Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Lucht Ceoil (ar athláimh)

Barra Ó Caochlaigh. Oifig an tSoláthair, 1942. Clúdach crua, gan forchlúdach. Riocht maith. Dath an droma ídithe beagáinín, dorchú ar na leathanaigh agus spotaí ar an taobh.

A History of the Irish Post Office (ar athláimh)

Mairead Reynolds. MacDonnell Whyte Ltd., 1983. Clúdach bog, riocht maith. Smál agus beagáinín deannaigh ar an chlúdach. Dath an droma ídithe, Na leathanaiogh an-ghlan.

Cogadh na Saorsa – Solus Lathail (ar athláimh)

An Ceathramh Earrann. Samuel Bagster & Sons, Ltd., 1943. Leabhrán bog, riocht cuibheasach maith. Smál ar an chlúdach agus meirg ar na stáplaí. Dorchú ar na leathanaigh. Gaeilge na hAlban/Gàidhlig.

Martin McGuinness – From Guns to Government (ar athláimh)

Liam Clarke agus Kathryn Johnston. Mainstream Publishing, 2003. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

As an nGéibheann (ar athláimh)

Máirtín Ó Cadhain. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1973. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht iontach. Spotaí ar an taobh.

Na Cheithre Soisgéil as an dTiomna Nua (ar athláimh)

Aistrithe ag An tAthair Peadar Ua Laoghaire. Brún agus Ó Nualláin, Teor. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht cuibheasach. Smál ar an chlúdach, dath an droma ídithe in áiteanna, cúinní beagáinín caite. Barr an droma caite. Fuáil ag éirí leochaileach. Bloc téacs an-ghlan.

Wales-Ireland A TV Contrast (ar athláimh)

Harri Pritchard Jones. Leabhrán bog, riocht cuibheasach. Ruachan ar an chlúdach agus taobh istigh.

Flós Fómhair 1975 (ar athláimh)

Clúdach bog, dorchú ar an gclúdach. Riocht maith. Foilsithe ag An tOireachtas. In eagar ag Aogán Ó Muircheartaigh.

Sean-Dair agus Scéalta Eile (ar athláimh)

Liam Prút. Coiscéim,1985. Clúdach bog, riocht an-mhaith. 66 lch

The Irish Character in Print 1571 – 1923 (ar athláimh)

E. W. Lynam. Shannon Ireland, 1969. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach agus dath an droma ídithe.

Report of the Irish Boundary Commission. (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis. Forchlúach beagáinín caite, smál air. Dhá léarscáil mhóra leis, iad ann ina n-iomlán. Ruachan ar an leathanach ceangail ar cúl. Irish University Press, 1969.

The End of Irish Catholicism? (ar athláimh)

D. Vincent Twomey. Veritas, 2003. Clúdach bog, riocht maith.

Gnéithe den Ghorta (ar athláimh)

Cathal Póirtéir a chur in eagar. Coiscéim, An Chéad Chló 1995. Clúdach bog, i riocht an-mhaith. Nóta dea-ghuí ón eagarthóir don iar-úinéar laistigh.

An Crann Géagach .i. aistí agus mionsgéalta ó láimh Padraic Uí Chonaire (ar athláimh)

Clúdach crua. Riocht maith. Clúdaithe le clúdach breise déanta as páipéar donn. Cluas mór cait ar leathanach amháin. Nótaí scríofa isteach le peann luaidhe.

Measgra Dánta II (Miscellaneous Irish Poems) (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Thomas F. O’Rahilly. Cork University Press, 1927. Téaxaí Gaeilge as LSS – II., Cuid 2. Clúdach bog, i riocht cuibheasach caite. Clúdach éalaithe ón droim, smál agus dorchú ar an gclúdach agus ar chuid desna leathanaigh. Nótaí breactha ar na leathanaigh laistigh, ainm an iar-úinéara ar an leathanach teidil.

Oghma (ar athláimh)

Foilseacháin Oghma, 1989. Eagarthóirí: Seosamh Ó Murchú, Micheál Ó Cearúil, Antain Mag Shamhráin. Clúdach bog, riocht an-mhaith

Handbuch Des Alt-Irischen – Grammatik, Texte und Wörterbuch (ar athláimh)

An-chuid nótaí istigh ann le peann luaidhe glas, gorm agus dearg. An droim stróicthe. Smál ar an gclúdach agus codanna de ag titim de. Heidelberg 1909. Stampaí iarhleabharlainne air.

The Book of Dublinman Jokes (ar athláimh)

Y.M. Hughes. The Mercier Press, 1990. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Beagáinín deannaigh ar an chlúdach. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

An tAthair William Bathe, C.Í. 1564 – 1614 Ceannródaí sa Teangeolaíocht (ar athláimh)

Seán P. Ó Mathúna. Oifig an tSoláthair, 1980. Clúdach crua, forchlúdach leis. Riocht an-mhaith. Smál beag ar an bhforchlúdach ar cúl

Kilmainham (ar athláimh)

The Kilmainham Jail Restoration Society, 1966. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Dorchú agus smáil ar an chlúdach, cúinní beagáinín brúite. Spotaí ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil