Ag Siúl an Bhealaigh Mhóir

€20.00
Aistí in Ómós don Ollamh Nollaig Mac Congáil.

Is tráthúil go mbronnfaí an fhéilscríbhinn seo air anois agus é éirithe as, féilscríbhinn atá ina comhartha ómóis agus spéise ar scoth an oide, ar chomhghleacaí tacúil agus ar thaighdeoir críochnúil. Iar-chomhghleacaí agus iarmhac léinn le Nollaig is ea iad na fir eagair, John Walsh agus Peadar Ó Muircheartaigh. Is é a deir siad gur ‘léiriú grinn ar an ardmheas atá ar Nollaig, sa bhaile agus thar lear, atá sa leabhar toirtiúil seo, ardmheas atá tuillte go maith aige’.
Dúirt an Dr Aidan Doyle, Léachtóir Sinsearach Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh: ‘Is bailiúchán breá aistí é seo a thugann an-léargas dúinn ar na réimsí léinn ba mhó a chothaigh Nollaig Mac Congáil féin agus é i mbun taighde agus múinteoireachta. Bainfidh idir lucht acadúil agus an pobal mór an-taitneamh agus an-tairbhe as a bhfuil idir dhá chlúdach an leabhair.’

Chur sa tralaí:

  • Meá postas: 1.1KGs
  • Fhoilsitheoir: Comhar
  • Udar: John Walsh & Peadar Ó Muircheartaigh
  • ISBN 10:
  • ISBN 13: