Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Mise Raifteirí an File (ar athláimh)

Críostóir Ó Floinn. Sáirséal Ó Marcaigh, 1984. Clúdach leath-chrua, riocht maith. Dath an droma ídithe, roinnt marcanna ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Sgéalaidheachta as an mBíobla Naomhtha (ar athláimh)

Cuid a h-Aon. An tAthair Peadar Ua Laoghaire. Brún agus Ó Nualláin, Teor. 1922. Clúdach leath-chrua, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe agus cúpla smál air. Dorchú ar na leathanaigh ach bloc téacs an-ghlan.

Eireaball Spideoige (ar athláimh)

Seán Ó Ríordáin. Sáirséal agus Dill, 1970. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Cúpla smál beag ar an chlúdach, dath an droma ídithe. Na cúinní fíorbheagáinín caite. Bloc téacs an-ghlan.

Iveagh House – a Historical Description (ar athláimh)

Aspects of Ireland/Gnéithe dár nDúchas 2. Department of Foreign Affairs, 1978. Clúdach bog, riocht maith. Cúinní beagáinín caite. Smáil ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Margadh na Saoire (ar athláimh)

Máire Mhac an tSaoi. Sáirséal agus Dill, 1971. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Riocht an-mhaith. Cúpla smál beag ar an bhforchlúdach. Clúaisín cait ar an leathanach cheangal. Bloc téacs an-ghlan.

Díolaim Iriseora [sínithe, 1970] (ar athláimh)

Cúdach crua, forchlúdach leis. Dath an fhorchlúdaigh ídithe. Clúdach crua agus bloc téacs i riocht an-mhaith. Sínithe ag an údar le dúch dubh. FNT. 1970.

Tigheas (ar athláimh)

Ruth Binnie, Julia E. Boxall. Mícheál Ó Gríobhtha a d’aistrigh ón mBéarla. Oifig an tSoláthair. Aistriú é seo ar Hpusecraft, Principles and Practice.

Cré na Cille [1996] (ar athláimh)

Máirtín Ó Cadhain. Sáirséal Ó Marcaigh, 1996. Clúdach bog. Geall le bheith nua.

William Molyneux of Dublin (ar athláimh)

A Life of the Seventeenth-Century Political Writer & Scientist. J.G. Simms. Irish Academic Press, 1982. Clúdach bog, smál beag air agus dath ídithe ar an droim. Riocht maith.

Henry Grattan & His Times (ar athláimh)

Stephen Gwynn. Browne & Nolan Ltd., 1939. Clúdach crua, gan forchlúdach. Smál ar an chlúdach agus dorchú áit ina raibh leabhar eile ar bharr. Dath ídithe ar an droim, dorchú ar an taobh. Spotaí ar an taobh. Dorchú ar na leathanaigh.

Triúr Againn (ar athláimh)

Siobhán Ní Shúilleabháin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1955. Clúdach crua, riocht an-mhaith. Dath an droma ídithe, cúpla smál beag ar an chlúdach. Cúinní caite. Bloc téacs an-ghlan.

Buntús Cainte – First Steps in Spoken Irish – Céim a hAon [céad eagrán] (ar athláimh)

Clúdach bog, riocht an-mhaith, na léaráidí mar ba cheart iad a bheith an chéad lá – soiléir, glan. Clúdaithe le páipéar donn.

Comhad Caoch (ar athláimh)

Seán Ó Siadhail. Coiscéim, 1993. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Bibeanna – Memories from a Corner of Ireland (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Brenda Ní Shuilleabháin, Mercier Press. 2007. Clúdach bog. Riocht sár-mhaith. Bloc téacs an-ghlan.

The Model Grammar and Composition for Senior Classes (ar athláimh)

The Educational Company. Leabhrán bog, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe, smál ar an chlúdach. Meirg ar na stáplaí.

Tart na Córa (ar athláimh)

Séamas Ó Conghaile – a shaol agus a shaothar. Proinsias Mac an Bheatha. Foillseacháin Náisiúnta Teo. An Chéad Cló. Clúdach bog, riocht maith. Clúdach beagáinín caite, smál beag air. Dorchú ar na leathanaigh. Spotaí ar an taobh.

An Piarsach Óg agus Conradh na Gaeilge (ar athláimh)

Frank O’Brien. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Smál ar an chlúdach agus meirg ar na stáplaí. Bloc téacs an-ghlan.

The Schoolboy’s Pocket Book (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Carlton Wallace. Evans Brothers Limited, 1959. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla smál ar an chlúdach, cúinní beagáinín brúite. Dath an droma ídithe. Bloc téacs an-ghlan.

The Home Book of Irish Humor (ar athláimh)

Selected and Edited with Commentaries by John McCarthy. Dodd, Mead & Company, 1968. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith go leor. Dath an bhforchlúdaigh ídithe in áiteanna, deannach agus smál air. Smál uisce ar an leabhar crua, riocht maith seachas sin. Deannach ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Jimín (ar athláimh)

Comhlacht Oideachais na hÉireann. An Seabhac. Clúdach leath-chrua, riocht maith. Smál agus dorchú ar an chlúdach. Spotaí ar an taobh. Na leathanaigh an-ghlan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil