Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Pádhraic Mháire Bháin nó An Gol agus an Gáire (ar athláimh)

Clúdach crua. Smál áirithe ar an gclúdach tosaigh. Dath ídithe ar an droim. Spotaí in áiteanna, páipéar eile bán greamaithe de in áiteanna (na spotaí bána). Ainm agus stampa iar-úinéara ar an leathanach ceangail. An ceathramhadh cur-amach.

What did I die of? (ar athláimh)

The Deaths of Parnell, Wilde, Synge and other Literary Pathologies. J.B. Lyons. The Lilliput Press, 1991. Clúdach bog. Riocht an-mhaith. 233 lch

Megalithic Art in Ireland (ar athláimh)

Dr Muiris O’Sullivan. Country House, 1993. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Leathanaigh an-ghlan.

Samuel Ferguson – Beatha agus Saothar (ar athláimh)

Gréagóir Ó Dúill. An Clóchomhar Tta., 1993. Clúdach bog, riocht maith. Sínithe ag an údar. Dath an chlúdaigh ídithe, smál ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Galvia (ar athláimh)

Irisleabhar Chumann Seandáluíochta is Staire na Gaillimhe. Imleabhar X, 1964-65. Clúdach bog, riocht maith. Dorchú ar an chlúdach agus na leathanaigh ach na leathanaigh an-ghlan.

Manchán ar Seachrán – Ó Bhaile Átha Cliath go Nairobi i seanleoraí airm (ar athláimh)

Manchán Magan. Coiscéim, An Chead Chló, 1998. Clúdach bog, i riocht an-mhaith. Authors signature within.

Cobbett in Ireland – A Warning to England (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Denis Knight. Réamhrá le George Spater. Lawrence & Wishart, 1984. Clúdach bog, riocht maith. Dath ídithe ar a chlúdach. Dorchú ar an imeall. Smál ar chúl.

An Sloinnteoir Gaeilge agus an tAinmneoir – an tríú heagrán (ar athláimh)

An tríú heagrán Bealtaine 1982. Leabhrán. Clúdach beagán caite, dath ídithe. Nótaí scríofa isteach in áiteanna.

The Making of Northern Ireland … (ar athláimh)

… and the basis of its’ undoing. Dr. O’Connor Lysaght. Citizens Committee. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Smál agus ruachan ar an chlúdach agus dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

An Claíomh Geal (ar athláimh)

Críostóir Ó Floinn. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1953. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Riocht an-mhaith. Beagáinín caite sna cúinní. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Aeriris (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Proinsias Mac Aonghusa. An Clóchomhar Tta., 1976. Clúdach crua, le forchlúdach. Riocht maith. Forchlúdach caite ar an imeall agus smál air/dath ídithe. Leabhar crua féin i riocht maith, spotaí ar an taobh.

Trí Rainn agus Amhrán (ar athláimh)

Cathair Ó Dochartaigh, Colm Ó Baoill. Lagan Press, 1996. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Report of the Irish Boundary Commission. (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis. Forchlúach beagáinín caite, smál air. Dhá léarscáil mhóra leis, iad ann ina n-iomlán. Ruachan ar an leathanach ceangail ar cúl. Irish University Press, 1969.

An Bás i dTír na nÓg (ar athláimh)

Seán Ó Tuama. Coiscéim, 1988. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla marc ar an chlúdach.

Ceart na Sua [1964] (ar athláimh)

Liam Ó Catháin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1964. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Na cúinní fíorbheagáinín caite. Cúpla smál ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Duanaire Gaedhilge Vol. I (ar athláimh)

Róis Ní Ógáin. Comhlucht Oideachais na hÉireann, c.1928. Clúdach crua, riocht maith go leor. Droim agus na cúinní beagáinín caite, cúpla marc ar an chlúdach. Droim leochaileach taobh istigh, fuáil le feiceáil. Ainm an iar-úinéara ar an leathanach cheangail. Píosa scríbhneoireachta ar roinnt leathanaigh ag an tús i bpeann luaidhe. Leathanaigh glan seachas sin.

SHIÀNA (ar athláimh)

Peadar Ó Laeri. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Clúdach ídithe. Droim stróicthe. Bloc téacs i riocht maith

Araicis ’87 (ar athláimh)

In eagar ag Liam Ó Dochartaigh, 1988. Leabhrán a ghabh le comhdháil na hiarbhunscolaíochta – Imeachtaí – Luimneach 4ú agus 5ú Nollaig 1987

Dánta Meán Teistinméireachta 1964-65 (ar athláimh)

M. Ó hAnnracháin. Ó Fallúin, 1964. Clúdach bog, riocht maith go leor. Dorchú agus smál ar an chlúdach, cúpla roc air agus cúinní lúbtha. Cúpla spota ar imeall roinnt leathanaigh, ach bloc téacs an-ghlan go ginearálta.

St. Aidan and St. Colman or England’s Debt to the Isle of Saints (ar athláimh)

Association for the promotion of Christian Knowledge. 1932. Leabhrán. Clúdach bog. Meirg ar na stáplaí.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil