Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Mise agus Platero (ar athláimh)

Juan Ramón Jiménez. Aistrithe ag Aodh Ó Canainn. Coiscéim, 1991. Clúdach bog, riocht maith. Marc beag ar an chlúdach, dorchú ar na leathanaigh.

Tír na nIongantas [glan] (ar athláimh)

Pádraic Ó Conaire. Powell Press, gan dáta. Clúdach bog, riocht maith go leor. Dath an chlúdaigh ídithe, roinnt smáil beaga air. Meirg ar na stáplaí. Bloc téacs an-ghlan.

Comhcheilg sa Chaisleán (ar athláimh)

Leon Ó Broin. Sáirséal agus Dill, 1963. Clúdach crua, gan fhorchlúdach. Ainm an iar-úinéara scríofa taobh istigh. Caite in áiteanna agus smál beag ar an gclúdach

Lá Fhéile Bríde (ar athláimh)

Seán C. Ó Súilleabháin. Clódhanna Teoranta, an chéad chló 1977. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Dath an chlúdaigh ídithe agus smáil air. Na leathanaigh an-ghlan.

Dánta céadbhliana Meán-Teastais (ar athláimh)

Leabhar bog, i riocht an-mhaith. Meirg an-bheag ar na stáplaí. Clúdach páipéir timpeall air.

Four Irish Landscape Painters – George Barret. R.A., James A. O’Connor, Walter Osborne. R.H.A., Nathaniel Hone, R.H.A. [crua, 1920] (ar athláimh)

Clúdach crua. Riocht maith. Níl forchlúdach leis. Pláta leabhar an Uachtaráin Seán T. Ó Ceallaigh leis. Dath dorcha ar an bpáipéar. Thomas Bodkin. The Talbot Press, 236 lth. De réir comhaontú leis an té a thug na leabhair seo dúinn, tá an praghas díolta ar an leabhar seo á choinneáil chomh híseal agus is féidir…

The Formation of the Irish Economy (ar athláimh)

The Thomas Davis Lectures. Curtha in eagar ag L.M. Cullen. The Mercier Press, 1976. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach. Dorchú ar na leathanaigh.

Names for Love (ar athláimh)

Patrick Deeley. Dedalus, 1990. Clúdach bog, riocht iontach.

Go Meiriceá Siar (ar athláimh)

Stiofán Ó hAnnracháin. An Clóchomhar Teoranta, 1979. Clúdach crua le forchlúdach, clúdach caite agus dath an fhorchlúdaigh ídithe. Clúdach crua i riocht maith, bloc téacs glan.

Irish Freedom – The History of Nationalism in Ireland (ar athláimh)

Richard English. MacMillan, 2006. Clúdach crua le forchlúdach, riocht an-mhaith. Na leathanaigh beagáinín dorcha ach an-ghlan.

Mí in Éirinn (ar athláimh)

Curtha in eagar ag an Seabhac. Comhlucht Oideachais na hÉireann, Tta. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Dath an chlúdaigh ídithe agus smál air. Píosa scríbhneoireachta ar an chlúdach chomh maith agus na himill caite. Bloc téacs an-ghlan. Sa seanchló.

Mo Dhá Róisín (ar athláimh)

Séamus Ó Grianna (‘Máire’). Faoi Chomhartha na dTrí gCoinneal, 1948. Clúdach bog gan fhorchlúdach. Riocht an-mhaith. Dorchú ar na leathanaigh, atá glan, gan ach beagáinín ruachan ar cúpla leathanach. Síniú an iar-úinéara scríofa istigh.

Lá agus Oidhche (ar athláimh)

Micheál Mac Liammóir. Clúdach crua. Smál ar an gclúdach, spotaí ar an imeall. C.S. Ó Fallamhain 1929. Bloc téacs saor ó scríbhneoireacht. Riocht cuibheasach maith.

Feis (ar athláimh)

Nuala Ní Dhomhnaill. An Sagart, 1991. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith. Dath an bhforchlúdaigh ídithe ar barr agus ar an droim. Smál air agus stróicthe píosa ar chúl. Bloc téacs an-ghlan.

Scríobh 2 (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Seán Ó Mórdha. An Clóchomhar Tta, 1975. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach agus dath ídithe ar an imeall. Spotaí ar an taobh.

Colonial Ireland – 1169-1369 (ar athláimh)

Helicon History of Ireland. Robin Frame. Helicon Ltd., 1981. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

The Irish Harp / Cláirseach na hÉireann (ar athláimh)

Irish Life and Culture, XVI. Joan Rimmer. The Mercier Press, 1977. Clúdach bog, i riocht an-mhaith.

Seán Ó Ríordáin – Saothar an Fhile (ar athláimh)

Seán Ó Tuama. Oideas Mercier, 1975. Clúdach bog, riocht maith. Smál/marcanna ar an chlúdach. Na leathanaigh an-ghlan.

Téid Focal le Gaoith (ar athláimh)

Proinsias Mac an Bheatha. Foilseacháin Náisúnta Teoranta. An Chéad Chló, Eagrán an Chlub Leabhar 1967. Riocht maith. Clúdach crua le forchlúdach. Forchlúdach caite agus an dath ídithe, smál air. Leabhar crua féin i riocht maith, dath an chlúdaigh ídithe. Bloc téacs an-ghlan.

Dónall Ó Conaill (ar athláimh)

An tAthair Antaine Ó Duibhir. Oifig an tSoláthair, 1967. Clúdach crua le forchlúdach, i riocht cuibheasach maith. Forchlúdach stróicthe ar barr. Cnag ar an bhforchlúdach agus é caite ar an imeall. Smál ar na leathanaigh ceangail.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil