Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Spíonáin is Róiseanna (ar athláimh)

Guth Ealaíontóra Imleabhar a 3. Nuala Ní Dhomhnaill. Cló Iar-Chonnachta, 1993. Clúdach bog, riocht maith. Dath ídithe ar an chlúdach, dorchú ar na leathanaigh.

An Bhratach Náisiúnta (ar athláimh)

Oifig an tSoláthair. Leabhrán bog, riocht maith. Cúpla smál beag ar an chlúdach. An-ghlan taobh istigh.

Seal ag Ródaíocht (ar athláimh)

Proinsias Mac Maghnuis. Sáirséal agus Dill, 1972. Clúdach leath-chrua, riocht maith. Cúpla smál beag ar an chlúdach. Roic ar an droim. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

An Soiscéal Naomhtha de réir Mhatha (ar athláimh)

Do n-aithscríobhadh ar Gaedhilg na h-aimsire seo ón Tiomnadh Nuadh. D’aistrigh Uilliam Ó Domhnaill ón nGréigis i mbliaidhain a 1602. Hilbernian Bible Society, 1934. Leabhrán bog, i riocht maith. Dorchú ar na leathanaigh. Smál in an-chuid áiteanna, go háirithe ar an leathanach ceangal. Síniú an iar-úinéara laistigh.

Féar Suaithinseach (ar athláimh)

Nuala Ní Dhomhnaill. An Sagart, 1984. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar chúl agus ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Comhcheilg sa Chaisleán (ar athláimh)

Leon Ó Broin. Sáirséal agus Dill, An Chéad Chló 1963. Clúdach leathchrua i riocht cuibheasach. Dath an chlúdaigh/an droma ídithe agus an clúdach plaisteach rud beag rocach. Dorchú ar na leathanaigh. Síniú an iar-úinéara laistigh.

Cúis Náire agus Bróid (ar athláimh)

Proinsiad Ó Mianáin agus Cearta Gael. Ristéárd Ó Glaisne. Coiscéim, 1988. Clúdach bog. Riocht maith. Clúdach agus droim ídithe

The Book of Dublinman Jokes (ar athláimh)

Y.M. Hughes. The Mercier Press, 1990. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Beagáinín deannaigh ar an chlúdach. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

Eireaball Spideoige [forchlúdach, 1970] (ar athláimh)

Seán Ó Ríordáin. Sáirséal agus Dill, 1970. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Riocht an-mhaith. Cuid deannach ar an bhforchlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Wolfe Tone – Prophet of Irish Independence (ar athláimh)

Marianne Elliott. Yale University Press, 1989. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Roc ar an droim agus cúinní lúbtha beagáinín.

Tadhg Gaelach (ar athláimh)

Risteárd Ó Foghlú. Clúdach crua, 1929, C.S. Ó Fallamhain/Oifig an tSoláthair. Spotaí ar an imeall. Greamán ar an gclúdach tosaigh. Bloc téacs saor ó mharcanna. Stampa iar-leabharlainne ar an leathanach ceangail tosaigh.

Uaigneas an Ghleanna & Chun na Farraige Síos (ar athláimh)

J.M. Synge. Aistrithe ag Tomás Ó Flaithearta. Sáirséal Ó Marcaigh, 1985. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla marc ar an chlúdach agus na himill beagáinín caite. Na leathanaigh an-ghlan.

Translittérature – Eté 2013 (ar athláimh)

Samhradh 2013, Uimh. 45. Leabhrán bog, riocht an-mhaith.

Smionagar i dteannta an fhíona (ar athláimh)

Riocht maith go ginearálta. Píosa beag damáiste ar an gclúdach ar an imeall.

Sceallóga (ar athláimh)

Deaglán de Bréadún. Comhar, 1990. Clúdach bog, riocht maith. Smál beag ar taobh, dath ídithe ar an droim.

An tSraith Tógtha (ar athláimh)

Máirtín Ó Cadhain. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1977. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Riocht an-mhaith. Cúpla marc ar an bhforchlúdach, atá beagáinín caite ar an imeall. Bloc téacs an-ghlan.

Oileán an Uathbháis (ar athláimh)

H.C. McNeile. ‘Sapper’ do sgríobh faoin teideal ‘Island of Terror’. Proinnsias Ó Brógáin do chuir i nGaedhilg. Clúdach crua. Spotaí ruachain go flúirseach ar an imeall agus ar na leathanaigh.

Filéad na Bainríoghaine (ar athláimh)

An Canónach Ó Síothcháin. Oifig an tSoláthair, 1940. Clúdach crua gan forchlúdach, riocht maith. Smál ar an chlúdach agus an dath ídithe in áiteanna. Dorchú agus spotaí ar an taobh.

Ealaí na Cócaireachta (ar athláimh)

Nóra Breathnach. Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teor. Clúdach crua, gan fhorchlúdach, riocht maith. Dorchú agus smál ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

An Bás i dTír na nÓg (ar athláimh)

Seán Ó Tuama. Coiscéim, 1988. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla marc ar an chlúdach.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil