Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Téarmaí Tráchtála (ar athláimh)

Oifig an tSoláthair, 1935. Clúdach bog, riocht maith. Dorchú ar an gclúdach agus ar leathanaigh. Smál ar an gclúdach agus ruachan air. Na leathanaigh glan, síniú an iar-úinéara laistigh.

Mían a chroídhe / Pádhraig Óg Ó Conaire (ar athláimh)

Smál ar an gclúdach, smál ar roinnt leathanach istigh. Níl aon mharcanna ná notaí ann. Damáiste beag do bileoga ceangal. Sa chló gaelach. 1922, An Gaedheal-Comhlucht Taighde um clódóireacht, foilsitheoireacht agus tráchtáil, Teo. Smál ar imeall na leathanach.

Tigheas (ar athláimh)

Ruth Binnie, Julia E. Boxall. Mícheál Ó Gríobhtha a d’aistrigh ón mBéarla. Oifig an tSoláthair. Aistriú é seo ar Hpusecraft, Principles and Practice.

An Cailín Aimsire Abú (ar athláimh)

Dráma grinn le Bháitéar Ó Maicín. An chéad chló 1953. Clúdach bog, Dath ídithe ar an gclúdach, smál air. Nótaí istigh ar chuid mhór de na leathanaigh sa chéad leath.

Iascaire Inse Tuile (ar athláimh)

Leagan Gaedhilge le ‘Máire’ an Pêcheur d’Islande. Oifig an tSoláthair, an chéad chló, 1952. Clúdach crua gan fhorchlúdach, i riocht maith. An dath ídithe ar an droim. Dorchú ar na leathanaigh. Síniú an iar-úinéara laistigh. Téacs sa tSeanchló.

Dánta 1966-1998 Michael Davitt (ar athláimh)

Michael Davitt. Coiscéim, 2004. Clúdach bog, riocht an-mhaith, nach mór nua.

Names for Love (ar athláimh)

Patrick Deeley. Dedalus, 1990. Clúdach bog, riocht iontach.

Scéalaíocht na Ríthe [crua, 1956] (ar athláimh)

Tomás Ó Floinn agus Proinsias Mac Cana a chuir in eagar. Micheál Mac Liammóir a mhaisigh. Sáirséál agus Dill. An Chéad Chló, 1956. Riocht maith. Smál ar an chlúdach agus tippex ar an droim. Dorchú ar imeall na leathanaigh.

Camchuairt Chonamara Theas (ar athláimh)

aistriúcháin Gaeilge a rinne Liam Mac Con Iomaire ar A Twisty Journey, Mapping South Connemara, Part 1-59 le Tim Robinson. Coiscéim, 2002. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Cúinne amháin lúbtha, cúpla smál ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Fiontán Ó Leathlobhair (ar athláimh)

Tomás Ó Néill. Cló Morainn, 1962. Clúdach bog. Smál ar an gclúdach. Ainm an iar-úinéara ar an leathanach teidil.

Iníon Rí Dhún Sobhairce (ar athláimh)

Séamus Ó Néill. Sáirséal agus Dill, 1975. Clúdach bog, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

Feardorcha Truaillidhe (ar athláimh)

Fardorougha the Miser. William Carleton. Aistrithe ag Seán Mac Maoláin. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais, 1933. Clúdach crua, le forchlúdach,. Riocht cuibheasach maith. An forchlúdach caite ar an imeall agus smál air. Stróicthe ar chúl. Dorchú agus spotaí ar an taobh. Na leathanaigh glan.

For a Celtic Future – A tribute to Alan Heusaff (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Cathal Ó Luain. The Celtic League. Clúdach bog, riocht maith. Marcanna/smál ar an chlúdach agus an dath ídithe.

Stair Éirghe-Amach na n-Éireannach i 1798 – An Dara Leabhar [oráiste] (ar athláimh)

Séarlas Hamilton Taoiling. Aistrithe ag Tadhg Ó Rabhartaigh. Oifig an tSoláthair, an chéad cló 1941. Clúdach crua, gan forchlúdach. Riocht maith. Dath ídithe in áiteanna agus cúpla marcanna ar an chlúdach. Dorchú ar na leathanaigh.

Fleurs-Du-Lit (ar athláimh)

Tom MacIntyre. Dedalus, 1990. Clúdach bog, riocht iontach.

Aiséirí an Icearais (ar athláimh)

Anraí Mac an Ultaigh. Coiscéim, 2004. Clúdach bog, riocht iontach.

Peann agus Dúch – Leabhar Ceapadóireachta Cuid a II (ar athláimh)

Máiréad Ní Ghráda. Brún agus Ó Nualláin Teoranta. 64lth. Clúdach bog. Meirg ar na stáplaí. Ruachan ar na leathanaigh.

Tír na nIongantas [glan] (ar athláimh)

Pádraic Ó Conaire. Powell Press, gan dáta. Clúdach bog, riocht maith go leor. Dath an chlúdaigh ídithe, roinnt smáil beaga air. Meirg ar na stáplaí. Bloc téacs an-ghlan.

Sean-Eoin (gan fhorchlúdach) (ar athláimh)

Clúdach crua, ganfhorchlúdach. Máirín Ní Chriagáin a scríobh, Tomás Ó Faoláin a d’aistrigh. Oifig an tSoláthair 1938, eagrán nua 1974. Jack B. Yeats a rinne na pictiúir. Smál ar an gclúdach.

The Book of Leinster, formerly Lebar na Núachongbála Vol. III [1957] (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis a bhfuil smál beag air agus é caite ar an imeall. Riocht an-mhaith.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil