Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Bilingualism Today (ar athláimh)

Jac. L. Williams. Comhdáil Náisiúnta na Gaeilge. Leabhrán bog, riocht cuibheasach. Smál ar an chlúdach, stróicthe beagáinín ar bhun. Spotaí ar an taobh.

With Plunkett in Ireland – The Co-op Organiser’s Story (ar athláimh)

R.A.A. Anderson. Irish Academic Press, 1983. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Stair na hEorpa II (ar athláimh)

Seán A. Ó Murchú. Sáirséal agus Dill, 1969. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht cuibheasach maith. Smál ar an chlúdach, dorchú air in áiteanna. Bloc téacs an-ghlan.

Sgoil Éanna – St. Enda’s School Rathfarnham – Prospectus 1910-1911 (ar athláimh)

Paimfléad, clúdach bog. Stáplaí i riocht maith. Glan taobh istigh. Dath an leathanaigh thosaigh agus an leathanaigh chúil ídithe. An leathanach cúil an-dorcha. Rocach, is léir gur filleadh siar é cheana.

Ál Fiaich (ar athláimh)

Gearóid Ó Cléirigh. Leabhar crua, le forchlúdach. Clúdach caite agus stróicthe ar chúl, dath ídithe agus smál air. Leabhar crua féin i riocht maith, cúinní lúbtha agus dath ídithe in áiteanna. Cúpla spota ar an taobh.

For A Celtic Future – A Tribute to Alan Heusaff (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Cathal Ó Luain. The Celtic League, gan dáta. Clúdach bog i riocht maith. Smál agus dath ídithe ar an gclúdach, agus an droim rocach.

Neutral Ireland and the Third Reich (ar athláimh)

John P. Duggan. The Lilliput Press, 1989. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Parnell – the Politics of Power (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Donal McCartney. Wolfhound Press, 1991. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Oghma 10 (ar athláimh)

Foilseacháin Oghma, 1998. Eagarthóirí: Seosamh Ó Murchú, Micheál Ó Cearúil, Antain Mag Shamhráin. Clúdach bog, riocht an-mhaith

Cruinne Eolas (ar athláimh)

For the Teaching of Geography through the Medium of Irish. Eleanor Butler, Browne agus Nolan, Teoranta. Gan dáta. Clúdach bog le scríbhneoireacht. Riocht maith. Bloc téacs glan.

Scríobh 3 (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Seán Ó Mórdha. An Clóchomhar Tta, 1978. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach agus dath ídithe ar an imeall. Spotaí ar an taobh.

Eachtraidheacht (ar athláimh)

Riocht an-mhaith. Ainm an iar-úinéara istigh ar an leathanach ceangail. Nótaí breactha le peann luaidhe ar chuid de na leathanaigh.

Senior English (ar athláimh)

DJ Murphy. Mercier Educational, 1974. Clúdach bog, riocht maith. Dath an droma ídithe, dath an chlúdaigh ídithe beagáinín chomh maith. Cúpla marc an-bheag air. Bloc téacs an-ghlan.

Beyond Nationalism (ar athláimh)

The Struggle against Provinciality in the Modern World. Desmond Fennell. Ward River Press, 1985. Clúdach bog, riocht maith. Clúdach beagáinín dorcha agus smál air. Cúpla spota ar an taobh.

Strafford in Ireland 1633-41 (ar athláimh)

A Study in Absolutism. Hugh Kearney. Cambridge University Press, 1989. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Go Meiriceá Siar (ar athláimh)

Stiofán Ó hAnnracháin. An Clóchomhar Teoranta, 1979. Clúdach crua le forchlúdach, clúdach caite agus dath an fhorchlúdaigh ídithe. Clúdach crua i riocht maith, bloc téacs glan.

Seon Ó hUaithnín (ar athláimh)

Eoghan Ó hAnluain. An Clóchomhar Tta, 1973. Clúdach crua, le forchlúdach. Dorchú ar an bhforchlúdach agus smál air. Dath ídithe ar an leabhar crua féin. Ainm an iar-úinéara scríofa taobh istigh.

Scéalta Uladh – déanta as leabhair éagsúla (ar athláimh)

Clúdach crua curtha leis na leabhair seo a leanas, iad go léir fite le chéile: Lá na Cúirte agus dhá eachtra eile – Cú Chulainn Micheál Ruadh – Máire Ceol na n-éan agus sgéalta eile 1919 – in eagar ag Séamus Ó Searcaigh Ar lorg an tSeanchaidhe 1915 – Peadar Ó Dubhda ‘Cú Chulainn’ –…

The Facts About Irish [1964] (ar athláimh)

Seán Ó Tuama. An Comhar Poiblí, 1964. Leabhrán bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach, dorchú ar na leathanaigh.

Ciste fé Thalamh (ar athláimh)

Clúdach bog. Oliver Ellis. Riocht an-mhaith, meirg ar na stáplaí.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil