Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

An Galar Dubhach (ar athláimh)

Máire Mhac an tSaoi. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1980. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna, roinnt smál beaga air. Beagáinín deannaigh ar an bhforchlúdach.

Machnamh Seanmhná (ar athláimh)

Peig Sayers a cheap. Máire Ní Chinnéide a chuir in eagar. Eagrán nua in eagar ag Pádraig Ua Maoileoin. Oifig an tSoláthair, 1980. Clúdach bog i riocht an-mhaith. Smál beag in áiteanna ar an gclúdach. Ruachan ar imeall na leathanach ar barr. Síniú an iar-úinéara laistigh.

An Bealach Romhainn (ar athláimh)

Pádraig Ó Snodaigh. 1974, Clódhanna Teoranta. Leabhrán bog, riocht cuibheasach maith. Meirg bheag ar na stáplaí.

Téarmaí Tráchtála [1935] (ar athláimh)

Clúdach bog. Ainm an iar-úinéara scríofa ar an leathanach teidil. Dath an chlúdaigh ídithe, na leathanaigh an-glan. Meirg ar na stáplaí.

Dúbhglas de h-Íde (1860-1949) (ar athláimh)

Náisiúnach Neamhspleách 1910-1949. Risteárd Ó Glaisne. Conradh na Gaeilge, 1993. Clúdach bog, riocht maith. Dath an droim ídithe, marcanna ar an chlúdach.

An Léann Eaglasta in Éirinn 1200-1900 (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Máirtín Mac Conmara. An Clóchomhar Tta., 1988. Clúdach crua, le forchlúdach. Dath ídithe ar chúl agus ar an droim. Leabhar crua i riocht an-mhaith. Cúpla spota beag ar an imeall ar barr.

Faill ar an bhFeart – Dráma Trí Ghníomh (ar athláimh)

Séamus Ó Néill. Sáirséal agus Dill, An Chéad Chló 1967. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach, i riocht an-mhaith. Smál beag agus dorchú ar imeall na leathanach. Bloc téacs an-ghlan. Síniú an iar-úinéara laistigh.

Dónall Ó Conaill (ar athláimh)

An tAthair Antaine Ó Duibhir. Oifig an tSoláthair, 1967. Clúdach crua le forchlúdach, i riocht cuibheasach maith. Forchlúdach stróicthe ar barr. Cnag ar an bhforchlúdach agus é caite ar an imeall. Smál ar na leathanaigh ceangail.

Tusa a Mhaicín (ar athláimh)

Clúdach crua. Fionn Mac Cumhaill. Comhlucht Oideachais na hÉireann. Riocht an-mhaith, marcanna déanta le peann luaidhe ar chuid de na leathanaigh.

Coillte an Cheoil (ar athláimh)

Séamus Ó Céilleachair. An chéad chló 1955. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais. Clúdach leathchrua le forchlúdach nach féidir baint. Dath an chlúdaigh ídithe. Na leathanaigh an-glan.

Scáthlán – Uimhir 1 (ar athláimh)

Iris Chumann Staire agus Seanchais Ghaoth Dobhair. 1980. Leabhrán bog, riocht maith.

Is é an Cárta an Comhartha (ar athláimh)

Cúrsaí polaitíochta na hÉireann i gcártaí poist. Deaglán Ó Máirtín. Coiscéim, 2008. Clúdach bog, riocht iontach.

Translittérature – Eté 2013 (ar athláimh)

Samhradh 2013, Uimh. 45. Leabhrán bog, riocht an-mhaith.

Guinness Book of Olympic Records (ar athláimh)

Norris and Ross McWhirter. Bantam Books, 1967. Clúdach bog, riocht maith go leor. Dorchú agus smáil ar an chlúdach. Spotaí ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Setting Foot on the Shores of Connemara & Other Writings (ar athláimh)

Tim Robinson. The Lilliput Press, 1996. Clúdach bog, riocht iontach. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna.

Na Cheithre Soisgéil as an dTiomna Nua (ar athláimh)

An tAthair Peadar Ua Laoghaire Canonach. Gan dáta, Brún agus Ó Nualláin Teor. Clúdach crua gan fhorchlúdach. I riocht an-mhaith, Barr agus bun an droma brúite beagáinín, críoch dearg ar imeall na leathanach ar fad. Síniú an iar-úinéara scríofa laistigh.

Orain Iain Luim – Songs of John MacDonald, Bard of Keppoch [1964] (ar athláimh)

Riocht maith. Dath ídithe ar an droim. Smál ar an chlúdach agus roc ar chúl. Cúpla spota ar an taobh agus ar an leathanach cheangal. Foilsithe ag Oliver & Boyd don Scottish Gaelic Texts Society. Dún Éideann. Eagraithe ag Annie M. Mackenzie, 1964.

Saoirse gan Só (ar athláimh)

Seán de Fréine. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta. Eagrán an Chlub Leabhar, an chéad chló 1960. Clúdach crua, an íomhá clóite ar an gclúdach. Níl forchlúdach leis. Riocht an-mhaith.

Gerald Goldberg: A Tribute (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Dermot Keogh agus Diarmuid Whelan. Mercier Press, 2008. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Caitheamh Aimsire ar Thórraimh [Cóip B – Marcanna] (ar athláimh)

Seán Ó Súilleabháin. An Clóchomhar tta., 1961. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Cúpla marc ar an chlúdach agus dath beagáinín ídithe.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil