Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

The Model Grammar and Composition for Senior Classes (ar athláimh)

The Educational Company. Leabhrán bog, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe, smál ar an chlúdach. Meirg ar na stáplaí.

Caesar de Bello Gallico IV (ar athláimh)

An tAth. Pádraic Ó Laoi. Sáirséal agus Dill, 1963. Clúdach crua gan fhorchlúdach. Dath an droma ídithe. Na leathanaigh an-ghlan.

Sean-Eoin (le forchlúdach) (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis. Máirín Ní Chriagáin a scríobh, Tomás Ó Faoláin a d’aistrigh. Oifig an tSoláthair 1938, eagrán nua 1974. Jack B. Yeats a rinne na pictiúir. Cóip iar-leabharlainne, rian de leathanach leabharlainne a baineadh amach chun tosaigh, stampaí leabharlainne air.

Athchló ar Irish Geography 1934-1984 (ar athláimh)

Leabhrán bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Lámhleabhar Bia agus Dí (ar athláimh)

A Simple Guide to the Use of the Irish in the Food and Beverage Industry. Bord na Gaeilge, 1999. Riocht an-mhaith.

Ar Chamachuaird Laisteas den tSionainn – Cuid I (ar athláimh)

Gearóid Mac Spealáin. Comhar-chumann Íde Naofa Tta., 1965. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach, meirg ar na stáplaí. Bloc téacs an-ghlan.

Partition and the Limits of Irish Nationalism (ar athláimh)

An Ideology Under Stress. Clare O’Halloran. Gill & Macmillan, 1987. Clúdach bog. Riocht cuibheasach maith. Smál mór ar an chlúdach agus smál ar chúl. Dorchú ar an imeall.

Aimsir Óg 2000 – Cuid a Dó (ar athláimh)

Critic, Béaloideas, Teanga. Eagarthóir: Micheál Ó Cearúil. Coiscéim, 2000. Clúdach bog, riocht an-mhaith

Na hAird ó Thuaidh (ar athláimh)

Pádraig Ua Maoileoin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1960. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Riocht maith go leor. Smál ar an bhforchlúdach, atá stróicthe in áiteanna, go háirithe ar chúl. Smál mór ar chúl chomh maith. Bloc téacs an-ghlan.

Engineering Handbook (No. 1) (ar athláimh)

Óglaigh na h-Éireann. Irish Army Official Publications. Leabhrán bog, roicht cuibheasach. Smál ar an chlúdach agus ar cúinne ar bhun. Meirg ar na stáplaí agus cúinní caite.

Eisirt – Leagan Caighdeánaithe (sa chló nua) (ar athláimh)

Clúdach bog. Clúdaithe arís le páipéar donn. Beagán ruachain. Spotaí ar an imeall. Na leathanaigh an-ghlan agus an-inléite.

Ó Neamh go hÁrainn (ar athláimh)

Le ‘Máire.’ Oifig an tSoláthair, An Chéad Chló, 1953. Clúdach crua gan fhorchlúdach, i riocht maith. An droim caite, stróiceacha ar an droim. Dorchú ar na leathanaigh laistigh, ruachan ar imeall na leathanach. Stampa iar-leabharlainne ar dhá leathanach.

Cití – Dráma Trí Ghníomh (ar athláimh)

Siobhán Ní Shúilleabháin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1975. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach, riocht an-mhaith. Smál ar an bhforchlúdach, atá stróicthe beagáinín ar bun. Na leathanaigh an-ghlan.

Man of No Property (ar athláimh)

An Autobiography: Volume 2. C.S. Andrews. The Mercier Press. 1982. Clúdach bog. Riocht maith.

Constance Markievicz (ar athláimh)

Sean O Faolain. Sphere Books Limited, 1934. Clúdach bog, riocht maith go leor. Roic agus smál ar an chlúdach, dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan. Ruachan ar na leathanaigh cheangail.

Wordshop (ar athláimh)

D.U. Writers’ Workshop. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla smál an-bheag ar an chlúdach.

Bean Aonair agus Scéalta Eile (ar athláimh)

Pádraic Breathnach. Clódhanna Teo. An Chéad chló, 1974. Clúdach crua gan fhorchlúdach. Riocht maith. Cúpla smál beag ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan seachas nótaí i bpeann luaidhe ar roinnt leathanaigh.

Kirkegårdsjord (ar athláimh)

Máirtín Ó Cadhain: Cré na Cille. Arna aistriú go hIoruais Bokmal ag Ole Munch-Pedersen. Husets Forlag, 2000. Clúdach bog, i riocht maith. Smáil ar an gclúdach.

Mil na hÉigse (ar athláimh)

Risteárd Ó Foghludha. Brún agus Ó Nualláin Teor., 1945. Clúdach crua, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe, cúpla marc beag air. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan. Ainm an iar-úinéara taobh istigh.

Agallamh na Seanórach – II (ar athláimh)

Nessa Ní Shéaghdha. Alec, Tom & a Chuid, Teo. Clúdach crua, riocht cuibheasach maith. Smál ar an chlúdach, dath ídithe in áiteanna agus na cúinní lúbtha. Spotaí ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil