Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Na Buachaillí Dána (ar athláimh)

Cathal Ó Searcaigh, Gabriel Rosenstock agus ról comhaimseartha an fhile sa Ghaeilge. Pádraig de Paor. An Clóchomhar Tta, 2005. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Smál beag ar chúl.

Dánta Meán Teistinméireachta 1964-65 (ar athláimh)

M. Ó hAnnracháin. Ó Fallúin, 1964. Clúdach bog, riocht maith go leor. Dorchú agus smál ar an chlúdach, cúpla roc air agus cúinní lúbtha. Cúpla spota ar imeall roinnt leathanaigh, ach bloc téacs an-ghlan go ginearálta.

Trialacha Gaeilge (ar athláimh)

C. Ó Broin. Ó Fallúin. Leabhrán bog, riocht cuibheasach maith. Clúdach beagáinín caite, smál agus dorchú air. Scríbhneoireacht taobh istigh.

Dánta 1939-1979 (ar athláimh)

Máirtín Ó Direáin, An Clóchomhar 1980. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Idir croí is anam (De toute son âme) (ar athláimh)

Pádraig Ua Buachalla a d’aistrigh. René Bazin. An chéad chló 1957. Oifig an tSoláthair. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith.

Rialachas san Froinsias (ar athláimh)

Institiúid Ard-léinn Bhaile Átha Cliath, 1953. Clúdach crua, níl forchlúdach leis. Riocht an-mhaith.

Ó Fhás Go hAois (ar athláimh)

Críostóir Ó Floinn. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1969. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach, riocht maith. Beagáinín deannaigh agus cúpla smál ar an bhforchlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Bealach Mhic Ghrianna [clúdach bán] (ar athláimh)

Tráchtaireacht agus treoir don leabhar Mo Bhealach Féin le Seosamh Mac Grianna. Oilibhéar Ó Croiligh. Cló Mercier, 1972. Clúdach bog, riocht maith go leor. Dorchú ar an droim agus cúpla smál beag air. Bloc téacs an-ghlan.

Léachtaí Uí Chadhain 1 (1980-1988) (ar athláimh)

Eoghan Ó Anluain a chuir in eagar. An Clóchomhar Teoranta 1989. Riocht an-mhaith.

Caoin Tú Féin [1986, greamán] (ar athláimh)

Diarmaid Ó Súilleabháin. Sáirséal agus Dill, 1986. Clúdach leath-chrua, riocht maith. Cúpla smál an-bheag agus beagán deannaigh ar an chlúdach, agus greamáin air. Uimhreacha scríofa ar barr roinnt leathanaigh, ach iad an-ghlan seachas sin.

Buíon Éireannach in Albain (ar athláimh)

Annraoi Ó Liatháin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1975. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach, riocht maith. Roic agus cúpla smál beag ar an bhforchlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Some Observations on Stone (ar athláimh)

Clíodna Cussen. Aisling Press, 1988. Leabhrán bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach.

An Páipéar Bán um Athbheochan na Gaeilge – Tuarascáil don Tréimhse dar chríoch 31 Márta 1966 (ar athláimh)

Leabhrán, clúdach bog. Dath an chlúdaigh ídithe agus smál ar an gclúdach. Meirg bheag ar na stáplaí, na leathanaigh an-ghlan agus i riocht an-mhaith.

Ceol Abhann agus Gleann (ar athláimh)

Clúdach crua. Riocht maith. Ruachan beag air. Dath an chlúdaigh ídithe beagáinín.

An Coimhthíoch (ar athláimh)

Séamus Mac Conmara. Oifig an tSoláthair, 1967. Clúdach crua gan fhorchlúdach, i riocht an-mhaith. Smál ar chúpla leathanach, go háirithe na leathanaigh ceangail. Síniú an iar-úinéara laistigh. Smál ar imill na leathanach freisin.

An Sean-Saighdiúir agus Scéalta Eile (ar athláimh)

Séamus Ó Néill. Oifig an tSoláthair, 1951. Clúdach bog, riocht maith go leor. Dorchú agus smál ar an chlúdach, spotaí ar an taobh. Smál ar na leathanaigh cheangail. Bloc téacs an-ghlan.

Lámhscríbhinn Staire an Bhionadaigh (ar athláimh)

Comhrac na nGael agus na Gall le Chéile. Réamonn Ó Muirí. Éigse Oirialla a d’fhoilsigh, 1994. Clúdach crua le forchlúdach, i riocht maith. Forchlúdach brúite beagáinín ar barr.

The First Book of the Irish Language (ar athláimh)

Cathal Ó Gallchóir. Cumann Litríocht Éireann an tSeapáin. Clúdach bog, le forchlúdach plaisteach. Riocht an-mhaith. Smál ar an bhforchlúdach. Bloc téacs an-ghlan. Sínithe ag Atsúcó Mitsúhasí.

Saontacht an Athar De Brún (ar athláimh)

The Innocence of Father Browne. G.K. Chesterton. Seán Ó Liatháin a d’aistrigh ón mBéarla. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais. 1937. Clúdach crua gan fhorchlúdach. Smál ar an gclúdach. Ruachan ar an imeall agus ar na leathanaigh. Cóip léitheoireachta.

Me Darlin’ Dublin’s Dead & Gone (ar athláimh)

Bill Kelly. Ward River Press, 1983. Clúdch bog, riocht maith go leor. Dath an chlúdaigh ídithe, smál air. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil