Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

An Bhratach Náisiúnta (ar athláimh)

Oifig an tSoláthair. Leabhrán bog, riocht maith. Cúpla smál beag ar an chlúdach. An-ghlan taobh istigh.

The Creation of the Dáil (ar athláimh)

A Volume of Essays from the Thomas Davis Lectures. Curtha in eagar ag Brian Farrell. Blackwater Press/RTÉ, 1994. Clúdach bog, riocht maith. Marcanna ar an taobh agus an chlúdach.

An Eala Dhubh (ar athláimh)

Cliodna Cussen. Coiscéim, 1996. Clúdach bog, riocht iontach. Smál beag ar an chlúdach. Sínithe ag an údar, tiomnaithe don iar-úinéar.

The Amazon Journal of Roger Casement (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Angus Mitchell. The Lilliput Press, 1997. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla marc ar an chlúdach. Cúinní roinnt leathanaigh brúite. Na leathanaigh an-ghlan.

Ceachta as Leabhar na Cruinne [1940] (ar athláimh)

Clúdach crua, dath an línéadaigh ídithe beagáinín. Dorcha ar an imeall. Riocht maith. An tAthair P. Mac Giolla Cheara, Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais.

Glór na hÉireann leis na Bráithre Críostaí (ar athláimh)

Nualéitheoir Gaeilge le hAghaidh Meánscoileanna agus Gairmscoileanna. M. H. Mac an Ghoill agus a Mhac Teo., 1969. Clúdach bog, riocht maith go leor. Smál ar an chlúdach, cúinní/imill caite. Ainm an iar-úinéara taobh istigh. Bloc téacs an-ghlan.

Guinness Book of Olympic Records (ar athláimh)

Norris and Ross McWhirter. Bantam Books, 1967. Clúdach bog, riocht maith go leor. Dorchú agus smáil ar an chlúdach. Spotaí ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Go mBeannuightear Dhuit – i. eachtra thar eachtraibh (ar athláimh)

Clúdach crua, ceangail ag streachailt i ndiaidh an leathanach teidil agus an-tirim. Dath dorcha ar chiumhais na leathanach. Nótaí istigh.

Conamara Theas – Áit agus Ainm (ar athláimh)

Aistriú Gaeilge a rinne Liam Mac Con Iomaire ar Mapping South Connemara le Tim Robinson. Coiscéim, 1992. Clúdach bog, i riocht an-mhaith. Síniú an iar-úinéara laistigh.

Lá Fhéile Bríde (ar athláimh)

Seán C. Ó Súilleabháin. Clódhanna Teoranta, an chéad chló 1977. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Dath an chlúdaigh ídithe agus smáil air. Na leathanaigh an-ghlan.

Glór ár nGaolta (ar athláimh)

Rogha Scéalta na Linne Seo ón mBreatnais. Aistrithe ag Diarmuid Ó Laoghaire, S.J. Coiscéim, 1992. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Inlaws and Outlaws (ar athláimh)

John B. Keane. Mercier Press, 1995. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Cúpla smál an-bheag ar an chlúdach agus taobh.

Lámhleabhar Bia agus Dí (ar athláimh)

A Simple Guide to the Use of the Irish in the Food and Beverage Industry. Bord na Gaeilge, 1999. Riocht an-mhaith.

Peig [Bryan Mac Mahon, [1973] (ar athláimh)

Aistriúchán Béarla ar dhírbheathaisnei Pheig Sayers. An chéad chló, 1973. Clúdach crua, gan fhorchlúdach. Smál beag ar an gclúdach. Léaráidí le Catriona O’Connor. Talbot Press. Riocht an-mhaith.

Farraigí Corracha (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis agus leath-fhorchlúdach breise sa mhullach air sin. Smál ar na forchlúdaigh. An leabhar féin agus an clúdach crua i riocht an-mhaith. FNT, 1971. Liam Mac Reachtain. Karl Uhlemann a rinne na léaráidí.

Oghma 6 (ar athláimh)

Foilseacháin Oghma, 1994. Eagarthóirí: Seosamh Ó Murchú, Micheál Ó Cearúil, Antain Mag Shamhráin. Clúdach bog, riocht an-mhaith

Díolaim Iriseora [sínithe, 1970] (ar athláimh)

Cúdach crua, forchlúdach leis. Dath an fhorchlúdaigh ídithe. Clúdach crua agus bloc téacs i riocht an-mhaith. Sínithe ag an údar le dúch dubh. FNT. 1970.

Conradh na Gaeilge agus an tOideachas Aosach (ar athláimh)

Seán Mac Mathúna agus Risteard Mac Gabhann. Cló Chois Fharraige, 1981. Clúdach bog, riocht maith. Dath ídithe agus smál air. Píosa scríbhneoireachta taobh istigh.

Beart is Briathar 1 – Leabhar Saothair (ar athláimh)

Leabhar bog. Smál ar an gclúdach. Leabhar gramadaí don dalta meánscoile, leabhar oibre. Níl aon mharcanna ar na leathanaigh ná níl aon fhreagraí scríofa isteach ann.

Kirkegårdsjord (ar athláimh)

Máirtín Ó Cadhain: Cré na Cille. Arna aistriú go hIoruais Bokmal ag Ole Munch-Pedersen. Husets Forlag, 2000. Clúdach bog, i riocht maith. Smáil ar an gclúdach.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil