1916 Seachtar Dearmadta

€10.00
Luan Cásca 1916, fógraíodh Éire ina poblacht neamhspleách ag Ardoifig an Phoist i mBaile Átha Cliath. B'eol don seachtar a chuir a ainm le forógra na poblachta sin gur dhócha go gcuirfí chun báis iad mura n-éireodh leo. Sin mar a tharla, agus maireann a gclú dá thoradh.

Ach bhí seachtar eile a cuireadh chun báis i bP{ríosún Chill Mhaighneann de bharr páirt a ghlacadh san éirí amach, agus níl an aithne chéanna orthu: Seán Heuston, Willie, Pearse, Ned Daly, Michael Mallin, Mícheál Ó hAnnracháin, John MacBride agus Con Colbert. Cérbh iad féin? Cén chaoi ar tháinig siad iteach i ngluaiseacht na saoirse? Céard a rinne siad seachtain na Cásca? Cén fáth ar chuir na húdaráis chun báis iad?

Freagraítear na ceisteanna sin agus tuilleadh sa leabhar seo, a thugann cuntas ar bheatha spéisiúil gach duine den seachtar dearmasta seo, chomh maith lena gcoin i scéal 1916 agus ar bhain leis. Foilsítear é in éineachta leis an sraith teilifíse "1916: Seachtar Dearmadta", agus maisítear é le híomhánna ón tsraith.`

Chur sa tralaí:

  • Fhoilsitheoir: Coiscéim
  • Udar: Aindrias Ó Cathasaigh
  • ISBN 10:
  • ISBN 13: