An Scáileán Mór

€7.50
Is ealaín í an scannánaíocht a bhfuil tionchar thar a bheith cumhachtach aici ar an ngnáthshaol laethúil. Is aisteach an ní é, mar sin, nach bhfuil an t-uafás scríofa as Ghaeilge fós a théann i ngleic le cultúr na scannánaíochta.
Déanann na haistí sa leabhar seo scagadh ar ghnéithe éagsúla de réimse na scannánaíochta comhaimseartha. Réimse eicléicteach ábhar a bhaineann le scannánóirí agus gort na scannánaíochta a chíortar ann. Déantar iniúchadh ar ghnéithe sonracha stíle agus ábhair mar a bhaineann le scannánóirí domhanda a bhféachtar orthu mar mhórealaíontóirí, agus dírítear aird chomh maith ar stiúrthóirí nach bhfuil aitheantas forleathan acu go fóill.

Chur sa tralaí:

  • Meá postas: 0.25KGs
  • Fhoilsitheoir: Coiscéim
  • Udar: Mícheál Ó hAodha
  • ISBN 10: 6660012140138
  • ISBN 13: