Bunchúrsa Albainise

€8.00
Tá Albainis éigin ag milliún go leith duine in Albain, agus ag b'fhéidir dhá scór míle i gCúige Uladh chomh maith. Ainneoin cora crua na staire agus síorbhrú an Bhéarla, seasann an braid Scots leed an fód fós. Tá oidreacht fhada litríochta ar a cúl agus í á saothrú i gcónaí. Is cuid dhílis í d'ilchiste cultúir na hAlban agus na hÉireann araon.

Tugann an leabhar seo seans duit eolas ceart a chur ar an Albainis. Mínítear go cruinn soiléir a litriú, a gramadach agus a stór focal, agus cuireann ceachtanna ar chumas an léitheora triail a bhaint as a bhfuil foghlamta.

Chur sa tralaí:

  • Meá postas: 0.206KGs
  • Fhoilsitheoir: Coiscéim
  • Udar: Gabhán Ó Fachtna
  • ISBN 10: 6660012160389
  • ISBN 13: