Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Ó Donnabháin Rosa II (ar athláimh)

Seán Ó Lúing. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1979. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Imeall an chlúdaigh beagáinín caite, cúpla smál beag air. Bloc téacs an-ghlan.

The Placenames of Co. Wicklow VI – The Barony of Shillelagh (ar athláimh)

Liam Price. Dublin Institute for Advanced Studies. 2000. Leabhrán, riocht maith. Doirteadh rud éigin ar an gclúdach tosaigh.

The Emergency – Neutral Ireland 1939-45 (ar athláimh)

Bernard Share. Gill and Macmillan, 1978. Clúdach crua, riocht maith go leor. Dath an droma/chlúdaigh ídithe, smál ar an chlúdach. Spotaí ar an taobh. Na leathanaigh an-ghlan.

Dos Amhrán do na Bunranganna (ar athláimh)

le ‘Criomhthann.” Comhlucht Oideachais na hÉireann, 1966. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Dath ídithe agus dorchú in áiteanna ar an chlúdach. Ainm an iar-úinéara scríofa ar an chlúdach chomh maith. Cúpla marc ar na leathanaigh ach iad ar fad inléite.

Ollscoil Shaor Ghaelach – Tús Leighis ar Easpa Bhásmhar (ar athláimh)

Pádraig Mac Giolla Ruaidh. Aiste in ómós don Athair Mícheál Ó hÍcí (1860-1916). An Dara Cló, 1992. Leabhrán le clúdach bog, i riocht an-mhaith.

Beatha Cholm Cille (ar athláimh)

Sleachta as Betha Colaim Chille a thiomsaigh Mánas Ó Dónaill sa bhliain 1532 A.D. Curtha in eagar ag Anraí Mac Giolla Chomhaill. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta. An Chéad Chló 1981. Clúdach crua gan fhorchlúdach, i riocht an-mhaith. Síniú agus nótaí an iar-úinéara ar an leathanach teidil. Bloc téacs an-ghlan.

Scríobh 1 (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Seán Ó Mórdha. An Clóchomhar Tta, 1974. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach agus dath ídithe ar an imeall. Spotaí ar an taobh. Ainm an iar-úinéir scríofa taobh istigh.

Féar Suaithinseach [1984] (ar athláimh)

Nuala Ní Dhomhnaill. An Sagart a d’fhoilsigh. Clúdach crua, forchlúdach leis, riocht maith. Cliodhna Cussen a dhear an clúdach.

The Book of Leinster, formerly Lebar na Núachongbála Vol. III [1957] (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis a bhfuil smál beag air agus é caite ar an imeall. Riocht an-mhaith.

An Baile Seo ‘gainne (ar athláimh)

An Seabhac. Clódhanna Teoranta. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Clúdach caite, nótaí ar roinnt leathanaigh.

Sean and Sheela [1937] (ar athláimh)

Ex libris, Melrose Public Library, stampaí air. Smál ar chuid de na leathanaigh. Léaráidí lándaite. Marian King. Ealaín le Emma Brock. Foilsithe ag Junior Press Books, Albert Whitman and Co, Chicago, 1937.

Rós Fiáin Lios an Daill (ar athláimh)

Caitlín Bean Uí Thallamhain. Clódhanna Teoranta, 1967. Clúdach bog, rioch maith go leor. Smál ar an chlúdach. Dorchú agus spotaí ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Art Ó Gríofa [crua, damáiste uisce] (ar athláimh)

Clúdach crua, damáiste uisce leis agus dath an chlúdaigh ídithe dá dheasca. Seán Ó Lúing, 1953, Sáirséal agus Dill.

Jeaicín File (ar athláimh)

S.E. Ó Cearbhall. Clúdach bog. Coiscéim a d’fhoilsigh. Riocht an-mhaith.

Oileán an Uathbháis (ar athláimh)

H.C. McNeile. ‘Sapper’ do sgríobh faoin teideal ‘Island of Terror’. Proinnsias Ó Brógáin do chuir i nGaedhilg. Clúdach crua. Spotaí ruachain go flúirseach ar an imeall agus ar na leathanaigh.

Spíonáin is Róiseanna (ar athláimh)

Guth Ealaíontóra Imleabhar a 3. Nuala Ní Dhomhnaill. Cló Iar-Chonnachta, 1993. Clúdach bog, riocht maith. Dath ídithe ar an chlúdach, dorchú ar na leathanaigh.

Seal ag Ródaíocht (ar athláimh)

Proinsias Mac Maghnuis. Sáirséal agus Dill, 1972. Clúdach leath-chrua, riocht maith. Cúpla smál beag ar an chlúdach. Roic ar an droim. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Muskerry (ar athláimh)

Robert Welch. Dedalus, 1991. Clúdach bog, riocht iontach.

Saoirse gan Só (ar athláimh)

Seán de Fréine. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta. Eagrán an Chlub Leabhar, an chéad chló 1960. Clúdach crua, an íomhá clóite ar an gclúdach. Níl forchlúdach leis. Riocht an-mhaith.

Le Linn ár nÓige [1938] (ar athláimh)

Ainm an iar-úinéara gearrtha amach. Leabhar crua. Tomás de Bhial a d’aistrigh ón mBéarla. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais. Riocht an-mhaith.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil