Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Gleann ar Ghleann (ar athláimh)

Michael Davitt. Sáirséal Ó Marcaigh, 1981. Clúdach bog, riocht maith. Deannach agus cúpla marc ar an chlúdach. Imeall beagáinín caite. Bloc téacs an-ghlan.

Dolmen XXV (ar athláimh)

An Illustrated Bibliography of The Dolmen Press 1951-1976 Compiled by Liam Miller. Limited to 650 copies. The Dolmen Press, 1976. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith. Smál ar an bhforchlúdach, atá beagáinín caite agus stróicthe ar barr. Bloc téacs an-ghlan.

Seosamh Mac Grianna / Clár Saothair (ar athláimh)

Nollaig Mac Congáil. Coiscéim, 1990. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Dath an droim ídithe, smál beag ar chúl. Dorchú ar na leathanaigh.

An Geall a Briseadh (ar athláimh)

Clúdach crua, níl forchlúdach leis. Dath ar imeall an chlúdaigh ídithe; clúdach ar bharr an droma beagáinín stróicthe. 4ú eagrán, athchló 1969.

Louison – The life and loves of Marie Louise O’Morphi (ar athláimh)

Desmond Clarke. Blackstaff Press, 1979. Clúdach bog, riocht maith go leor. Deannach ar an bhforchlúdach. Cúpla smál beag taobh istigh, ach an-ghlan seachas sin.

Mo Chara Stiofán (ar athláimh)

Liam Ó Rinn. . Preas Dún Dealgan, 1939. Clúdach crua gan fhorchlúdach, i riocht maith. Imeall an droma caite beagáinín. Smál ar an taobh istigh den gclúdach. Dorchú ar na leathanaigh laistigh. Gearrthóg faoi Stiofán Mac Enna laistigh. Síniú an iar-úinéara laistigh.

Deoraidheacht (ar athláimh)

Pádraic Ó Conaire. Comhlucht Oideachais na hÉireann. Clúdach crua. Riocht an-mhaith. Marc ar an gclúdach. Níl forchlúdach leis.

Cuisle na hÉigse (ar athláimh)

Éamon Cuirtéis do chruinnigh. Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teor. Clúdach bog, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe agus píosa scríbhneoireachta air. Smál ar an chlúdach. Na leathanaigh an-ghlan. Nóta ar an gclúdach ‘foil. 1921’ [=foilsithe]. Dara? eagrán.

Two Godfathers of Revisionism (ar athláimh)

1916 in the Revisionist Canon. Pádraigh Ó Snodaigh. Fulcrum Press, 1991. Leabhrán bog. Smál ar an chlúdach, dath ídithe. Stróicthe sa chúinne ar barr beagáinín.

This House Was Mine (ar athláimh)

Francis MacManus. The Mercier Press, 1963. Clúdach bog, riocht maith go leor. Clúdach lúbtha, smáil air agus ar na leathanaigh cheangail Bloc téacs an-ghlan.

Lucht Ceoil [1932] (ar athláimh)

Barra Ó Caochlaigh. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais. Clúdach crua, Forchlúdach lámhdhéanta leis. Riocht maith.

Éigse Nua-Ghaedhilge Cuid a hAon 1600-1700 (ar athláimh)

Comhlucht Oideachais na hÉireann. Clúdach crua. Riocht maith go leor. Spota dúiche ar an imeall. An clúdach crua beagán caite ar an imeall.

Laochra Luimnigh (ar athláimh)

Uí Dhálaigh Luimnigh agus Éirí Amach na Cásca 1916. Nóra de hÓir. Cló Saoirse, 2001. Leabhrán bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach.

Iomramh Aigne (ar athláimh)

Gearóid Denvir. An Clóchomhar 1976. An chéad chló. Clúdach crua, forchlúdach leis. Riocht maith. An forchlúdach píosa beag caite.

A History of the Irish Post Office (ar athláimh)

Mairead Reynolds. MacDonnell Whyte Ltd., 1983. Clúdach bog, riocht maith. Smál agus beagáinín deannaigh ar an chlúdach. Dath an droma ídithe, Na leathanaiogh an-ghlan.

Lá an Phaoraigh (ar athláimh)

Seán Óg de Paor, Cló Iar-Chonnachta. An Chéad Chló, 2007. Clúdach bog. Riocht sár-mhaith. Bloc téacs an-ghlan. Sínithe ag an údar.

What did I die of? (ar athláimh)

The Deaths of Parnell, Wilde, Synge and other Literary Pathologies. J.B. Lyons. The Lilliput Press, 1991. Clúdach bog. Riocht an-mhaith. 233 lch

B’ait leo Bean [le forchlúdach] (ar athláimh)

Gnéithe den Idé-eolaíocht Inscne i dTraidisiún Liteartha na Gaeilge. Máirín Nic Eoin. An Clóchomhar teoranta 1998. Riocht an-mhaith. Clúdach crua le forchlúdach.

Cladóir agus scéalta eile (ar athláimh)

An Tonn Gheal (ar athláimh)

The bright wave. Curtha in eagar ag Dermot Bolger. Raven Arts Press. 1986. Clúdach crua le forchlúdach. Riocht maith. Forchlúdach beaganín caite. Smál ar an bhforchlúdach. Dath an fhorclúdaigh ídithe beaganín. Bloc téacs an-ghlan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil