Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Ceól Ár Sínsear (ar athláimh)

An tAth. Pádraig Breathnach. Brúin & Nualláin, Teor., 1923. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht cuibheasach. Neart smál ar an chlúdach, na himill caite. Droim leochaileach ag an tús, fuáil le feiceáil taobh istigh. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

Adios (ar athláimh)

Tarlach Ó hUid. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta. An Chéad Chló 1975. Clúdach crua le forchlúdach atá caite. Stróiceanna ar droim an fhorchlúdaigh. Na himill caite agus an dath ídithe. An bloc téacs an-ghlan. Síniú an iar-úinéara laistigh.

Seal ag Ródaíocht (ar athláimh)

Proinsias Mac Maghnuis, Sáirséal agus Dill. 1960. Clúdach crua. Riocht an-mhaith. Bloc téacs an-ghlan

Codladh an Ghaiscígh (ar athláimh)

Máire Mhac an tSaoi. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1973. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach, riocht an-mhaith. Beagáinín deannaigh ar an bhforchlúdach.

Tusa a Mhaicín (ar athláimh)

Clúdach crua. Fionn Mac Cumhaill. Comhlucht Oideachais na hÉireann. Riocht an-mhaith, marcanna déanta le peann luaidhe ar chuid de na leathanaigh.

Tigheas (ar athláimh)

Ruth Binnie, Julia E. Boxall. Mícheál Ó Gríobhtha a d’aistrigh ón mBéarla. Oifig an tSoláthair. Aistriú é seo ar Hpusecraft, Principles and Practice.

Fearfasa MacFeasa (ar athláimh)

Pádraic Ó Conaire. Cló-Lucht an Talbóidigh, , Tta. Gan dáta. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith go leor. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna, cúpla smál an-bheag air. Na cúinní beagáinín caite. Spotaí ar an taobh agus roinnt leathanaigh. Stampaí iar-leabharlainne taobh istigh. Droim leochaileach taobh istigh, na leathanaigh ag éalú.

The Siege of Derry (ar athláimh)

Patrick Macrory. Hodder and Stoughton, 1980. Clúdach crua, le forchlúdach. Dath an droim ídithe. Riocht maith. Leabhar crua féin i riocht an-mhaith.

Na Laethe a Bhí (ar athláimh)

Eoghan Ó Domhnaill (Ó Dhonnchaidh) do chuir le chéile. Oifig an tSoláthair, An Chéad Chló, 1953. Tá an t-ughdar buidheach de “Mháire” a chuir bail ar an leabhar seo. Clúdach crua gan fhorchlúdach, i riocht an-mhaith.Pictiúr d’Eoghan Ó Domhnaill ar an leathanach teidil.

Dánta Meán-Teastais 1953-54 (ar athláimh)

Aindrias Ó Muimhneacháin. Comhlucht Oideachais na hÉireann Tta., 1953. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Dath an chlúdaigh ídithe agus dorchú ar an imeall. Roinnt roic/smál ar an chlúdach chomh maith. Droim stróicthe ar barr agus ar bun. Spotaí ar an taobh. Bloc téacs glan.

Irish Freedom – The History of Nationalism in Ireland (ar athláimh)

Richard English. MacMillan, 2006. Clúdach crua le forchlúdach, riocht an-mhaith. Na leathanaigh beagáinín dorcha ach an-ghlan.

Labour and Partition – The Belfast Working Class 1905-23 (ar athláimh)

Austen Morgan. Pluto Press, 1991. Clúdach bog, riocht maith. Dorchú agus smál ar an chlúdach. Dorchú ar an taobh.

History of the Name – O’Kelly (ar athláimh)

J.D. Williams. Mercier Press, 1977. Clúdach bog. Smál ar an chlúdach, dorchú ar na leathanaigh.

A’ Càradh an Rathaid (ar athláimh)

Maoilios M. Caimbeul. Aistrithe ag Liam Prút. Coiscéim, 1988. Clúdach bog, riocht maith. Dath ídithe ar an imeall/droim agus marcanna ar an chlúdach.

Megalithic Art in Ireland (ar athláimh)

Dr Muiris O’Sullivan. Country House, 1993. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Leathanaigh an-ghlan.

Clisiam Charman (ar athláimh)

Conchubhar Ó Muimhneacháin. Leagan Gaeilge de ‘Thunder an’ Turf’, an Rev. Mark O’Byrne. Clúdach leathchrua. Riocht an-mhaith.

Táblaí matamaitice / Mathematics Tables (ar athláimh)

Gan dáta. Ainm an iar-úinéara ar an leathanach teidil. Clúdach bog, smál ar an gclúdach, breacphictiúr ar an gclúdach cúil.

The Best of Dorothy Parker (ar athláimh)

Dorothy Parker, Gerard Duckworth & Co. agus Viking Penguin, 1995. Clúdach crua le bosca. Riocht sár-mhaith. Bloc téacs an-ghlan.

In Aimsir Emmet (ar athláimh)

Colm Ó Gaora. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais, 1937. Clúdach crua, gan forchlúdach. Cúpla smál ar an chlúdach, na himill beagáinín caite. Spotaí ar an taobh agus ar na leathanaigh cheangail.

Leabhar Sheáin Uí Thuama (ar athláimh)

Louis de Paor. Coiscéim, 1997. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Athchnuasach dánta le Seán Ó Tuama.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil