Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Foras Feasa ar Theagasc na h-Eaglaise (ar athláimh)

An t-Athair Pádraig Mac Giolla Cheara do scríobh. Foillsigheadh de’n chéad uair, 1937. Dorchú ar na leathanaigh. Clúdach crua gan fhorchlúdach, i riocht maith. Ruachan ar na leathanaigh. Síniú an iar-úinéara laistigh.

Ag Scaoileadh Sceoil (ar athláimh)

Seosamh Ó Duibhginn. An Clóchomhar Tta., 1962. Clúdach crua, riocht maith. Forchlúdach leis, caite ar an imeall agus smál air. Clúdach crua féin i riocht an-mhaith. Píosa scríbhneoireachta taobh istigh.

Comhcheilg na Mainistreach Móire (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach plaisteach leis. An tAthair Colmcille OCSO. Riocht an-mhaith. Sáirséal agus Dill 1968. Ainm an iar-úinéara scríofa taobh istigh.

Crann a Chraobhaigh (ar athláimh)

Cnuasach Aistí. An Comhchaidreamh. Stiofán Ó hAnnracháin a chóirigh. An Clóchomhar Tta., 1985. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach. Ainm an iar-úinéar scríofa taobh istigh.

Críost Mac Dé (cuid a trí) – Peadar Ua Laoghaire (ar athláimh)

1925, foilsithe i ndiaidh bhás an Athair Peadar. Brún agus Ó Nualláin. Clúdach crua, riocht an-mhaith.

Milis an Teanga (ar athláimh)

Pádraig Ó Fiannachta, Mercier. 1974. Clúdach bog le smáil. Riocht maith. Bloc téacs glan. Greamán ar cúl.

Take the Faroes for Example… (ar athláimh)

The Arguments for Self-Government in the Provinces & The Gaeltacht. Desmond Fennell. Pobal Teoranta. Leabhrán bog, riocht maith. Cúpla smál beag ar an chlúdach.

Pádraic Ó Conaire (ar athláimh)

Clúdach crua, an-caite. Stróicthe ar an droim. An chéad chló 1947, Á. Ní Chnáimhín a scríobh. An téacs saor ó mharcanna, an clúdach i ndroch-chaoi.

Introduction to Studies in Modern Irish (ar athláimh)

A Handbook for Teachers and Beginners. Rev Gerald O’Nolan. The Educational Company of Ireland, 1921. Clúdach crua, riocht maith. Smál ar an chlúdach, caite beagáinín ar an imeall. Dorchú ar na leathanaigh ach an bloc téacs an-ghlan.

Icarus – Trinity Term 1984 (ar athláimh)

Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach. Ainm an iar-úinéara ar an chlúdach.

Eachtraidheacht (ar athláimh)

Riocht an-mhaith. Ainm an iar-úinéara istigh ar an leathanach ceangail. Nótaí breactha le peann luaidhe ar chuid de na leathanaigh.

Leicseanáir III (ar athláimh)

Cuid III. Seachtainí na Bliana 1-17. An Sagart, 1970. Clúdach bog, riocht maith. Deannach ar an chlúdach agus cúpla smál beag air. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna, dath an droma ídithe. Na himill beagáinín caite. Na leathanaigh an-ghlan.

Ardfhear (ar athláimh)

Diarmuid Ó Donnchadha. Coiscéim, 1992. Clúdach bog, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna, cúpla marc beag air. Dorchú/spotaí ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Caitheamh Aimsire ar Thórraimh (ar athláimh)

Seán Ó Súilleabháin, An Clóchmhar Tta. An Chéad Chló, 1961. Clúdach crua le forchlúdach caite, leabhar crua féin i riocht an-mhaith. Bloc

An Tost a Scagadh (ar athláimh)

Michael Davitt. Coiscéim, an chéad chló 1993. Clúdach bog, riocht iontach. Cúpla marc ar an taobh.

Trom agus Éadrom (ar athláimh)

Mícheál Breathnach. Comhlucht Oideachais na hÉireann. Clúdach bog, riocht caite. Smál agus breacphicitúir ar an chlúdach, cúinní lúbtha agus droim stróicthe. Breacphicitúir taobh istigh agus scríbhneoireacht ar na leathanaigh.

Tonn Tuile [1947, bog] (ar athláimh)

Séamus Ó Néill. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1947. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Cúpla smál an-bheag ar an chlúdach, caite beagáinín ar barr. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

De Valera: Long Fellow, Long Shadow (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis. Smál beag ar an bhforchlúdach. Riocht an-mhaith. Tim Pat Coogan.

Féar Suaithinseach (ar athláimh)

Nuala Ní Dhomhnaill. An Sagart, 1984. Sínithe. Leabhar bog, riocht maith. Cúpla marc air.

Stones of Aran – Pilgrimage (ar athláimh)

Tim Robinson. Penguin Books, 1986. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Droim rocach, imeall beagáinín caite. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil