

Bookbinding for Librarians (ar athláimh)

Eric A. Clough. Association of Assistant Librarians, 1957. Clúdach crua, gan fhorchlúdach. I riocht maith. Smál ar an gclúdach. Cóip iar-leabharlainne. Stampaí úsáidte ar an leathanach teidil.

Fearfeasa MacFeasa (ar athláimh)

Pádraic Ó Conaire. Clúdach crua, gan forchlúdach. Smál ar an chlúdach agus imeall/droim caite. Dorchú ar na leathanaigh, spotaí ar an taobh.

An Gearrscéal sa Ghaeilge 1898-1940 (ar athláimh)

Aisling Nic Dhonnchadha. An Clóchomhar 1981. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil