Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Éigse Nua-Ghaedhilge Cuid a hAon 1600-1700 (ar athláimh)

Comhlucht Oideachais na hÉireann. Clúdach crua. Riocht maith go leor. Spota dúiche ar an imeall. An clúdach crua beagán caite ar an imeall.

Leicseanáir I (ar athláimh)

Cuid I. An Aidbhint agus An Nollaig. An Sagart, 1970. Clúdach bog, riocht maith. Deannach ar an chlúdach agus cúpla smál beag air. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna, dath an droma ídithe. Na himill beagáinín caite. Na leathanaigh an-ghlan.

Iósaf – Céile na Maighdine (ar athláimh)

Seán de hÍde. FÁS, an chéad chló 1958. Clúdach bog, riocht maith go leor. Smál ar an chlúdach, imeall beagáinín caite. Bloc téacs an-ghlan.

Féar Suaithinseach [1984] (ar athláimh)

Nuala Ní Dhomhnaill. An Sagart a d’fhoilsigh. Clúdach crua, forchlúdach leis, riocht maith. Cliodhna Cussen a dhear an clúdach.

Art Ó Gríofa (ar athláimh)

Seán Ó Lúing. Sáirséal agus Dill, 1953. Clúdach crua, i ndroch-riocht. Bloc téacs i riocht maith. Spotaí ar barr agus ar an gclúdach. Smál ar an gclúdach. Droim stróicthe agus gruagach. Clúdach ídithe. Sínithe ag an iar-úinéir taobh istigh.

Tomáisín agus An Plúirín Sneachta (ar athláimh)

Drámaí i gCóir na Scol. S. M. C. Alec Tom agus a Chuid, Teo. Leabhrán bog, riocht cuibheasach. Smál ar an chlúdach. Meirg ar na stáplaí. Dorchú ar na leathanaigh.

Machtnamh Seana-Mhná (ar athláimh)

Peig Sayers. Curtha in eagar ag Máire Ní Chinnéide. Oifig an tSoláthair, 1946. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith. Roinnt smál beaga ar an bhforchlúdach. Ainm an iar-úinéara taobh istigh. Na leathanaigh an-ghlan.

Iris Teoin 1953 Wolfe Tone Annual (ar athláimh)

Brian O’Higgins, 1953. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Dorchú ar an chlúdach agus smál/spotaí air. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan. Meirg ar na stáplaí.

The Irish Republic (ar athláimh)

A Documented Chronicle of the Anglo-Irish Conflict and the Partitioning of Ireland, with a Detailed Account of the Period 1916-1923. Dorothy McArdle. Réamhrá le Éamon De Valera. Irish Press Ltd., 1951. Clúdach crua, riocht cuibheasach caite. Téip ar an droim. Roinnt mhaith smál air. Clúdach ag éalú ón droim ar chúl, gan téip. Dorchú ar…

Corca Dhuibhne (ar athláimh)

i Aos Iorruis Tuaiscirt agus Uí Fhearba. Doncha Ó Conchuir, Clódhanna Teoranta. An Chéad Chló, 1973. Clúdach bog. Forchlúdach le dath ídithe.

Caiseal na gCorr (ar athláimh)

Cathal Ó Searcaigh. Grianghraifeanna le Jan Voster. Clúdach crua, clúdaithe le plaisteach fós. Geall le leabhar nua.

The Schoolboy’s Pocket Book (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Carlton Wallace. Evans Brothers Limited, 1959. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla smál ar an chlúdach, cúinní beagáinín brúite. Dath an droma ídithe. Bloc téacs an-ghlan.

Máire Mhic Ghiolla Íosa (ar athláimh)

Ray Mac Mánais, Cló Iar-Chonnachta. An Chéad Chló, 2003. Clúdach crua le forchlúdach. Riocht sármhaith. Bloc téacs an-ghlan.

English-Irish Phrase Dictionary (ar athláimh)

Rev. L. McKenna, S.J., M.A. Clúdach crua, níl forchlúdach leis. Marcanna ar an gclúdach. Bloc téacs glan, riocht maith. 285 lth.

Nua Aois 1984 (ar athláimh)

Caoimhín Breatnach a chuir in eagar. An Cumann Liteartha, Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath. Clúdach bog. Smál ar an chlúdach, dath ídithe. Bloc téacs an-ghlan.

Scríobh 3 (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Seán Ó Mórdha. An Clóchomhar Tta, 1978. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach agus dath ídithe ar an imeall. Spotaí ar an taobh.

Máirtín Ó Direáin – File Tréadúil (ar athláimh)

Liam Prút. An Sagart, 1982. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Dath ídithe ar an droim.

Foclóir Bitheolaíochta (ar athláimh)

An Roinn Oideachais, An Chéad Chló 1968. Leabhrán bog, riocht cuibheasach maith. Dorchú ar na leathanaigh agus ar an gclúdach. Na leathanaigh an-ghlan.

Percy French and his Songs (ar athláimh)

With Music. James N. Healy. The Mercier Press, 1974. Clúdach bog, riocht maith go leor. Clúdach lúbtha, dorchú agus smáil air. Na leathanaigh an-ghlan.

Teacht na nGael go hÉirinn (ar athláimh)

Clíodna Cussen. Coiscéim, 1995. Clúdach bog, riocht iontach. Sínithe ag an údar.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil