Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

The Celts (ar athláimh)

Joseph Raftery. Mercier Press. Clúdach bog, spotaí agus marcanna ar an gclúdach.

Lochlann – A Review of Celtic Studies (ar athláimh)

Volume 1. Curtha in eagar ag Alf Sommerfelt. Oslo University Press, 1958. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith. Dorchú ar an bhforchlúdach, agus é caite beagáinín sna cúinní. Bloc téacs an-ghlan.

Dánta Ó Gach Cúige (ar athláimh)

Cnuasach Dán le h-Aghaidh Árd-Rang na mBun-sgol. Brún agus Ó Nualláin Teor. Leabhrán bog, riocht cuibheasach maith. Dath an chlúdaigh ídithe, smál agus scríbhneoireacht air. Meirg ar na stáplaí.

The Best of Dorothy Parker (ar athláimh)

Dorothy Parker, Gerard Duckworth & Co. agus Viking Penguin, 1995. Clúdach crua le bosca. Riocht sár-mhaith. Bloc téacs an-ghlan.

Terrorism in Ireland (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Yonah Alexander agus Alan O’Day. Croom Helm, 1984. Clúdach crua le forchlúdach. Riocht maith. Forchlúdach lúbtha ar barr beagáinín agus smál beag air. Leabhar crua féin i riocht an-mhaith.

Ár Ré Dhearóil (ar athláimh)

Dánta le Máirtín Ó Direáin. An Clóchomhar Tta., an chéad chló 1962. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith. Cúpla smál an-bheag ar an chlúdach.

On the Art of Writing (ar athláimh)

Sir Arthur Quiller-Coach ‘Q’. Guild Books, 1950. Clúdach bog, smál ar an chlúdach. Riocht maith.

Comhghuaillithe na Réabhlóide 1913-1916 (ar athláimh)

Pádraig Ó Snodaigh. An Clóchomhar Tta., 1966. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith. Dorchú ar an bhforchlúdach, caite ar an imeall. Smál ar an bhforchlúdach freisin. Dorchú ar na leathanaigh cheangail.

Fiontán Ó Leathlobhair (ar athláimh)

Tomás Ó Néill. Cló Morainn, 1962. Clúdach bog. Smál ar an gclúdach. Ainm an iar-úinéara ar an leathanach teidil.

Mé Féin is m’Asal (ar athláimh)

Robert Louis Stevenson. Aistrithe ag Seán Ó Ruadháin. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais, 1937. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith go leor. Forchlúdach caite, stróicthe in áiteanna agus smál air. Spotaí ar an taobh agus dorchú ar na leathanaigh, ach iad an-ghlan.

Kilmainham (ar athláimh)

The Kilmainham Jail Restoration Society, 1966. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Dorchú agus smáil ar an chlúdach, cúinní beagáinín brúite. Spotaí ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

An tÉan Órdha agus Sídhe-Sgéalta Eile (ar athláimh)

Pádraig Ó Moghráin. Oifig an tSoláthair, 1945. Clúdach bog, rioch cuibheasach maith. Smál ar an chlúdach agus an droim stróicthe, an fuáil le feiceáil in áit. Bloc téacs an-ghlan.

Dormitio Virginis (ar athláimh)

Paolo Marletta. Aistrithe ag Máire Nic Mhaoláin. Coiscéím, 1993. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúach agus dorchú ar na leathanaigh.

Kilcullen (ar athláimh)

Enda Pádraig O’Coineen. Clúdach bog. Mercier Press. 1978. Riocht an-mhaith.

Seantéada ar Crith (ar athláimh)

Máirtín Ó Corrbuí. Clúdach crua, gan forchlúdach. Clódhanna Teoranta, 1965. Riocht an-mhaith.

Ó Chamhaoir go Clap-Sholas (ar athláimh)

Tráchtais, Caidearnacha agus Ráidhseaftaí le Seaghán Mhac Meanman. Oifig an tSoláthair, An Chéad Chló, 1940. Clúdach crua, i riocht cuibheasach maith. An dath ídithe ar an gclúdach, smál go forleathan ann, go háirithe ar chúl agus ar an droim. Poll beag bídeach sa droim, atá fós ceangailte go láidir leis an leabhar féin. Dorchú agus…

Carn (ar athláimh)

No.66, Summer 1989. Leabhrán bog, riocht an-mhaith. Smál beag ar an chlúdach. Droim beagáinín lúbtha. Bloc téacs i riocht iontach.

An Coimhthíoch (ar athláimh)

Séamus Mac Conmara. Oifig an tSoláthair, 1967. Clúdach crua gan fhorchlúdach, i riocht an-mhaith. Smál ar chúpla leathanach, go háirithe na leathanaigh ceangail. Síniú an iar-úinéara laistigh. Smál ar imill na leathanach freisin.

Ó Ros Muc go Rostov (ar athláimh)

Críostóir Mac Aonghusa, An Clóchomhar Tta, 1972. 188 lth. Clúdach crua, le forchlúdach. Dath ídithe ar an bhforclúdach, smál ar taobh na leathanaigh. Riocht an-mhaith.

The Fury of the Northmen (ar athláimh)

Saints, Shrines and Sea-Raiders in the Viking Age. John Marsden. Kyle Cathie Ltd., 1996. Clúdach bog, riocht maith. Dath an droma ídithe, roinnt smál beag ar an chlúdach.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil