Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Conradh na Gaeilge – Ardfheis 1975 (ar athláimh)

Béal Átha na Slua 18-20 Aibreán. Leabhrán bog, meirg ar na stáplaí, clúdach marcáilte agus dath ídithe air, ruachan air.

Cama-Shiúlta (ar athláimh)

Seán Ó hÉigeartaigh. An Clóchomhar Tta., 1964. Clúdach crua, gan forchlúdach. Dath an chlúdaigh ídithe, smál air, na himill beagáinín caite. Bloc téacs an-ghlan, dorchú ar na leathanaigh.

Gleann ar Ghleann (ar athláimh)

Michael Davitt. Sáirséal Ó Marcaigh, 1981. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith. Cúpla marc an-bheag ar an chlúdach. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

The Land of Wonders (ar athláimh)

Pádraic Ó Conaire. Aistrithe ag Eamonn Ó Neill. The Educational Company of Ireland, Limited. Clúdach bog, riocht maith go leor. Smáil ar an chlúdach agus na himill beagáinín caite. Ruachan ar na leathanaigh cheangail. Bloc téacs an-ghlan.

Scríobh 1 (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Seán Ó Mórdha. An Clóchomhar Tta, 1974. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach agus dath ídithe ar an imeall. Spotaí ar an taobh. Ainm an iar-úinéir scríofa taobh istigh.

Art in Ulster – 1 (ar athláimh)

Paintings, drawings,prints and sculpture for the last 400 hundred years to 1957 with biographies of the artists by Theo Snoddy. John Hewitt. Blackstaff Press, 1977. Clúdach bog le forchlúdach, riocht maith go leor. Céad cúpla leathanach scaoilte. Deannach ar an bhforchlúdach. Bloc téacs an-ghlan. Cúpla marc ar an taobh.

Literature in Irish – Gnéithe dár nDúchas / Aspects of Ireland 8 (ar athláimh)

Clúdach bog, riocht maith, na leathanaigh an-glan. An clúdach beagáinín caite. Published by the Department of Foreign Affairs, 1980.

Scáthlán – Uimhir 1 (ar athláimh)

Iris Chumann Staire agus Seanchais Ghaoth Dobhair. 1980. Leabhrán bog, riocht maith.

Éire – An Teagmháil Athnuaite Sin (ar athláimh)

Irlanda “quel riconfermato incontro”. Ireland “that reconfirmed encounter”. Mario Luzi. Istituto Italiano di Cultura, Dublino. 1993. Clúdach bog. riocht maith. Smál ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Corpus Iuris Hibernici Vol.II (ar athláimh)

Ad Fidem Codicum Manusciptorum Recognovit. D. A. Binchy. Tomus Secundus. Intitiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1978. Clúdach crua, riocht iontach. Cúpla marc beag ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Ceo Meala Lá Seaca (ar athláimh)

Micheál Mac Liammóir. Sáirséal agus Dill, 1972. Clúdach leathchrua, riocht maith. Beagáinín deannaigh agus roinnt smál ar an chlúdach. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Cion Fir (ar athláimh)

Aistí Thomáis Uí Fhloinn in Comhar. Comhar, 1997. Liam Prút (eag.). Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Fiche Duan (ar athláimh)

A selection of Gaelic Poems from the Best Modern Authors. Edited wth notes and vocabulary by Shán Ó Cuív. Fourth impression. Brún agus Ó Nóláin, gan dáta. Clúdach leathchrua, i riocht cuibheasach caite. An clúdach brúite is caite. Cúpla nóta breactha ar dhornán leathanach. Dorchú ar na leathanaigh. Síniú an iar-úinéara laistigh.

An Triail agus Breithiúnas (ar athláimh)

Máiréad Ní Ghráda. Oifig an tSoláthair, 1978. Clúdach crua, gan forchlúdach. Riocht an-mhaith. Smál ar an chlúdach agus dath an droma ídithe.

Republican Congress 1934 (ar athláimh)

George Gilmore. Dochas Co-Op Society Ltd. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach agus dorchú air.

Nuachúrsa Fraincise I (ar athláimh)

Albert Folens agus Donchadh Ó Céileachair. Sáirséal agus Dill, 1963. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht cuibheasach maith. Smál ar an chlúdach agus na cúinní lúbtha. Na leathanaigh an-ghlan.

Rogha Dánta (ar athláimh)

Máirtín Ó Direáin, 1949, sínithe, cóip uimhir 648 as 1200 cóip. Riocht maith, leabhar crua. Forchlúdach beag plaisteach leis, smál agus roic air. Dath imithe beagáinín ar cúinní an leabhar agus dorchú ar na leathanaigh cheangail. Bloc téacs i riocht an-mhaith.

Stairsheanchas Mhicil Chonraí (ar athláimh)

Clúach crua, forchlúdach leis, riocht maith.

Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach [1978] (ar athláimh)

Clúdach crua, riocht an-mhaith. Foilsithe ag Na Comhphobail Eorpacha.

Gearr-Scríobhadh na Gaedhilge (ar athláimh)

Pitman’s Shorthand Adapted to Gaelic. Seághan Mac hEnrigh. Sir Isaac Pitman agus a Chlann Mhac, Teo. Clúdach crua, gan forchlúdach. Riocht maith, smál ar an chlúdach. Spotaí ar an taobh agus na leathanaigh cheangail.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil