Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Beart is Briathar 2 – Leabhar Saothair (ar athláimh)

Leabhar bog. Smál ar an gclúdach. Leabhar gramadaí don dalta meánscoile, leabhar oibre. Níl aon mharcanna ar na leathanaigh ná níl aon fhreagraí scríofa isteach ann.

Mo Ghaiscíoch, Mícheál (ar athláimh)

Clúdach bog, céad chló 1965, sa chló nua. Cathal Ó Sándair. Leathanaigh ag tús an leabhair a bhfuil marcanna orthu, déanta le peann luaidhe agus peann gorm. Níos lú i dtreo lár agus deireadh an leabhair. Oifig an tSoláthair.

Migmars (ar athláimh)

Gabriel Rosenstock. Ababúna, 1985. Clúdach bog, i riocht an-mhaith. Smál beag ar an gclúdach. Síniú an iar-úinéara laistigh.

Cnoc na Sí (ar athláimh)

Máiréad Ní Chinnéide. Clódhanna Teoranta, an chéad chló 1976. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla smál beag ar an chlúdach.

Letters from the Great Blasket (ar athláimh)

Eibhlís Ní Shúilleabháin. Mercier Press. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Smáil ar chúl.

An Eala Dhubh (ar athláimh)

Cliodna Cussen. Coiscéim, 1996. Clúdach bog, riocht iontach. Smál beag ar an chlúdach. Sínithe ag an údar, tiomnaithe don iar-úinéar.

The Crown of Ireland (ar athláimh)

Breandán Ó Buachalla. Arlen House, 2006. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Eireaball Spideoige [1952] (ar athláimh)

Seán Ó Ríordáin. Sáirséal agus Dill. An Chéad Chló, 1952. Clúdach crua, gan fhorchlúdach. Riocht maith go leor. Cúpla marc ar an chlúdach, spotaí ar an taobh. An imeall beagáinín caite. Ainm an iar-úinéara scríofa taobh istigh. Bloc téacs an-ghlan.

All Our Yesterdays (ar athláimh)

Declan Hassett. Mercier Press, 1998. Clúdach crua le forchlúdach. Riocht maith go leor. Smál agus deannach ar an bhforchlúdach. Leabhar crua féin i riocht an-mhaith. Bloc téacs an-ghlan.

An Bhratach (ar athláimh)

Máire. Oifig an tSoláthair, an chéad chló 1959. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith go leor. Imeall an chlúdaigh caite, cúinní caite, bun an droma caite. Smáil ar an chlúdach agus taobh. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Ó Neamh go hÁrainn (ar athláimh)

Le ‘Máire.’ Oifig an tSoláthair, An Chéad Chló, 1953. Clúdach crua gan fhorchlúdach, i riocht maith. An droim caite, stróiceacha ar an droim. Dorchú ar na leathanaigh laistigh, ruachan ar imeall na leathanach. Stampa iar-leabharlainne ar dhá leathanach.

The Stalker Affair and the Press (ar athláimh)

David Murphy, Unwin Hyman 1991. Clúdach bog, riocht maith.

The Letters of Saint Patrick (ar athláimh)

Daniel Conneely. An Sagart, 1993. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla smál ar an chlúdach. Na leathanaigh an-ghlan.

Uaigneas (ar athláimh)

Treoir don leabhar ‘Scothscéalta’ le Pádraic Ó Conaire. Pádraig Ó Croiligh. Oideas Mercier, 1972. Clúdach bog, riocht maith go leor. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna, dorchú ar na leathanaigh. Bloc téacs an-ghlan. Sínithe ag an údar.

Faoileán na Beatha (ar athláimh)

Seán Ó Tuama. An Clóchomhar Tta. An Chéad Chló, 1962. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith. Smál ar an chlúdach, cúinní brúite. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan. Spotaí ar an taobh.

The Book of Leinster, formerly Lebar na Núachongbála Vol. III [1957] (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis a bhfuil smál beag air. Riocht an-mhaith.

Green Tears for Hecuba (ar athláimh)

P.J. Twohig. Gaelic Press Ltd., 1979. Clúdach bog, riocht maith go leor. Dath an chlúdaigh ídithe, smáil air. Smáil taobh istigh, bloc téacs an-ghlan.

Lámhscríbhinn Staire an Bhionadaigh (ar athláimh)

Comhrac na nGael agus na Gall le Chéile. Réamonn Ó Muirí. Éigse Oirialla a d’fhoilsigh, 1994. Clúdach crua le forchlúdach, i riocht maith. Forchlúdach brúite beagáinín ar barr.

Dr Jekyll agus Mr Hyde [1929, crua] (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis. Spotaí ar an imeall agus ruachan istigh. Stampa iar-leabharlainne air. An forchlúdach beagán caite.

Duanaire Gaedhilge III (ar athláimh)

Vol.III. Róis Ní Ógáin. Comhlucht Oideachais na hÉireann, Tta. Clúdach crua, gan fhorchlúdach. Riocht maith go leor. Roinnt smál ar an chlúdach, cúinní & droim caite. Spotaí agus stampa iarleabharlainne ar an taobh. Bloc téacs glan seachas nótaí beaga i bpeann luaidhe ar chúpla leathanach. Poill ar barr cúpla leathanach ar chúl chomh maith.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil