Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

An tIomaire Rua (ar athláimh)

Cogadh na Saoirse i dTuaisceart Chonamara. An tOllamh Tomás Ó Máille. An Gúm, 2007. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Cladóir agus scéalta eile (ar athláimh)

Díoghlaim Diadhachta [1947] (ar athláimh)

Taighde ar théarmaí diadhachta agus cráibhtheachta na Gaedhilge.’ Leabhrán, an tAth. Brian Ó Ceallaigh. Comhlucht Oideachais na hÉireann. Meirg ar na stáplaí. Riocht maith. Ainm an iar-úinéara ar an leathanach teidil.

The Living Landscape – Kilgalligan, Erris County Mayo (ar athláimh)

Séamas Ó Catháin, Patrick O’Hanagan. Comhairle Bhéaloideas Éireann, 1975. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith go leor. Dath an fhorchlúdaigh ídithe in áiteanna agus roinnt smáil air. Na cúinní caite. Bloc téacs an-ghlan.

Seit 4 Leabhar le James Connolly [crua] (ar athláimh)

Clúdach crua ar gach ceann agus forchlúdach leo. Labour and Easter Week 1916 (athchló 1966) Labour in Ireland (níl bliain luaite leis) Socialism and Nationalism 1948 The Worker’s Republic 1951 Foilsithe ag Sign of the Three Candles, Faoi Chomhartha na dTrí Choinneal

An Cailín Aimsire Abú (ar athláimh)

Dráma grinn le Bháitéar Ó Maicín. An chéad chló 1953. Clúdach bog, Dath ídithe ar an gclúdach, smál air. Nótaí istigh ar chuid mhór de na leathanaigh sa chéad leath.

Faill ar an bhFeart (ar athláimh)

Dráma trí ghníomh. Séamus Ó Néill. Sáirséal agus Dill, An Chéad Chló 1967. Clúdach crua, i riocht an-mhaith. Forchlúdach plaisteach air. Na leathanaigh an-ghlan.

Giotaí as Cúirt an Mheadhon-Oidhche (ar athláimh)

Maille le nótaí. Conall Cearnach. Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teor. Clúdach crua, gan fhorchlúdach. Riocht maith go leor. Smál agus scríbhneoireacht ar an chlúdach. Dath an droma ídithe. Smál ar na leathanaigh cheangail. Dorchú ar na leathanaigh. Bloc téacs an-ghlan.

Cois Máighe na gCaor (ar athláimh)

Mainchín Seoighe. FNT, 1965. Clúdach crua, forchlúdach leis. Fórchlúdach caite. Ainm an iar-úinéir scríofa taobh istigh. 203 lch.

Cruithneacht is Ceannabháin (ar athláimh)

Tomás Bairéad. Comhlucht Oideachais na hÉireann. Clúdach crua, le forchlúdach plaisteach. An forchlúdach caite agus marcanna air. Nótaí scríofa i bpeann luaidhe ar na leathanaigh. Dorchú ar na leathanaigh.

Gluais de Théarmaí Teileachumarsáide Béarla-Gaeilge (ar athláimh)

Grúpa Stiúrtha na Gaeilge, Telecom Éireann, 1991. Clúdach bog, riocht maith. Dath ídithe.

Ceol agus Amhránaíocht na hÉireann (ar athláimh)

Irish Folk Music and Song. Donal O’Sullivan. The Cultural Relations Committee of Ireland, 1961. Clúdach bog, riocht maith. Droim stróichte beagáinín ar barr agus bun. Píosa scríbhneoireachta agus smál ar an chlúdach, roc air. Bloc téacs an-ghlan.

The Damnable Question (ar athláimh)

A study in Anglo-Irish relations. George Dangerfield. Constable London, 1977. Clúdach crua, le forchlúdach. Riocht maith. Dath an fhorchlúdaigh agud dath an droma ídíthe. Spotaí ar barr. Smál beag ar an gcéad chúpla leathanach. 400 lch.

Lá Fhéile Bríde (ar athláimh)

Seán C. Ó Súilleabháin. Clódhanna Teoranta, an chéad chló 1977. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Dath an chlúdaigh ídithe agus smáil air. Na leathanaigh an-ghlan.

Craobhóg Dán (ar athláimh)

Máirtín Ó Direáin. Clúdach crua, forchlúdach leis. Forchlúdach beagáinín caite. Clúdach crua agus leathanaigh i riocht an-mhaith.

Éireannaigh san Eolaíocht (ar athláimh)

Séamus Mac Cnáimhín. Clúdach crua, forchlúdach leis agus smál air. Spotaí ar imeall an bhloc téacs. Ainm an iar-úinéara air. Oifig an tSoláthair 1966.

Comhcheilg na Mainistreach Móire (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach plaisteach leis. An tAthair Colmcille OCSO. Riocht an-mhaith. Sáirséal agus Dill 1968. Ainm an iar-úinéara scríofa taobh istigh.

Rogha na nÚdar – Cúrsa leanúna san Ghaeilge (ar athláimh)

Leabhar bog. Ciumhas na leathanach dorcha. Fíorbheagán nótaí istigh. Ainm an iar-úinéara istigh chun tosaigh. 184 leathanach.

An Rúraíocht (ar athláimh)

Cormac Ó Cadhlaigh. Oifig an tSoláthair. An Chéad Cló, 1956. Clúdach crua, gan forchlúdach. Riocht maith go leor. Imeall agus droim caite, marcanna agus smál ar an chlúdach. Dorchú ar na leathanaigh. Ainm an iar-úinéara scríofa taobh istigh.

Iníon Rí Dhún Sobhairce (ar athláimh)

Séamus Ó Néill. Sáirséal agus Dill, 1975. Clúdach bog, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil