Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Gleann ar Ghleann (ar athláimh)

Michael Davitt. Sáirséal, 1981. Clúdach bog, i riocht maith. An clúdach beagáinín rocach, dorchú ar na leathanaigh.

An Grá agus An Ghruaim (ar athláimh)

Seosamh Mac Grianna. Curtha in eagar ag Niall Ó Dónaill. Longman Brún agus Ó Nualláin Tta. Clúdach bog, riocht maith. Greamán ar chúl, cúpla smál beag ar an chlúdach. Dath an droma ídithe beagáinín. Na leathanaigh an-ghlan.

I bPrionta I Leabhar – Na Protasúin agus Prós na Gaeilge 1567-1724 (ar athláimh)

Leabhar Thaighde, an 51ú hImleabhar. Nicholas Williams. An Clóchomhar Tta., 1986. Clúdach bog, riocht maith. Dath ídithe ar an droim agus ar chúl. Bloc téacs an-ghlan.

Mí in Éirinn (ar athláimh)

Curtha in eagar ag an Seabhac. Comhlucht Oideachais na hÉireann, Tta. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Dath an chlúdaigh ídithe agus smál air. Píosa scríbhneoireachta ar an chlúdach chomh maith agus na himill caite. Bloc téacs an-ghlan. Sa seanchló.

Idir shúgradh agus dáiríre (ar athláimh)

Máirtín Ó Cadhain. Athchló agus gluais, 1947. Oifig an tSoláthair. Clúdach crua, gan fhorchlúdach. Clúdach caite, droim caite.

Claíomh an Díoltais (ar athláimh)

Annraoi Ó Liatháin. Sáirséal agus Dill, An Chéad Chló 1961. Clúdach bog, i riocht cuibheasach. Dath an droma ídithe, dorchú agus smál ar na leathanaigh laistigh.

Scáthán Véarsaí (ar athláimh)

Seán Ó Ríordáin, Sáirséal agus Dill. An Chéad Chló 1980. Clúdach crua le smáil gan fhorchlúdach. Riocht maith. Bloc téacs glan.

Seon Ó hUaithnín (ar athláimh)

Eoghan Ó hAnluain. An Clóchomhar Tta, 1973. Clúdach crua, le forchlúdach. Dorchú ar an bhforchlúdach agus smál air. Dath ídithe ar an leabhar crua féin. Ainm an iar-úinéara scríofa taobh istigh.

Gan Baisteadh (ar athláimh)

Tomás Bairéad. Sairséal agus Dill, An Chéad Chló 1972. Clúdach crua le forchlúdach, i riocht maith. Smal ar an bhforchlúdach, ruachan ar imeall na leathanach. Na leathanaigh laistigh an-ghlan.

Iósaf – Céile na Maighdine (ar athláimh)

Seán de hÍde. FÁS, an chéad chló 1958. Clúdach bog, riocht maith go leor. Smál ar an chlúdach, imeall beagáinín caite. Bloc téacs an-ghlan.

An Bhratach Náisiúnta (ar athláimh)

Oifig an tSoláthair. Leabhrán bog, riocht maith. Cúpla smál beag ar an chlúdach. An-ghlan taobh istigh.

Maamtrasna – The Murders And The Mystery (ar athláimh)

Jarlath Waldron. Edmund Burke Publisher, 1992. Clúdach crua, le forchlúdach. Riocht an-mhaith.

Ciarán Fitzgerald agus Foireann Rugbaí na hÉireann (ar athláimh)

Breandán Ó hEithir. Coiscéim, 1985. Sínithe ag an údar. Clúdach bog, riocht maith. An leathanach cheangal ag éalú. Smál ar an chlúdach.

Craobhóg Dán (ar athláimh)

Máirtín Ó Direáin. Clúdach crua, forchlúdach leis. Forchlúdach beagáinín caite. Clúdach crua agus leathanaigh i riocht an-mhaith.

Focklioar Giare Gaelg-Baarle: (ar athláimh)

A Short Dictionary of Manx Gaelic. William Wood. Alex MacLaren & Sons, 1950. Leabhrán bog, i riocht cuibheasach maith. Dorchú agus smál ar an gclúdach.

The Master Plan – Himmler’s Scholars and the Holocaust (ar athláimh)

Heather Pringle. Harper Perennial, 2006. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Dorchú ar an imeall.

King of the Beggars (ar athláimh)

A Life of Daniel O’Connell. Sean O’Faolain. Allen Figgis Ltd., 1970. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Dorchú agus smáil ar an chlúdach. Ainm an iar-úinéara taobh istigh. Bloc téacs an-ghlan.

Stair Choitcheann na Ré Críostaidhe I. AD. 1–1517 [1928 – an sémhadh eagrán] (ar athláimh)

Clúdach crua. Píosa den leathanach teidil gearrtha amach. Stampaí iar-leabharlainne air.

The Irish Language / An Ghaeilge (ar athláimh)

Daithí Ó hUaithne. David Greene. Cultural Relations Committee. Leabhrán. Riocht maith go leor, marcanna agus píosaí scríbhneoireachta (peann luaidhe) ar chuid de na leathanaigh.

Art in Ulster – 2 (ar athláimh)

A history of painting, sculpture and printmaking, 1957-1977 with selected biographical notes by Theo Snoddy. Mike Catto. Blackstaff Press, 1977. Clúdach bog le forchlúdach, riocht maith. Deannach ar an bhforchlúdach, atá beagáinín caite ar an imeall. Bloc téacs an-ghlan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil