Jimín Mháire Thaidhg. Eagrán Canúnach Neamhghiorraithe.

€20.00
Beagnach céad bliain ó céadfhoilsíodh Jimín Mháire Thaidhg, tugann an t-eagrán maisithe seo léargas úr ar an leabhar is aitheanta i gcorpas litríocht Ghaeilge na n-óg. Leagan glanta agus giorraithe de Jimín Mháire Thaidhg a léigh glúine de pháistí scoile Éireannacha, ar baineadh tagairtí don chleamhnas, do chaidrimh idir dhaoine fásta agus don bhás amach as. Filleann an t-eagrán seo ar an mbuntéacs agus tugann sé cuntas níos grinne agus níos greannmhaire ar nósanna agus ar chultúr na Gaeltachta ag tús an fichiú haois.

‘An Seabhac’ a bhí mar ainm cleite ag Pádraig Ó Siochfhradha (1883-1964) as Baile an Ghóilín i gContae Chiarraí.

Chur sa tralaí:

  • Meá postas: 1.365KGs
  • Fhoilsitheoir: An tSnáthaid Mhór
  • Udar: An Seabhac
  • ISBN 10: 9780993474521
  • ISBN 13: