Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Mediaeval and Modern Irish Series Volume V – Táin Bó Fraích (ar athláimh)

Mary E. Byrne, Myles Dillon. The Stationery Office, 1933. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith go leor. Clúdach beagáinín caite ar an imeall, smál air chomh maith. Dorchú ar na leathanaigh agus smál ar chuid d´øibh, ach iad ar fad inléite. Ainm an iar-úinéara taobh istigh.

Cnósach Gearr-Scéal (ar athláimh)

Risteárd Ó Foghludha. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais, 1934. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach, dath ídithe áit ina raibh greamán. Spotaí ar an taobh.

Smionagar i dteannta an fhíona (ar athláimh)

Riocht maith go ginearálta. Píosa beag damáiste ar an gclúdach ar an imeall.

Duanaire Nuafhilíochta (ar athláimh)

Frank O’Brien a chnuasaigh. An Clóchomhar Teoranta. 1969. Clúdach bog, riocht maith.

Ar Bhruach na Laoi (ar athláimh)

Liam Ó Muirthile. Comhar, 1995. Duaisleabhar Oireachtais. Clúdach bog, riocht maith. Smál agus roic ar an chlúdach. Ainm an iar-úinéara taobh istigh. Bloc téacs an-ghlan.

Laochra Luimnigh (ar athláimh)

Uí Dhálaigh Luimnigh agus Éirí Amach na Cásca 1916. Nóra de hÓir. Cló Saoirse, 2001. Leabhrán bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach.

Slán le Luimneach (ar athláimh)

Ciarán Ó Coigligh. Coiscéim, 1998. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Dúinne an Samhradh [1957] (ar athláimh)

Siobhán Ní Shúilleabháin. Fuair an scéal seo duais ar leith ag an Oireachtas a thairg Comhlucht Oideachais na hÉireann ar son scéil do dhaoine óga. Foilsithe ag Comhlucht Oideachais na hÉireann. Clúdach crua. An clúdach beagáinín caite ar an imeall. An bloc téacs an-glan. Ainm an iar-úinéara ar an leathanach teidil. ///Siobhán Ní Shuilleabháin. Hardback.…

Treasa Bheag don Aos Óg – Histoire de Ste Thérèse de l’enfant-Jésus (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis. Riocht an-mhaith. Léaráidí dubh agus bán.

Ó Rabharta go Mallmhuir (ar athláimh)

Seán ‘Ac Fhionnlaoich, Foilseacháin Náisiúnta Tta. An Chéad Chló, 1975. Forchlúdach caite, leabhar crua féin i riocht an-mhaith. Bloc téacs an-ghlan.

Trom agus Éadrom (ar athláimh)

Mícheál Breathnach. Comhlucht Oideachais na hÉireann. Clúdach bog, riocht caite. Smál agus breacphicitúir ar an chlúdach, cúinní lúbtha agus droim stróicthe. Breacphicitúir taobh istigh agus scríbhneoireacht ar na leathanaigh.

Preab san Aer (ar athláimh)

An Gúm/RTÉ, 1980. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith go leor. Smáil ar an chlúdach, poll sa droim. Bloc téacs an-ghlan.

Dánta céadbhliana Meán-Teastais (ar athláimh)

Leabhar bog, i riocht an-mhaith. Meirg an-bheag ar na stáplaí. Clúdach páipéir timpeall air.

An Piarsach Óg agus Conradh na Gaeilge (ar athláimh)

Frank O’Brien. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Smál ar an chlúdach agus meirg ar na stáplaí. Bloc téacs an-ghlan.

Línte Liombó (ar athláimh)

Seán Ó Ríordáin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló, 1971. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Riocht maith. Smál ar an bhforchlúdach plaisteach. Na leathanaigh an-ghlan.

The Meaning of the Famine (ar athláimh)

The Irish World Wide – History, Heritage, Identity Volume Six. The Meaning of Famine. Edited by Patrick O’Sullivan. Leicester University Press, 2000. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Crathadh an Phocáin (ar athláimh)

Seaghán Mhac Meanman. Oifig an tSoláthair. An Chéad Chló, 1955. Clúdach crua gan forchlúdach, riocht an-mhaith. Cúpla smál an-bheag ar an chlúdach. Dorchú ar na leathanaigh.

An Bealach Romhainn (ar athláimh)

Pádraig Ó Snodaigh. 1974, Clódhanna Teoranta. Leabhrán bog, riocht cuibheasach maith. Meirg bheag ar na stáplaí.

Línte Liombó (ar athláimh)

Seán Ó Ríordáin. Sáirséal agus Dill. An Chéad Chló, 1971. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Riocht an-mhaith. Ainm an iar-úinéara scríofa ar an leathanach ceangal.

Cluan Chiarain – The City of Ciaran (ar athláimh)

John Corkery, 1979. Clúdach bog, riocht maith go leor. Dath an chlúdaigh ídithe, smáil air. Na leathanaigh dorcha ach glan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil