Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Ár Ré Dhearóil (ar athláimh)

Dánta le Máirtín Ó Direáin. An Clóchomhar Tta, 1962. An Chéad Cló. Clúdach crua gan forchlúdach, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe áit ina raibh leabhar eile ar barr. Cúpla smál beag air. Ainm an iar-úinéara taobh istigh.

Introduction to Studies in Modern Irish (ar athláimh)

A Handbook for Teachers and Beginners. Rev Gerald O’Nolan. The Educational Company of Ireland, 1921. Clúdach crua, riocht maith. Smál ar an chlúdach, caite beagáinín ar an imeall. Dorchú ar na leathanaigh ach an bloc téacs an-ghlan.

Cúis Náire agus Bróid (ar athláimh)

Proinsiad Ó Mianáin agus Cearta Gael. Ristéárd Ó Glaisne. Coiscéim, 1988. Clúdach bog. Riocht maith. Clúdach agus droim ídithe

Inlaws and Outlaws (ar athláimh)

John B. Keane. Mercier Press, 1995. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Cúpla smál an-bheag ar an chlúdach agus taobh.

Saothar Dhámh-sgoile Mhúsgraighe (ar athláimh)

Dómhnall Ó Ceocháin. Comhlucht Clódála Átha-Luain, Teoranta, 1933. Clúdach crua gan fhorchlúdach. Riocht maith. Ainm an iar-úinéara scríofa ar an leathanach ceangal. Dorchú ar na leathanaigh agus spotaí ruachain ar imeall na leathanach. Bloc téacs an-ghlan.

Cúrsaí Thomáis [1927] (ar athláimh)

Clúdach crua, dath iomlán imithe uaidh agus an téacs air doléite. An chuid eile den leabhar i riocht cuibheasach maith. Hodges 7 Figgis 1927.

Adios (ar athláimh)

Tarlach Ó hUid. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta. An Chéad Chló 1975. Clúdach crua le forchlúdach atá caite. Stróiceanna ar droim an fhorchlúdaigh. Na himill caite agus an dath ídithe. An bloc téacs an-ghlan. Síniú an iar-úinéara laistigh.

Na hAird Ó Thuaidh (ar athláimh)

Pádraig Ua Maoileoin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1960. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna, roinnt smál air. Cúinní beagáinín brúite. Bloc téacs an-ghlan.

Éireannaigh san Eolaíocht (ar athláimh)

Séamus Mac Cnáimhín. Clúdach crua, forchlúdach leis agus smál air. Spotaí ar imeall an bhloc téacs. Ainm an iar-úinéara air. Oifig an tSoláthair 1966.

Caint an Chláir (ar athláimh)

An tAth. Seoirse Mac Clúin. Oifig an tSoláthair, 1940. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht cuibheasach. Marcanna agus deannach ar an chlúdach, cúinní beagáinín caite. Droim leochaileach taobh istigh, fuáil le feiceáil. Stampa iar-leabharlainne air agus píosa scríbhneoireachta ar roinnt leathanaigh.

Aimsir Óg 3 – Cúrsaí Reatha (ar athláimh)

Eagarthóir: Micheál Ó Cearúil. Coiscéim, 2002. Clúdach bog, riocht an-mhaith

Scríbhne Risteird de hIndeberg (ar athláimh)

Sagart dona Déisibh. Seán Ó Currín. Eachtra an Ghobbáin Saoir maille le gluais agus foclóir. Clúdach crua. Riocht cuibheasach maith. Spotaí ar an imeall agus ar na chéad cúpla leathanach. Leathanaigh ídithe, clúdach ídithe. Clúdach beagán caite.

Lá Dár Saol (ar athláimh)

Seán Ó Criomhthain. An Gúm, 1969. Clúdach bog, i riocht an-mhaith. Síniú an iar-úinéara laistigh

An Fear Fada Caol (ar athláimh)

Eoghan Ó Grádaigh. Sáirséal agus Dill, 1963. Clúdach leath-chrua, riocht maith go leor. Dorchú ar an droim agus clúdach. Smál ar an chlúdach chomh maith. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Ceathrar Cliste (ar athláimh)

Lughaidh Mac Feorais (Caoimhín Ó Nualláin). Oifig an tSoláthair. An Chéad Chló, 1954. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith. Smál ar an bhforchlúdach, spotaí ar an taobh. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

Athaoibhneas (ar athláimh)

Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Dath dorcha ar na leathanaigh. Pádhraic Óg Ó Conaire.

B’ait leo Bean [le forchlúdach] (ar athláimh)

Gnéithe den Idé-eolaíocht Inscne i dTraidisiún Liteartha na Gaeilge. Máirín Nic Eoin. An Clóchomhar teoranta 1998. Riocht an-mhaith. Clúdach crua le forchlúdach.

An Geall a Briseadh (ar athláimh)

Clúdach crua, níl forchlúdach leis. Dath ar imeall an chlúdaigh ídithe; clúdach ar bharr an droma beagáinín stróicthe. 4ú eagrán, athchló 1969.

Idir shúgradh agus dáiríre (ar athláimh)

Máirtín Ó Cadhain. Athchló agus gluais, 1947. Oifig an tSoláthair. Clúdach crua, gan fhorchlúdach. Clúdach caite, droim caite.

Pray for the Wanderer (ar athláimh)

Kate O’Brien. Penguin Books, 1951. Riocht an-mhaith. Smál ar an chlúdach agus dorchú ar an imeall.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil