Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Nuafhilí 2 (1953-1963) (ar athláimh)

Leabhar crua. Leathanaigh i riocht maith. Forchlúdach leis, damáiste ar na cúinní ar an droim. Dath ídithe ar an bhforchlúdach.

A’ Càradh an Rathaid (ar athláimh)

Maoilios M. Caimbeul. Leaganacha Gaeilge le Liam Prút. Coiscéim, 1988. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Cúpla smál beag ar an chlúdach.

An Bheatha Chríostaidhe (ar athláimh)

An t-Athair Conn Ó Mongáin. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais, 1948. Clúdach crua, riocht cuibheasach maith. Smál ar an chlúdach, droim leochaileach taobh istigh, clúdach éalaithe ón droim féin ach nasctha leis na leathanaigh fós. Bloc téacs an-ghlan.

An Fear Fada Caol (ar athláimh)

Eoghan Ó Grádaigh. Sáirséal agus Dill, 1963. Clúdach leath-chrua, riocht maith go leor. Dorchú ar an droim agus clúdach. Smál ar an chlúdach chomh maith. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

The Irish Language (ar athláimh)

Aspects of Ireland/Gnéithe dár nDúchas 10. Máirtín Ó Murchú. Department of Foreign Affairs, 1985. Clúdach bog, riocht maith. Smáil agus deannach ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

An Maidíneach (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach plaisteach leis i riocht mhaith. Riocht an-mhaith. Leon Ó Broin, Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1971. 376 lth.

Safari (ar athláimh)

Brian Ó Maoileoin. Sáirséal agus Dill, 1973. Clúdach crua, le forchlúdach plaisteach. Riocht an-mhaith, smál air agus ainm an iar-úïnéara scríofa taobh istigh.

Eochaidh Mac Ríogh agus an Giolla Dubh (ar athláimh)

Ath-chló ar dhá shea-sgéal le Micheál Ó Máille ar n-a gcur i n-eagar ag Lasairfhíona Ní Mháille. Comhlucht Oideachais na hÉireann, 1946. Clúdach bog, i riocht cuibheasach maith. Ruachan ar an gclúdach tosaigh agus cúil. Dorchú ar na leathanaigh. Sa tSeanchló.

On the Blanket – The H-Block Story (ar athláimh)

Tim Pat Coogan. Ward River Press, 1980. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach, dorchú ar na leathanaigh.

Lovely is the Lee (ar athláimh)

Robert Gibbings, Mercier Press, 1990. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

An Crann Géagach .i. aistí agus mionsgéalta ó láimh Padraic Uí Chonaire (ar athláimh)

Clúdach crua. Riocht maith. Clúdaithe le clúdach breise déanta as páipéar donn. Cluas mór cait ar leathanach amháin. Nótaí scríofa isteach le peann luaidhe.

Cruithneacht is Ceannabháin (ar athláimh)

Clúdach crua, Tomás Bairéad. Comhlucht Oideachais na hÉireann. Ainm an iar-úinéara ar an leathanach leath-teidil. Riocht maith. Nótai ar chuid de na leathanaigh, scríofa le peann luaidhe.

Marx Engels – Ireland and the Irish Question (ar athláimh)

Karl Marx and Frederick Engels. Progress Publishers, Moscow. Forchlúdach stróicthe agus ídithe, clúdach crua féin ídithe. Riocht maith. Spotaí ar barr.

Sáirséal agus Dill 1947-1972 (ar athláimh)

i gCuimhne ar Sheán Sáirséal Ó hÉigeartaigh. Clúdach leathchrua, riocht maith. Smál agus dorchú ar an chlúdach. Na leathanaigh an-ghlan.

The Irish Leprechaun Book

No Hero in the House (ar athláimh)

Diarmait Mac Murchada and the Coming of the Normans to Ireland. O’Donnell Lecture. F.X. Martin. National University of Ireland, 1975. Leabhrán bog, riocht cuibheasach maith. Smál ar an chlúdach agus dorchú ar an droim. Meirg ar na stáplaí. Na leathanaigh glan.

The Placenames of Co. Wicklow VI – The Barony of Shillelagh (ar athláimh)

Liam Price. Dublin Institute for Advanced Studies. 2000. Leabhrán, riocht maith. Doirteadh rud éigin ar an gclúdach tosaigh.

Dánta Éagsamhla (ar athláimh)

Gaeilge agus Béarla curtha ortha. Dubhghlas de hÍde. Clúdach bog, riocht cuibheasach caite. Poll an bealach ar fad tríd. Dorchú ar an imeall, spotaí ar an taobh agus ar na leathanaigh. Ainm an iar-úinéara scríofa taobh istigh.

Captain Boycott & The Irish (ar athláimh)

Joyce Marlow. André Deutsch Limited, 1973. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith. Marcanna ar an bhforchlúdach, spotaí ar an imeall. Dath ídithe ar an leabhar crua.

Lux Aeterna [1964] (ar athláimh)

Eoghan Ó Tuairisc. Allen Figgis, 1964. Clúdach crua le forchlúdach. Riocht maith. Roinnt smál beaga ar an chlúdach, agus dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna. Spotaí ar an taobh, bloc téacs an-ghlan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil